Imní mhór léirithe ag an gCoimisinéir Teanga faoi easpa dul chun cinn an rialtais maidir le plean náisiúnta don Ghaeilge

Ag labhairt dó os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inniu, dúirt Séamas Ó Concheannain go raibh baol mór ann ‘go bhfeicfear cliseadh córasach i bhfeidhmiú an Phlean Náisiúnta’

Imní mhór léirithe ag an gCoimisinéir Teanga faoi easpa dul chun cinn an rialtais maidir le plean náisiúnta don Ghaeilge

Tá imní mhór léirithe ag an gCoimisnéir Teanga gurb í an teip atá i ndán do phlean náisiúnta an rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí poiiblí i nGaeilge.

Deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheannain, go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon toradh fónta ar phlean náisiúnta an Rialtais cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus caighdeán na seirbhísí stáit a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt sé chomh maith nach bhfuil aon “fhianaise” ann go bhfuil “aon dul chun cinn” déanta ag an rialtas maidir le cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ar mhaithe lena sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.

Ag labhairt dó os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inniu, dúirt Ó Concheannain, go raibh baol mór ann “go bhfeicfear cliseadh córasach i bhfeidhmiú an Phlean Náisiúnta”.

Dúirt sé go raibh imní air gurb é an rud céanna a tharlódh don phlean náisiúnta is a tharla do chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí in aimhréidh ar feadh i bhfad sular cuireadh deireadh leis.

“D’fhéadfadh sé gurbh é an toradh céanna a bheadh ar an bPlean Náisiúnta ar deireadh agus an toradh a bhí ar chóras na scéimeanna teanga, córas, cuimhnígí, a bhí dírithe ar chur go mór le líon na seirbhísí poiblí a bhí ar fáil i nGaeilge.

“Is é sin, córas leathbhruite, scaoilte gan aon chomhordú náisiúnta a bhí i gcóras na scéimeanna teanga, agus tá toradh a easnaimh le féiceáil sna mantanna tromchúiseacha atá i seirbhísí poiblí i nGaeilge go fóill,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

An sprioc reachtúil atá ag an Rialtas ná gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí, ach léirigh an Coimisinéir amhras mór faoin sprioc sin.

Dúirt sé chomh maith gur fhág “an mhoill shuntasach” atá ar bhunú chóras na gcaighdeán teanga go bhfuil bunchloch Phlean Náisiúnta 2024 an Rialtais chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge “fós gan réiteach”.

Faoin reachtaíocht, tá córas na gcaighdeán le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach níl na dréachtchaighdeáin teanga foilsithe go fóill.

Deir oifigigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.

Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Bhí “folús” sa chóras poiblí d’uireasa na gcaighdeán.

“Is minic le comhlachtaí poiblí a bheith i dteagmháil le m’Oifig agus iad ag áiteamh go bhfuileadar ag feidhmiú i bhfolús cheal fhoilsiú chóras na gcaighdeán teanga agus gan treoir shonrach lárnach a bheith á fháil acu maidir le feidhmiú na forála earcaíochta 20%,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

“Níl aon fhianaise chrua á feiceáil ag m’Oifig i láthair na huaire, áfach, go bhfuil earcú foirne atá inniúil i nGaeilge chun críoch na forála earcaíochta 20% ag tarlú ar bhonn comhordaithe agus náisiúnta.”

Luaigh sé sampla amháin den easpa fianaise ar dhul chun cinn.

“Gan ach sampla praiticiúil amháin a lua, tuairiscíodh i dTuarascáil an Choiste Chomhairligh don tréimhse Meitheamh 2022 – Nollaig 2023 gur 411 iarratasóir a chuir isteach ar 7 gcomórtas lenar bhain riachtanas d’inniúlacht i nGaeilge a reáchtáil Poist Phoiblí don Státseirbhís i gcaitheamh 2022 agus 2023.

“Ar bhonn comparáide leis an mbliain ina dhiaidh sin, 2024, thuairiscigh an Coiste Comhairleach gur 205 iarratasóir a chuir isteach ar chomórtais Ghaeilge sa Státseirbhís.

“Dá réir sin ní féidir a ríomh ó na figiúirí go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ar earcú foirne atá inniúil i nGaeilge a fhad agus a bhaineann sé le comórtais earcaíochta na Státseirbhíse, cé go bhfuil an fhoráil earcaíochta 20% i bhfeidhm ó Mheitheamh 2022.”

Teastóidh níos mó comhoibrithe idir áisíneachtaí áirithe den stát chun na spriocanna teanga a bhaint amach.

Luaigh sé go háirithe Bord Ceannaireachta na Seirbhíse Poiblí (PSLB) a bunaíodh in 2018 chun an nuálaíocht a chur chunn cinn sa tseirbhís phoiblí agus an Rannán um Sheachadadh Claochlaithe Seirbhíse Poiblí (Public Service Transformation Delivery Unit) atá freagrach as pleanáil fórsa saothair na seirbhíse poiblí.

Dúirt an Coimisinéir nárbh léir go raibh aon bhaint ag na dreamanna sin le cur chun cinn an phlean náisiúnta d’fhorbairt seirbhísí poiblí i nGaeilge.

“Níl m’oifig tar éis aon fhianaise a fheiceáil, áfach, gur iarradh ar na páirtithe leasmhara náisiúnta seo ról ceannaireachta a ghlacadh i bhfeidhmiú na forála earcaíochta 20% i gcomhar leis an gCoiste Comhairleach a bhunaigh Aire na Gaeltachta i Meitheamh 2022 d’fhonn forbairt agus feidhmiú an Phlean Náisiúnta.

“Creidim go láidir gur chóir don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, trí fheidhmeanna an Choiste Chomhairligh, achainí a dhéanamh ar Bhord Ceannaireachta na Seirbhíse Poiblí (PSLB) agus ar na rannáin phleanála chuí laistigh den Roinn Caiteachais agus Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí a ngualainn a chur leis an gcéachta chun fíorú na forála eacraíochta 20% a chinntiú.”

Mura dtarlódh sin, a dúirt sé, “tá riosca mór ann dar liom go bhfeicfear cliseadh córasach i bhfeidhmiú an Phlean Náisiúnta i gcomhthéacs na gcuspóirí náisiúnta a leagadh síos dó i reachtaíocht na hÉireann”.

In ainneoin a amhrais faoin easpa dul chun cinn, dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh sé dóchasach go n-éireodh le Roinn na Gaeltachta dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a luaigh sé.

“Mar fhocal scoir, táim dóchasach gur féidir leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus leis gCoiste Comhairleach dul i ngleic leis na rioscaí suntasacha thuasluaite maidir le dea-fheidhmiú an Phlean Náisiúnta.

“Tá cinntí criticiúla le déanamh anois áfach maidir leis na socruithe cuí a chinnteoidh é sin a fheidhmiú gan tuilleadh moille.”

Fág freagra ar 'Imní mhór léirithe ag an gCoimisinéir Teanga faoi easpa dul chun cinn an rialtais maidir le plean náisiúnta don Ghaeilge'