Sara ragham ag caint ar thréithe agus ar easnaimh na bhfoirne sa dara cluiche leathcheannais uile Éireann inniu, b’fhéidir nár mhiste scagadh a dhéanamh ar roinnt figiúirí. 1-25 a scóráil Áth Cliath ina mbua ar an nGaillimh coicíos ó shin. Pointe níos lú, 0-27, a ghéill Ciarraí i gcoinne Thír Eoghain an oíche roimis sin. Ina sé chluiche go dtí seo sa chraobh, tá ceithre bháide géillte ag Ciarraí agus tá aon bháide dhéag géillte ag Áth Cliath i seacht gcluiche.
Duine is fiche atá tar éis scóráil do Chiarraí agus 5-39 aimsithe ag David Clifford fhéin. I gcás Átha Cliath, naoi nduine dhéag atá tar éis a marc a fhágáint agus is é Conn O’Callaghan a bpríomh-aimsitheoir le 4-25. Sé phointe an mheánbhearna a bhíonn idir Ciarraí agus a gcéilithe comhraic agus trí phointe farasbairr ar an meán atá ag Áth Cliath.
D’fhéadfainn leanúint orm go lá Pilib a’ Chleite le figiúirí agus a bhfuil le hinsint acu ach dar liom gurb é an figiúir is suntasaí ar fad ó shamhradh na bliana 2026 ag Áth Cliath ná an 16,160 duine a tháinig ag faire ar chluiche Átha Cliath agus an Lú i bPáirc an Chrócaigh díreach sé seachtaine ó shin.
Má ghlacaimid leis, bunaithe ar dhílseacht lucht leanúna an Lú, gur mionlach a bhí sna Dubs an lá úd i bPáirc an Chrócaigh agus más fíor a bhfuil á thuar, go mbeidh breis is 82,000 duine i láthair inniu, is geall le míorúilt é an aiséirí atá déanta ag na Dubs ó tháinig Ger Brennan thar n-ais ar an dtaobhlíne. Tá éirithe leo breith ar chuisle na cathrach arís agus na sluaite a bhí á dtreorú i dtreo Pháirc Parnell an mhí seo caite a mhealladh thar n-ais go hardeaglais na caide sa chathair.
Is geall le míorúilt eile é go bhfuil éirithe leo aird a sheachaint agus a dhíriú i dtreo Chiarraí beag beann ar líon na mbonn uile-Éireann atá buaite ag baill foirne ón dá thaobh. Más cruinn an t-eolas atá ar shuíomhanna idirlín an dá chontae, tá naoi mbonn is leathchéad (59) eatarthu ag na himreoirí atá ag dul chun páirce inniu ag Áth Cliath agus níos lú ná a leath san, ocht mbonn is fiche (28) ag na himreoirí a bheidh ag tosnú do Chiarraí.
B’fhéidir go bhfuil sé in am anois stad a chur leis an ngeamaireacht agus leis an nganfhiosaíocht atá ar bun idir an dá thaobh le laethanta beaga anuas agus díriú isteach ar na nithe atá tábhachtach agus a dhealóidh idir bris is bua inniu. Níl aon dá fhoireann sa tír a dheineann oiread anailíse ar chéilithe comhraic agus ní ag brath ar mhíorúiltí ná cluichí geamaireachta a bhíonn siad de ghnáth ach ar fhianaise agus ar fhaisnéis agus ar phátrúin imeartha a chur bunoscionn le hiontas gan choinne.
Bunaithe ar fhianaise na gcluichí ceathrú ceannais, tá mórán oibre le déanamh ag Ciarraí sa chosaint. Ní féidir a bheith ag súil leis gur féidir leo 0-27 a ghéilleadh aríst agus buachtaint.
Anuas ar an méid a géilleadh, ní féidir bheith dall ar na deich gcinn d’iarrachtaí amú a bhí ag Tír Eoghain ach an oiread. Níl sé soiléir le tamall go bhfuil córas cosanta docht daingean ag Ciarraí a thuilleadh. Níl aon fhoireann ag marcáil duine ar dhuine na laethanta seo ach b’fhéidir go bhfuil an iomarca den uainíocht is den tsealaíocht ar bun ag Ciarraí nuair a thagann sé go dtí dualgaisí an chosantóra. An fhadhb a bhíonn leis na córais ina mbíonn an cosantóir freagrach as an gcóras a chaomhnú ná ná fuil aoinne freagrach as an aidhm atá le córais chosanta astu féin ar dtús – scóranna a cheilt ar do chéile comhraic.
Deineadh ana-chaint ar ghaisce Darren McCurry Thír Eoghain coicíos ó shin agus é ag aimsiú 0-10 in imeacht fé bhun leathuair a chloig imeartha ach thosnaigh McCurry ag aimsiú na bpócaí spáis nuair a thosnaigh Eoin McElholm ag bogadh amach faoin bpáirc agus ag cruthú mearathal do chosantóirí Chiarraí. Cúis imní do Chiarraí é nár tógadh ceann den uisce a bhí á thógaint ar bord níos luaithe ná mar a deineadh. D’fhéadfadh imreoir ar nós Colm Basquel scrios a dhéanamh inniu lena leithéid sin d’éiginnteacht idir na línte cosanta.
Bhí an ceart ar fad ag Ger Brennan aird a dhíriú ina chuid cainte an tseachtain seo ar bháideoir Chiarraí, Shane Murphy. Ar an gcéad éachtaint ba dhóigh leat gur ag moladh Murphy a bhí sé agus an moladh san tuillte agus gan ach cúig cinn dá chiceanna amach nár slánaíodh. Ar an ndara héachtaint, áfach, is léir go bhfuil Brennan ag gríosú a chriú féin chun catha. Má cuirtear síol ina gceann mar gheall ar an gcúl báire seo atá do-chráite agus do-chiapaithe, cuirfidh na himreoirí rompu é an cúl báire céanna a chur dá bhuille. Beidh gach dearmad, gach tuaiplis agus gach cic amú ina bhua beag sa chath agus ná bíodh aon amhras ort ná go gcuirfidh Murphy cúpla cic amú. Ní haon iontas a fheabhas dúinne atá ag faire le blianta ar Murphy sa chúl lena chlub, na Crócaigh, ach is cúl báire leis é a fhanann rófhada leis an mbotún nuair a thagann sé.
Tá an fheirc san ann.
Cuir san áireamh anois go bhfuil Cnoc 16 dúisithe arís agus go mbeidh ar Murphy leath an chluiche a imirt os a gcomhair amach agus tuigfir an dúshlán atá roimis Chiarraí tráthnóna.
Níl Áth Cliath féin gan a ndúshláin lena gcúl báire féin agus níl ach roinnt seachtainí ann ó taibhsíodh dúinn gur rogha an dá dhíogha ab ea Evan Comerford tar éis do Hugh O’Sullivan ceithre chúl a scaoileadh thairis in aghaidh an Lú. Tá cuma na maitheasa agus na seasmhachta arís ar Comerford ach fós féin, níl uirlis amháin aige a bhí ag Niall Morgan coicís ó shin. Níl ar a chumas lascadh fada, teilgthe a chur dó thairis pé fáisc a deintear ar a chic amach. Má thagann an brú san ar a chic amach inniu, ní hamháin go bhfuil a fhios ag Ciarraí nach baol dóibh bheith curtha i leith a gcúil, ach tá a fhios ag Peadar Ó Cofaigh Byrne, Ciarán Kilkenny agus Brian Howard chomh maith é.
Caithfidh siad an chaid a lorg fé bhrú níos faide siar faoin bpáirc agus beidh iontas agus díomá ar thosaithe Chiarraí má beirtear amuigh rómhinic orthu leis an gcic amach gearr. B’fhéidir gur inniu an chéad lá i gceart le dhá bhliain go mbeidh na Dubs ag cáiseamh easnamh Bhrian Fenton.
Mar sin, agus gan ach trí fhoireann fágtha sa chraobh, cé leis a bheidh rith an ráis idir an dá sheana-namhaid? Tá na cúiseanna ann ón dá thaobh. Tá tochas gránna i mboilg na gCiarraíoch ó chluiche ceannais na bliana 2023 agus is tréan an chúis í sin.
Níl Áth Cliath ná Ger Brennan, go háirithe, gan chúis tar éis an tús achrannach a bhí aige féin le samhradh na bliana 2026. Ní féidir liom, áfach, éalú ón 16,160 duine a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar an lá deireanach de Bhealtaine i mbliana agus ón dtost marfach a bhí ag teacht ó Chnoc 16 agus ó champa Átha Cliath an lá úd.
Tar éis an íslithe céime sa tsraith, tar éis a dtreascartha i gcluiche ceannais Laighean agus tar éis an 4-18 a géilleadh in aghaidh an Lú, ba dhóigh leat go raibh a bport seinnte agus iad ar an dé deiridh. Tá gaisce déanta ag na Dubs lena n-aiséirí ach ní dóigh liom go bhfuil míorúilt amháin eile iontu.
Fág freagra ar 'Tá cuisle na cathrach aimsithe arís ag Áth Cliath, ach tá tochas gránna i mboilg na gCiarraíoch'