Fuíoll na bhfuíoll ag an bhFrainc chun tosaigh agus iad sa tóir ar áit sa chluiche ceannais arís

Imreoidh an Fhrainc agus an Spáinn sa chéad chluiche leathcheannais ag Corn an Domhain anocht agus aghaidh á tabhairt ar a chéile in Dallas ag beirt de na himreoirí is fearr ar domhan, Kylian Mbappe agus Lamine Yamal

Fuíoll na bhfuíoll ag an bhFrainc chun tosaigh agus iad sa tóir ar áit sa chluiche ceannais arís

An léamh simplí ar an gcéad chluiche leathcheannais i gCorn an Domhain ná gur coimhlint a bheidh againn in Dallas idir an fhoireann is fearr i mbun ionsaithe ag an gcomórtas, an Fhrainc, agus an fhoireann is fearr i mbun cosanta, an Spáinn.

D’fhéadfadh go bhfuil an scéal beagáinín níos casta ná sin, ach is fíor gurb iad an Fhrainc is mó a thug sásamh ó thosach an chomórtais don té ar geal leis foirne le cur chuige ionsaitheach cruthaitheach.

Bhainfeadh cuid de ghluaiseachtaí agus comhimirt a dtosaithe an anáil díot ach bíonn toradh ar an áilleacht chomh maith agus 16 cúl scóráilte go dtí seo ag Les Bleus. Bhí draíocht ag baint le himirt Kylian Mbappe, Michael Olise, Ousmane Dembele agus Desire Doue sna babhtaí ceathrú ceannais a d’fhág cuma liosta ar Mharacó, foireann a bhain áit amach sna cluichí leathcheannais in 2022.

Léiriú ar a láidre is atá tosaithe na Fraince gur dóigh gur ar an mbinse a thosóidh Bradley Barcola arís in aghaidh na Spáinne anocht.

Bí ag caint ar fhuíoll na bhfuíoll.

Tá ocht gcúl faighte ag Mbappe agus é gob ar ghob le Lionel Messi sa rás do ghradam an phríomhnaoscaire, ach tá duine de na tosaithe is fearr ar domhan ag an Spáinn chomh maith. Is léir, áfach, go bhfuil Lamine Yamal ag teacht chuige féin ó ghortú agus nach bhfuil sé go hiomlán ar a sheanléim go fóill. Má bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa anocht ní cás a rá go mbeidh seans i bhfad níos mó ag an Spáinn, ach fágann a gcóras láidir cosanta agus a gcumas seilbh na liathróide a choimeád go mbeidh sé i gcónaí deacair iad a chloí. Níl ach cúl amháin géillte acu go dtí seo, in aghaidh na Beilge sna babhtaí ceathrú ceannais.

An chúis is mó go mbeadh amhras ort fúithi ná nach raibh mórán croí ná brí iontu go dtí seo agus iad ar an ionsaí.

Tá ceithre chúl faighte ag Mikel Oyarzabal ach dá fheabhas é ní hé an scórálaí is bisiúla nó is nádúrtha ar domhan. Ag brath ar ghaiscí an fhir ionaid Mikel Merino a bhí La Roja in aghaidh na Beilge agus na Portaingéile agus beidh cinneadh le déanamh ag Luis de la Fuente an bhfágfaidh sé eisean ar an mbinse agus Dani Olmo a thosú arís.

Mar sin, arb í seo an fhoireann is fearr i mbun ionsaithe in aghaidh na foirne is fearr i mbun cosanta?

Mar a dúramar thuas, ní sé baileach chomh simplí sin.

Bhí tréimhsí i mbabhta na ngrúpaí go ndéarfá go raibh laigí sa Fhrainc ó thaobh cosanta de, ach níl aon chúl géillte acu sna trí chluiche díbeartha a bhí acu ó shin.

Tá cuma an-láidir ar Dayot Upamecano agus William Saliba i lár an aonaid chosanta agus cé go bhfuil níos mó saoirse ag an bhfoireann seo ná a bhí ag foirne eile na Fraince a bhí faoi stiúir Didier Deschamps níl sé i DNA an bhainisteora sin foireann a chur chun páirce nach mbeadh dea-eagraithe agus diongbháilte i mbun cosanta.

Tá ceithre cinn de na cúig chluiche dheireanacha idir na foirne seo buaite ag an Spáinn agus bhí bua 5-4 acu sa chluiche is déanaí eatarthu, sárchluiche i mbabhtaí leathcheannais Shraith na Náisiún inar scóráil Yamal dhá cheann de na cúil dóibh.

Ach d’fhéadfadh go bhfuil an luas agus an cumas ar an bhfrithionsaí ag an bhFrainc chun an ceann is fearr a fháil orthu an uair seo agus go mbeidh Les Bleus ag imirt sa chluiche ceannais ag a dtríú Corn an Domhain as a chéile.

Fág freagra ar 'Fuíoll na bhfuíoll ag an bhFrainc chun tosaigh agus iad sa tóir ar áit sa chluiche ceannais arís'