‘Tháinig fear trí thimpiste, cheap sé gur ceardlann cácaí torthaí a bhí ann’ – a céad dráma Gaeilge ag Alice Barry

Bhí saothar Kneecap i measc na rudaí a spreag an drámadóir Alice Barry le filleadh ar an nGaeilge. Labhair sí le Tuairisc faoina céad dráma Gaeilge

‘Tháinig fear trí thimpiste, cheap sé gur ceardlann cácaí torthaí a bhí ann’ – a céad dráma Gaeilge ag Alice Barry

Le hos cionn fiche bliain anuas, tá an drámadóir, aisteoir agus stiúrthóir Alice Barry ag scríobh agus ag léiriú drámaí agus á gcur ar stáitse ar fud na tíre. An tseachtain seo tabharfaidh sí a céad léiriú i nGaeilge, Cáca Milis, go Féile Liteartha Iarthar Chorcaí, dráma ina bhfuil an scéalaíocht, an chuimhne agus an bhácáil tugtha le chéile aici.

Is cóiriú Gaeilge é seo ar an dráma Fruitcake, a scríobh Barry agus atá ar camchuairt le scór bliain aici. Deir sí gur spreag an obair atá déanta ag an mbuíon rapála Kneecap í le filleadh ar an nGaeilge.

“Seo é mo chéad seó trí Ghaeilge. Tá spéis agam sa Ghaeilge arís le deireanas, feicim an obair iontach atá déanta ag Kneecap agus thug sé spreagadh dom. Cóiriú atá ann den dráma Fruitcake a rinne Mary McEvoy na blianta fada ó shin. Tá sé ar camchuairt againn le fiche bliain agus is í Féile na Bealtaine a choimisiúnaigh é an chéad lá riamh.”

Scríobh sí an leagan Gaeilge sa chaoi go mbeadh sé feiliúnach do dhaoine atá ag teacht ar ais chuig an nGaeilge, nó atá fiosrach faoi dhráma a fheiceáil trí Ghaeilge den chéad uair.

Tháinig an smaoineamh don leagan Gaeilge ón spéis nua atá ag Barry féin i labhairt na Gaeilge.

“Le deireanas tá suim á cur agam sa Ghaeilge agus í a labhairt. Scríobhadh an dráma ar dtús le dul isteach i dtithe altranais, agus bhí gá le scéalaíocht do dhaoine ar leibhéil éagsúla cumais. Bhí mé ag iarraidh an leagan seo a scríobh go sonrach do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge arís, nó á foghlaim den chéad uair.”

Dráma leathuaire atá ann a leanann an carachtar Doireann agus í ag cuimhneamh siar ar a saol agus ag taispeáint don lucht féachana conas cáca torthaí a dhéanamh ag an am céanna.

De réir mar a leagann sí amach na comhábhair don cháca, tagann cuimhní chuici agus í ag cuimhneamh siar ar a saol agus í ag fás aníos ar fheirm, áit a raibh cruatan, rúin teaghlaigh agus dúrún dúnmharaithe ann.

D’oibrigh Barry lena máthair, cainteoir líofa Gaeilge agus iarmhúinteoir bunscoile, ar an leagan Gaeilge. Bhí sí ag iarraidh an script a chóiriú is a chur in oiriúint don lucht féachana nua seachas an bunleagan a aistriú go díreach ón mBéarla.

“Ghearr mé siar é go 30 nóiméad agus scríobh muid é sa chaoi is go mbeinnse, nach bhfuil líofa, in ann é a thuiscint. D’oibrigh mé le mo mháthair, ar Gaeilgeoir í. Uaireanta bheadh abairt nó dhó aistrithe aici agus déarfainn léi, ‘Mam, ní thuigim focal de sin. An bhféadfaimis é a rá ar bhealach eile?’ Mar sin, d’oibrigh muid ar an téacs idir an bheirt againn. Ní aistriúchán díreach é.”

Thug an próiseas muinín do Barry féin as a cuid Gaeilge.

“Bhí iontas orm faoin mhéid Gaeilge a bhí fós i mo cheann. Caithfidh tú a bheith muiníneach agus an creideamh a bheith agat go bhfuil an Ghaeilge istigh ionat.”

D’éirigh go maith leis an léiriú go dtí seo, a deir sí.  Chuir sí ar stáitse é i rith Sheachtain na Gaeilge, agus tá an-spreagadh faighte aici ón mhéid atá cloiste aici ó dhaoine a chonaic an dráma. Shocraigh sí gan fotheidil a chur leis an dráma agus chuir sí béim ar an ngné fhísiúil de freisin, le go mbeadh daoine in ann an dráma a thuiscint, is cuma cén leibhéal tuisceana atá acu.

“Bhí fear amháin a tháinig agus a dúirt liom nach raibh aon Ghaeilge aige, ach dúirt sé go raibh sé in ann an dráma a leanúint go maith. Tháinig fear eile trí thimpiste, cheap sé gur ceardlann le cáca torthaí a dhéanamh a bhí ann. Agus is dóigh, ar bhealach amháin, gurbh ea!”

Tagann sé sin leis an bplean a bhí ag Barry don bhunleagan den dráma, go mbeadh sraitheanna éagsúla ann a d’oirfeadh do dhaoine ar leibhéil éagsúla cumais.

“Mar go mbeadh muid ag dul go tithe altranais, bhí daoine ar leibhéil éagsúla ó thaobh sláinte de agus mar sin de. Dá bhrí sin, ar leibhéal amháin, bhí an cáca á dhéanamh agus tá sé sin le feiceáil. Ansin, má tá níos mó tuisceana agat, faigheann tú gnéithe breise den scéal.”

Tar éis an léirithe tugtar cuireadh don lucht féachana fanacht ina dhiaidh le haghaidh cupán tae agus píosa cáca milis.

“Tá an bunleagan den dráma ar an mbóthar le fada agus, mar go bhfuil sé gairid, fanann daoine thart ina dhiaidh agus bíonn comhrá, caint agus cupán tae ag gach duine le chéile.

“Ní raibh aon bhrú ar dhaoine Gaeilge a labhairt, ach bhí fáilte rompu an Ghaeilge a bhí acu a úsáid. Bhí sé go hálainn, agus bhí na daoine a bhí ag iarraidh cúpla focal a labhairt ábalta é sin a dhéanamh.”

Beidh CÁCA MILIS ar stáitse i Ma Murphy’s i mBeanntraí ar an Déardaoin, 16 Iúil ag 7:00 i.n. Tuilleadh eolais anseo

Fág freagra ar '‘Tháinig fear trí thimpiste, cheap sé gur ceardlann cácaí torthaí a bhí ann’ – a céad dráma Gaeilge ag Alice Barry'