Ar na ceisteanna móra atá roimh an Aontas Eorpach le linn uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas, tá ceist na Síne ríthábhachtach. Is é croílár na ceiste an t-easnamh ollmhór i dtrádáil earraí an Aontais Eorpaigh leis an tSín, agus céard is féidir leis an Aontas a dhéanamh mar gheall air sin.
Maíonn Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin, go bhfuil na huirlisí ag an Aontas le brú a chur ar an tSín glacadh le hathchóiriú ar an scéal. Caint dhána, ach caint fhollasach leis.
Faoi láthair, de réir fhigiúirí an Aontais Eorpaigh, shroich an t-easnamh seo thart ar €360 billiún in 2025. Tháinig méadú suntasach ar allmhairí an Aontais Eorpaigh ón tSín thar na blianta, ach níor tháinig méadú comhionann ar onnmhairí, rud a d’fhág an bhearna shubstaintiúil seo.
Dar leis an Aontas go bhfuil an fhadhb seo ann mar gheall ar bheartais na Síne i leith na trádála, dearcadh a dhéanann neamhaird ar fad den easpa infheistíochta sa nuálaíocht, arb é an chúis i ndáiríre le meath na tionsclaíochta san AE.
Tá an tAE ag bagairt cogadh trádála mura n-athraíonn an tSín an polasaí trádála seo.
Go hiondúil i gcogadh trádála is í an tír a bhfuil an farasbarr aici a chailleann. Ach sa gcás seo tá cárta fíorláidir ag an tSín – sé sin go bhfuil an Eoraip ag brath ar an tSín i dtaobh a cuid slabhraí soláthair.
Mar shampla, thug smacht daingean na Síne ar chriostail neamhchoitianta, ar thearcithir agus ar tháirgí díorthaithe, uirlis don Uachtarán Xi chun iachall a chur ar Trump cúlú iomlán a dhéanamh óna chuid taraifí saoirse.
Thug Jian Junbo, stiúrthóir ar Ionad na gCaidreamh idir an tSín agus an Eoraip in Ollscoil Fudan i Shanghai, le fios dúinn le déanaí cén straitéis cúitimh a bheadh ag an tSín, dá mbeadh an tAE ag brú ar aghaidh leis na moltaí atá acu faoi láthair.
Is é an bunsmaoineamh ná nach ndéanfadh an tSín cúiteamh le buille mór amháin, ach trí fhreaga chéimnithe, ag tosú le bearta beachta cúitimh cómhalartacha. Áirítear ansin taraifí, caingean dlí, ach freisin srianta ar dhíol earraí tábhachtacha Síneacha. An smacht daingean ar chriostail neamhchoitianta atá i gceist aige ansin.
An dara pointe a rinne sé ná gur chóir don tSín a harmlann beartais trádála a neartú trí rialú a dhéanamh ar infheistíocht Shíneach thar lear.
Uimhir a trí aige, gur chóir don tSín iarracht a dhéanamh cloí le rialacha idirnáisiúnta ar fhóirdheontais agus ar thacaíocht stáit eile, chun stop a chur leis an leithscéal is mó atá ag dlínsí eile díriú ar an tSín.
Uimhir a ceathair: molann sé go mbeadh feachtas mealltach ag cuideachtaí Síneacha atá ag feidhmiú san Eoraip chun iad féin a chur in oiriúint do rialacháin Eorpacha – na cinn faoin bhfuinneamh glas go háirithe – agus chun feabhas a chur leis an gcomhoibriú leis an Eoraip.
Ach bheadh seachmall ar na hEorpaigh dá gceapfadh siad go stopfadh a gcuid pleananna meath na tionsclaíochta go draíochtúil. Mar mar thoradh ar chostas agus praghas amháin atá an easpa iomaíochais sin ann ach mar gheall ar an easpa infheistíochta sa nuálaíocht.
Tá meath na tionsclaíochta le feiceáil ar fud an Iarthair. Sa mBreatain, mar shampla, níl ach 9% den olltáirgeacht intíre [OTI] ag teacht ón déantúsaíocht anois. Mar an gcéanna sna Stáit Aontaithe. Tá an Ghearmáin fós ard i gcomparáid leosan ag 18%, ach tá sí ag meath, agus ag meath go tubaisteach atá tionscal gluaisteán na tíre sin, a bhíodh mar bhunchloch ag tionscail na Gearmáine agus mar sin ag tionscail an AE. Tionscal é atá á phlúchadh anois ag tionscal na Síne atá níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de.
Fágann ceannaireacht na Síne in earnáil na gcarranna leictreacha, i gcadhnraí agus i bhfeidhmiú na hintleachta saorga go bhfuil an Eoraip ag streachailt go mór taobh thiar di.
Níl aon chosúlacht ann faoi láthair go dtuigeann ceannairí na hEorpa nach fiú tráithnín a gcuid bagairtí i gcomparáid le greim na Síne ar na slabhraí soláthair. Agus is cinnte nach bhfuil smaoineamh dá laghad ag Éirinn, agus muid ag maíomh as a bheith inár n-uachtarán ar an Aontas faoi láthair.
Sea, tá long an Iarthair ag dul go tóin poill, ach ní féidir linn glacadh leis sin mar ní féidir linn smaoineamh taobh amuigh de bhosca cúng an Eorpachais agus an Atlantachais.
Fág freagra ar 'Tá an Eoraip i mbun bagairtí ach is ag an ag an tSín atá an chumhacht'