Tabharfaidh an gaileon is mó ar domhan, macasamhail gaileon traidisiúnta de chuid na Spáinne ón 17ú haois, cuairt inniu ar bhá Mhullach Dearg i nGaeltacht Dhún na nGall.
Tá an Galeón Andalucia, ag seoladh timpeall na hEorpa i mbliana chun comóradh a dhéanamh ar an 1,100 Spáinneach a cailleadh nuair a chuaigh trí long de chuid Armáid na Spáinne go tóin poill i 1588.
Go dtí seo, tá cuairt tugtha ag an long ceithre chrann atá 50 méadar ar fad, ar uiscí an Fheabhail i gContae Dhoire, ar chuan Shligigh agus anois beidh sí ag seoladh ó thuaidh thart ar bheanna arda Shliabh Liag chomh fada le bá Mhullach Dearg.
Ach ní de thaisme go bhfuil an long mhór seo ag déanamh ar chósta chreagach iarthuaisceart Dhún na nGall, mar is ann a tharla taisme thubaisteach blianta fada ó shin, nuair a chuaigh long de chuid Armáid na Spáinne go tóin poill i mbá Mhullach Dearg, i mí Mheán Fómhair 1588.
Boilg a nochtann ag lom trá i mbá Mhullach Dearg ba chúis leis an taisme agus go dtí an lá atá inniu ann tugtar ‘Carraig na Spáinneach’ uirthi.
Dar le Séimi Ó Dubhthaigh, fear as an áit a bhfuil neart taighde déanta aige ar an ábhar seo, sheol Armáid na Spáinne, agus iad ag déanamh ar an Spáinn, thart ar Albain agus Éirinn chun éalú ó Chabhlach na Breataine i ndiaidh cathanna i Muir nIocht.
Deirtear gur chuir stoirmeacha an gheimhridh sa bhliain 1588, isteach go mór ar an chúrsa a bhí leagtha amach ag na Spáinnigh agus gurbh éigean dóibh theacht i dtír ag lorg tearmainn.
Nuair a nocht bhá Mhullach Dearg, bheartaigh siad seoladh isteach sa bhá ach ar an drochuair, bhuail siad an t-aon bhoilg sa bhá.
De réir taifid a rinneadh ar sheanchas na háite, deirtear gur ghlac Eoghan Mac Suibhne, ceann fine ag Port an Chaisleáin atá buailte ar an Chloch Ghlas, isteach na Spáinnigh chun iad a chosaint.
Thug na Spáinnigh a mhair, traenáil mhíleata d’fhórsaí Thír Chonaill a fuair an bua in éadan na Sasanach i mBéal Átha Seanaidh i 1597. Cuireadh na Spáinnigh a fuair bás i gcré na cille, i reilig Chill Feic.
Tá súil leis an long mhór a bheith ag snámh i mbá Mhullach Dearg in Anagaire thart ar 2.30pm ar an Luan beag seo agus beidh deis ag an phobal súil a chaitheamh uirthi ó áiteacha áirithe ar an chósta.
Fág freagra ar 'An gaileon is mó ar domhan chun cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall'