Tá fainic á cur orainn ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres go bhfuil anord na haeráide “ag géarú go han-ghasta os comhair ár gcuid súl”.
Rinne Guteres a chuid cainte tráth a bhfuil rabhadh dearg teasa i bhfeidhm i réimsí móra de dheisceart agus d’iarthar na hEorpa agus maidhm teasa chéadach ag déanamh a bealaigh trasna na mór-roinne.
Tá rabhadh buí ardteochta i bhfeidhm anseo in Éirinn go dtí a 9.00am Dé hAoine agus é á thuar go mbeidh an Déardaoin ar an lá is teo agus an teocht chomh hard le 30 céim Celsius.
Tá na heagraíochtaí tarrthála agus sábháilteachta, an Garda Cósta, Institiúid Náisiúnta na mBád Tarrthála agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann, ag iarraidh ar an bpobal a bheith fíorchúramach agus iad in aice an uisce sa mbrothall agus iad féin agus a gcúram a choinneáil slán sábháilte.
Mhol Stiúrthóireacht Náisiúnta Dóiteáin agus Seirbhísí Éigeandála do dhaoine a bheith ar an airdeall agus iad ag baint sásamh as an dea-aimsir. Dúirt siad gur chóir do dhaoine na réamhchúraim chearta a dhéanamh le déileáil leis an teas, stoirmeacha toirní agus tuilte logánta.
Tuairiscítear gur bádh dhá scór duine sa bhFrainc agus iad ag snámh in áiteanna nach raibh aon mhaoirseacht orthu agus iad ag iarraidh fuarú a fháil ón mbrothall mínádúrtha.
Tá sé ráite ag seirbhís aimsire na Fraince, Météo-France, go bhfuil foláireamh dearg teasa i bhfeidhm i 54 département, sin thart ar leath den tír ar fad, agus an teas marfach sna réigiúin sin “meirbh agus tuirsiúil” agus teocht chomh hard le 43 céim Celsius á tuar ansin. De bharr an teaspaigh seo, tá thart ar 1,350 scoil sa tír sin dúnta agus b’éigean Túr Eiffel a dhúnadh inniu agus é ina thine bhruite i bPáras.
Tá aire sláinte na hIodáile tar éis rabhadh dearg aimsire a fhógairt i 15 cathair sa tír sin, Milano agus an Róimh ar phéire acu.
Is amhlaidh an cás sa Spáinn inniu agus foláireamh teasa i bhfeidhm don tír ar fad beagnach agus fógra dearg in áiteanna áirithe ina bhfuil “contúirt an-mhór”.
Cé gur annamh a tharlaíonn sé ansin tá Oifig Aimsire na Ríochta Aontaithe tar éis rabhadh dearg deargtheasa a fhógairt óna naoi a chlog maidin Dé Céadaoin go dtí a naoi a chlog oíche Déardaoin in áiteanna i ndeisceart Shasana, i Lár Tíre agus i ndeisceart na Breataine Bige.
Is ionann rabhadh dearg aimsire agus a rá go bhfuil baol ann go mbeidh aimsir chontúirteach ann a d’fhéadfadh beatha daoine a chur i mbaol.
Patrún aimsire ar a dtugann na heolaithe bloc omega is siocair leis an tonn teasa is deireanaí seo in iarthar na hEorpa. Baisteadh an t-ainm sin air mar gur ionann a chruth agus an litir Ghréagach, an omega Ω. Is amhlaidh atá boilsc d’aer te sáinnithe idir dhá chóras brú atá níos fuaire.
Tugtar bloc ar an bpatrún seo mar go bhfuil an ceantar ardbhrú sáinnithe nó blocáilte eatarthu. De ghnáth crochann an scairdsruth leis soir go seasta na córais ón iarthar go dtí an t-oirthear. Ach nuair a tharlaíonn bloc omega mar atá againn faoi láthair, cuirtear as don sruth sin agus lúbann sé go tobann ó thuaidh agus ó dheas agus sáinnítear na córais bhrú istigh.
Sa gceantar ardbhrú sa lár, éiríonn an aimsir te agus tirim. Ní ligeann an t-ardbhrú d’aon scamall bailiú agus fágann sin go mbíonn an spéir glan grianmhar agus ligeann sin don teocht ardú.
Tá sé léirithe ag eolaithe gur comhartha iad na tonnta teasa níos coitianta seo go bhfuil téamh domhanda ag tarlú agus gur in olcas a ghabhfas cúrsaí, go mbeidh na tonnta teasa seo againn níos minice, go mbeidh siad níos teo agus go seasfaidh siad níos faide.
Níl eolaithe ar aon fhocal go fóill faoin gcaoi a bhfuil an téamh domhanda ag dul i bhfeidhm ar a mhinice agus a tharlaíonn blocanna mar an ceann seo.
Deirtear go bhfuil an pláinéad seo 1.3 céim Celsius níos teo ná mar a bhí sa ré réamhthionsclaíoch agus gur astaíochtaí ceaptha teasa is siocair leis sin agus a bhformhór tagtha ó dhó breoslaí iontaise – gual, ola agus gás.
Fág freagra ar 'Anord na haeráide ‘ag géarú go han-ghasta os comhair ár gcuid súl’ agus maidhm teasa chéadach ag déanamh a bealaigh trasna na mór-roinne'