Deir an tAire Dara Calleary go gcaithfear a bheith “réalaíoch” maidir leis an gcosaint a thugtar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa gcóras pleanála.
Bhí plé sa Dáil an tseachtain seo ar an dréachtráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht a d’fhoilsigh an rialtas le gairid agus cé gur dhúirt Aire na Gaeltachta go bhfuil “obair le déanamh ar an dréachtráiteas,” mhaígh sé go gcaithfí cothrom na Féinne a thabhairt chomh maith do dhaoine ón nGaeltacht nach raibh aon Ghaeilge acu.
“Tá mé ag iarraidh go mbeadh daoine ina gcónaí in áiteanna gurb í an Ghaeilge teanga an phobail agus gur féidir leo a dteaghlach a thógáil [le Gaeilge]…Tá mé ag iarraidh go mbeadh gach gné de phobal rathúil curtha in áit. Caithfidh mé a a bheith réalaíoch chomh maith.”
Dúirt an tAire go rabhthas ag iarraidh seans a thabhairt do chainteoirí Gaeilge bogadh chun na Gaeltachta ach go gcaithfí ceart a thabhairt do dhaoine ón nGaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu cónaí ina gceantar féin chomh maith.
“Tá muid ag iarraidh balance a shroicheadh idir na daoine le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh isteach go dtí an Ghaeltacht chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus na daoine as ceantair Ghaeltachta nach bhfuil Gaeilge acu,” arsa an tAire Calleary, a dúirt freisin nach raibh sé ag iarraidh tuilleadh tithe saoire a fheiceáil sa nGaeltacht.
“Tá mé ag iarraidh go mbeidh daoine ina gcónaí sna háiteanna Gaeltachta seo, go háirithe daoine le Gaeilge.”
Faoi dhréachtráiteas an rialtais, is tréimhse cúig bliana seachas deich mbliana a chaithfidh an cainteoir Gaeilge cónaí i gceantar Gaeltachta chun riachtanas áitiúil tithíochta a chruthú. Deirtear chomh maith sa ráiteas go mbeidh cead ‘saorghluaiseachta’ ag cainteoirí Gaeilge Gaeltachta idir ceantair éagsúla Gaeltachta.
Cé go bhfuil fáilte curtha roimh ghnéithe áirithe den ráiteas, tá imní léirithe ag grúpaí feachtais agus polaiteoirí nach bhfuil cuid dá bhfuil beartaithe sách láidir agus go bhfuil coinníollacha teanga eile déanta níos laige.
An treoir do chomhairlí contae atá sa ráiteas coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí. I bhformhór na gceantar Gaeltachta, laghdú ar chéatadán na dtithe i bhforbairtí tithe a chaithfí a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge an toradh a bheadh ar an gcur chuige nua.
Dúirt Calleary go dtuigeann sé na buarthaí atá léirithe ag leithéidí Chonradh na Gaeilge agus Bánú, ach deir sé nach bhfuil “aon chaighdeán náisiúnta” á cur i bhfeidhm faoi láthair agus go n-athróidh an ráiteas an méid sin.
“Athraíonn sé ó údarás áitiúil go húdarás áitiúil. Táimid ag iarraidh caighdeán náisiúnta a chur air.”
Dúirt sé chomh maith go raibh amhras air an raibh coinníollacha teanga á gcur i bhfeidhm gach áit agus go gcaithfí dul i ngleic le ceist na monatóireachta agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha amach anseo.
“Cé go bhfuil na coinníollacha ann, an bhfuil na cainteoirí ann? Tá sé tábhachtach é sin a scrúdú freisin,” a dúirt an tAire. B’fhéidir go bhfuil obair le déanamh againn air sin. Tá na coinníollacha pleanála ann ach an bhfuil daoine ag úsáid na Gaeilge tar éis bogadh isteach?”
Dúirt an Teachta Dála ó Shinn Féin Conor D. McGuinness gur “baineadh siar” as grúpaí feachtais agus as polaiteoirí an fhreasúra nuair a chonaiceadar a laghad a bhí sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála ó thaobh na Gaeltachta de.
Dúirt McGuinness go raibh an chuma ar an ráiteas gur caitheadh le chéile faoi dheifir é agus go raibh neamhaird déanta ar na haighneachtaí agus ar an bplé uile a rinneadh faoi i dTeach Laighean.
“I dtaobh cúrsaí Gaeltachta, ní aontaím leis an Aire in aon chor go bhfuil dearcadh nó aighneachtaí na ndreamanna éagsúla atá ag obair sa spás seo iniata leis an gcáipéis seo. Is léir go ndearna an Roinn agus an bheirt Airí sa Roinn Tithíochta neamhaird air sin.”
Thagair McGuinness d’úsáid staitisticí ó dhaonáireamh 2016 do líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht in ionad na bhfigiúirí is déanaí ó dhaonáireamh 2022.
Dúirt comhghleacaí McGuinness ó Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, nár chóir go mbeadh an stát riamh ag cur coinníollacha i bhfeidhm a d’fhágfadh go mbeadh níos lú ná 50% de thithe i bhforbairtí tithíochta sa nGaeltacht curtha ar leataobh do chainteoirí Gaeilge, mar a tharlódh faoin dréachtráiteas.
Dúirt an tAire Calleary go raibh sé sásta oibriú leis na Teachtaí agus le grúpaí eile ar an dréachtráiteas. Dúirt sé go raibh sé le bualadh le Conradh na Gaeilge an mhí seo chun é a phlé, ach dúirt sé freisin gur ar an Aire Tithíochta atá an phríomhfhreagracht maidir leis an gceist.
Fág freagra ar '‘Cé go bhfuil na coinníollacha ann, an bhfuil na cainteoirí ann?’ – cúrsaí pleanála pléite ag Aire na Gaeltachta sa Dáil'