D’fhéadfaí an Intleacht Shaorga a úsáid le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart, dar leis an gCoimisinéir Gaeilge Pól Deeds.
Dúirt Deeds in agallamh ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo gur léir go bhfuil cuid de na húdaráis phoiblí sa Tuaisceart “buartha” faoin “mbrú” atá orthu seirbhísí a chur ar fáil ach go bhfuil “bealaí nua ar fáil” lena leithéid a dhéanamh.
“Bhí siad ag rá nach bhfuil an t-airgead acu cheana féin na dualgais atá orthu faoi láthair a sholáthar. Agus tuigim sin, tá daoine faoi bhrú ar fud na sochaí anseo, sa réimse poiblí go háirithe, agus tá ganntanas maoinithe ann, tuigim dóibh,” a dúirt Deeds.
Dúirt sé go bhfuil air féin a bheith ag plé le ganntanas maoinithe agus go gcaithfidh sé a bheith airdeallach ar an gceist agus na caighdeáin teanga atá á ndréachtú agus á réiteach ag a oifig. Dúirt sé go gcaithfeadh sé iarracht a dhéanamh gan “ualach mór” oibre a leagan ar na húdaráis phoiblí nuair a fhoilseofar na caighdeáin nua.
“Is buairt mhaith í sin, tuigim go bhfuil siad faoi bhrú. Cibé rud a chuirim sna caighdeáin, beidh orm mo dhícheall a dhéanamh gan ualach mór obair bhreise ná ualach mór caiteachais a chur [ar na húdaráis phoiblí] leis na caighdeáin.
“Tá bealaí nua ar fáil dúinn, mar is eol do chách, trí Intleacht Shaorga, rudaí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar bhealach i bhfad níos fearr ná mar a bhí ar fáil dúinn cúpla bliain ó shin,” a dúirt sé.
Mhaígh Deeds go bhfuil “dul chun cinn suntasach” déanta in earnáil na hintleachta saorga le bliain anuas nó mar sin agus go bhfágann an fhorbairt sin bealaí ag an Tionól agus ag an bhFeidhmeannas ó thuaidh “tacú leis na húdaráis phoiblí seirbhísí úra nó seirbhísí atá leasaithe” a chur ar fáil “le go mbeidh pobal na Gaeilge ag fáil soláthar níos fearr ná mar a bhí siad a fháil go dtí seo”.
Dúirt an Coimisinéir Gaeilge go bhfuil a oifig ag “tús aistir” faoi láthair agus go bhfuil “tréimhse úr” roimh an bhfoireann sna míonna amach romhainn agus na caighdeáin teanga á réiteach.
“Tá muid féin uilig ag teacht le chéile go hinmheánach leis an dréachtú seo a dhéanamh. Tá mé ag caint ar obair throm ansin le sin a dhéanamh taobh istigh den amlíne. Tá mé ag iarraidh na caighdeáin seo a bheith réidh faoi dheireadh na bliana,” a dúirt sé.
Caithfidh Oifig an Choimisinéara Gaeilge na caighdeáin teanga a dhréachtú, a chur trí phróiseas comhairliúcháin poiblí, agus faomhadh an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a fháil sula mbeidh feidhm dlí acu.
“Caithfidh [Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly] aontú leo sular féidir leo iad a fhoilsiú, agus ní bheidh stádas dlí ar bith ag na caighdeáin mura bhfuil siad foilsithe. Tá obair le déanamh ansin leis na páirtithe sin [Sinn Féin agus an DUP] agus leis an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a choinneáil ar bord chomh maith,” a dúirt Deeds.
Beidh an Coimisinéir Gaeilge, Coimisinéir Breatnaise na Breataine Bige, Efa Gruffudd Jones; an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn; agus an Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach, Lee Reynolds, i láthair ag comhdháil lae atá á reáchtáil inniu in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.
Beidh na coimisinéirí teanga ag déanamh iniúchadh ar chaighdeáin reachtúla, oibleagáidí seirbhísí poiblí, cearta teanga an agus dea-chleachtas in údaráis phoiblí ó thaobh mionteangacha.
Pléifear ag an gcomhdháil freisin an cur chuige idirnáisiúnta maidir le reachtaíocht teanga, comhlíonadh na reachtaíochta agus cur chun cinn na gceart teanga. Beidh ionadaithe ó na húdaráis phoiblí ó thuaidh ag freastal ar an ócáid agus beidh seisiúin do lucht freastail na comhdhála ann i ndiaidh na gcainteanna ar fad ina mbeidh deis ceisteanna a phlé i ngrúpaí beaga.
Fág freagra ar 'An Intleacht Shaorga molta ag an gCoimisinéir Gaeilge d’údaráis phoiblí'