Lámhscríbhinní Gaeilge díolta ar €20,000 i gceant

Bailiúchán a chuir an scoláire Gaeilge as Dún Dealgan Matthew Moore Graham le chéile a díoladh ar ceant i dtigh Purcell in Uíbh Fhailí inné

Lámhscríbhinní Gaeilge díolta ar €20,000 i gceant

Díoladh ar ceant in Uíbh Fhailí inné bailiúchán lámhscríbhinní Gaeilge ar €20,000 – i bhfad os cionn an €2,000 a bhíothas a lorg lena n-aghaidh.

Díoladh ag an gceant céanna clóscríobhán Gaelach a rinne an comhlacht General Typewriter i gcontae Chorcaí. Litreacha sa seanchló Gaelach a bhuailtear ar an gclóscríobhán agus is féidir sínte fada agus litreacha buailte nó séimhithe a scríobh leis. Bhíothas ag lorg €100 ar an meaisín ach fuarthas €1,500 sa deireadh air.

Irish tales collected from the Best authors now extant is teideal don bhailiúchán lámhscríbhinní a chuir an scoláire Matthew Moore Graham – nó Mata Mórdha ua Graeme – le chéile sa bhliain 1835.

Innealtóir a bhí in Graham a bhain cáil amach i measc aos acadúil na Gaeilge de bharr na n-aistriúchán a rinne sé ar fhilíocht na Gaeilge. Foilsíodh a leabhar The Giantess, from the Irish of Oisín, and The War of Donomore, with other poems and translations descriptive of Irish scenery sa bhliain 1833.

Bailitheoir lámhscríbhinní a bhí ann agus bhí bosca mór de na lámhscríbhinní a bhí bailithe aige ag a iníon i dteach ósta a bhí aici gar do Dhún Dealgan. Dhóigh cailín aimsire a bhí ag obair di go leor acu mar ábhar tine agus ní raibh fanta sa bhosca ach dosaen nuair a d’iarr an scoláire Énrí Ó Muirgheasa ar a iníon iad ag tús an chéid seo caite.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Macháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, le Tuairisc go bhfuil an bailiúchán lámhscríbhinní a díoladh inné “luachmhar ó thaobh an chultúir” de ach go raibh “ionadh” air faoin bpraghas a íocadh air.

“Tá sé luachmhar ó thaobh an chultúir de, bhí sé an-ilghnéitheach mar bhailiúchán, agus bheadh suim ag daoine sa duine sin Graeme. Ar an mbonn sin, ní chuirfeadh sé iontas orm dá raghadh sé chomh fada le €10,000 ach is mór an méid é an €20,000 a íocadh air.

“Bhí baint ag Graeme le gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh, cabhraíonn sé sin leis an tsuim a chuirfeadh daoine ann. Cuireann sé iontas orm go ndeachaigh [an ceant] chomh hard sin. Pé duine a thug an t-airgead sin air, tá sé tábhachtach go bhfanfadh an bailiúchán sa tír,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Macháin go bhfuil súil aige féin gur institiúid seachas duine príobháideach a cheannaigh an bailiúchán lámhscríbhinní ach go bhfuil daoine príobháideacha ag ceannach a leithéid de rud ar na saolta seo.

“Más institiúid a cheannaigh, táimid slán, ach más duine príobháideach é ba thrua é mura mbeadh sé ar fáil. Bíonn pragas ard ar rudaí mar sin na laethanta seo. Díoladh rud i Sasana le déanaí nach raibh aon tábhacht leis in aon chor, ach d’imigh sé ar £20,000.

“Is ionadh liom go mbeadh an t-airgead sin ag duine. Tá bailitheoirí ann agus de ghnáth le bailitheoirí Gaelainne, bíonn siad toiliúil a bhfuil acu ina leabharlann phearsanta féin a chur ar fáil dúinn, agus b’fhéidir gurbh in a tharlódh sa chás seo chomh maith.

“An rud is tábhachtaí ná nach n-imeoidh rud mar seo ar bóiléagar agus go gcaillfí é. Tharla sé dúinn cheana, leabhar a raibh tábhacht leis a d’imigh isteach i mbailiúchán príobháideach agus a cailleadh,” a dúirt sé.

Tá cuid de lámhscríbhinní Graham i Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann agus tá cinn eile i Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá micreascannáin dá Gaelic Manuscripts sa Leabharlann Náisiúnta chomh maith.

Bhí 226 lámhscríbhinn sa mbailiúchán a díoladh i gceant an lae inné agus iad ceangailte faoi chlúdach leathair. I measc na n-ábhar a bhí ann bhí saothar de chuid Chearbhaill Uí Dhálaigh, an aoir cháiliúil Bean na dTrí mBó, agus comhfhreagras leis an Hibernian Celtic Athenaeum.

Fág freagra ar 'Lámhscríbhinní Gaeilge díolta ar €20,000 i gceant'