Ag breith ar an traein ar eagla Saddam Hussein

Is fiú a bheith in am don traein cé nach é deireadh an domhain i gcónaí é má chailleann tú í

Ag breith ar an traein ar eagla Saddam Hussein

Bhí coinne agam an lá cheana le Patsy McGarry chun Féile Ealaíne Bhealach a’Doirín a phlé. Bhí gach rud ag dul ar aghaidh go maith go dtí gur luaigh mé stad an bhus Tigh Teddy Solan i lár an bhaile sin.

‘Nár chuala tú gur athraigh Bus Éireann an stad?’ a d’fhiafraigh sé. ‘Tá sé thíos i Sráid an Phuint anois.’  Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil mise chomh heolach is atá an saol mór ach dar liomsa  gurbh aisteach an t-athrú é sin. Nach raibh Tigh Solan suite ar an gCearnóg agus radharc ar an stad ó gach taobh? Bheadh duine in ann a chupán tae Tigh Durkin a chríochnú agus rith amach chuig an mbus nuair a chonaic sé ag teacht é.

Bhí píosa scríofa ag Patsy faoi san Irish Times. Tá a uimhir féin ag an mbus ó Bhaile Átha Cliath – uimh 22. Agus bíonn seisean (Patsy) ag brath air chun é a iompar ó Bhealach a’Doirín go dtí an phríomhchathair. Ach mo léan, ó athraíodh an stad tá mearbhall ar dhaoine faoi cá bhfuil an stad go díreach agus is léir nach mbíonn na tiománaithe bus go hiomlán ar an eolas ach an oiread. Fágadh daoine go minic ar thaobh an bhóthair.

Bhí scéal ag Patsy faoi dhuine a thug síob dhó nuair ba léir go raibh an bus taibhsiúil imithe ar thuras mistéireach nár thug go dtí an stad i mBealach a’Doirin é. Bhí scéalta aige faoi dhaoine a chaill coinne le dochtúir nó leis an ospidéal, agus daoine a bhí mall ag an aerfort, fiú. Ní mór an chabhair a fuair éinne acu ó na húdaráis nuair a rinneadar casaoid faoi, ach an oiread.

Bhí cara liom féin blianta ó shin a raibh de cháil uirthi go mbíodh sí an-mhall le haghaidh cruinnithe, le haghaidh busanna saoire, coirmeacha ceoil agus tuilleadh. Leaindeáil sí lá amháin ag Stáisiún Traenach Ceannt i nGaillimh agus bhí an traein díreach bailithe amach as an stáisiún.

Ba bheag nár thosaigh sí ag caoineadh.

Ghlac an Máistir Stáisiún trua di agus dúirt léi go ndéanfadh sé iarracht breith ar an traein ag Stáisiún Bhaile Átha an Rí, má bhí sise sásta dul sa seans in éindí leis. Bhí sí.

Ní raibh aon mhótarbhealach ann ag an am agus amach leo, soir an bóthar go hÓrán Mór agus ina dhiaidh sin go Baile Átha an Rí. Toisc gurbh é an Máistir Stáisiúin é bhí sé d’údarás aige an traein a stopadh. Chuir sé scéala ag an tiománaí go raibh paisinéir tábhachtach aige sa charr agus go dtiocfadh sí ar bord ag an stáisiún sin.

Agus nuair a shiúil sí isteach sa charráiste traenach, bhí an-iontas uirthi nuair nár cuireadh na múrtha fáilte roimpi. Cheap sí go mbeadh an-mheas ag na paisinéirí eile uirthi as ucht a clisteachta agus í ag breith ar an traein, le carr as Gaillimh. D’fhanadar socair, gan gíog astu.

Ní dóigh liom go ndearna sí arís é ach chonaic mé í le gairid ag caint faoi theacht go Baile Átha Cliath ar an traein agus go ndéanfadh sí suas a hintinn ar an lá cén traein a gheobhadh sí. Chuir sé an-iontas uirthi nuair a dúirt muid léi gur fearr a hintinn a dhéanamh suas láithreach agus ticéad a chur in áirithe, nó nach mbeadh suíochán ann di. Cheap sí gur ag déanamh áibhéile a bhí muid. Ach chinntigh sí a suíochán ag an am céanna.

Go heisceachtúil, uair amháin d’imigh an traein as Gaillimh luath – b’fhéidir nóiméad nó dhó roimh am. Tharla sé seo blianta ó shin, nuair a bhíodh foireann de chuid Iarnród Éireann le feiceáil agus iad ar dualgas thart ar an stáisiún.

Leaindeáil an leathbhádóir isteach i Stáisiún Ceannt agus an fheadóg ag séideadh. Tharraing an traein amach. Ní raibh sé ina aonar. Bhí beirt thaistealaithe eile a tháinig isteach ó bhus tuaithe éigin agus iad as anáil, réidh le rith ag an traein. Ach bhí an cath caillte.

Chuaigh an leathbhádóir suas ag duine de na hoibrithe stáisiún agus rinne achainí faoin traein a bhí caillte acu. Thug sé ardú céime don bheirt thaistealaithe eile arbh as an Iaráic iad. D’fhógair sé gur beirt pholaiteoirí ardleibhéil a bhí iontu agus go mbeadh sé ina raic idirnáisiúnta mura bhfaighidís bealach go Baile Átha Cliath. Bhí siad le bheith ar bord eitleáin ar ais go Baghdad an oíche sin.

Bhí spiorad an scéil fírinneach go maith. Beirt eolaithe a bhí iontu agus bhíodar tar éis freastal ar chomhdháil in Ollscoil na Gaillimhe. Bhí Saddam Hussein i gcumhacht ag an am agus bheadh sé ina raic dá bhfillfidís ar an Iaráic ar an eitleán ‘mícheart’.  D’inis siad don leathbhádóir i ndiaidh na hidirbheartaíochta uilig go mbeadh ceistiú géar, ní hamháin orthu beirt, ach ar a muintir sa mbaile. Bheadh amhras fúthu go brách, go mb’fhéidir go rabhadar ag spiaireacht nó ag cabaireacht le gníomhaithe idirnáisiúnta a bhí in éadan Saddam.

D’éist ionadaí Iarnród Éireann leis an scéal truamhéalach agus ar an bpointe thairg sé síob dóibh chomh fada le Baile Átha an Rí, dá bhféadfadh sé a dhul ann sula sroichfeadh an traein an stáisiún.

Chuaigh an bheirt as an Iaráic isteach sa gcarr ach ba léir go raibh faitíos an domhain orthu. An raibh an dream seo in Éirinn ag obair ar son Rialtas na hIaráice agus iad le fuadach ar an mbealach – b’fhéidir nach gcloisfí fúthu arís go brách. Ach d’éirigh leo an ceann scríbe a bhaint amach, léim siad ar an traein agus glacaim leis, go bhfuair siad an eitilt an oíche sin. B’fhéidir gur beirt airí Rialtais atá iontu sa lá inniu, cá bhfios.

Ach má théann siad riamh go Bealach a’Doirín, fiú amháin agus an ticéad bus agus clár ama an bhus ina nglaic acu, níl aon chinnteacht go mbainfidh siad ceann scríbe amach. Agus ná ceapadh éinne go mbeidh aon duine ó Bhus Éireann ag crochadh timpeall agus a charr páirceáilte in aice láimhe aige.

Tá Féile Ealaíne Bhealach a ‘Dóirín  ar siúl idir 1 -9 Lúnasa 2026

Fág freagra ar 'Ag breith ar an traein ar eagla Saddam Hussein'