Údar machnaimh sa luaithreach i ndiaidh na dtinte cnámh

Mar is gnách le linn thinte cnámh na bliana seo, maslaíodh daoine, léiríodh fuath go bródúil agus rinneadh neamhaird de shábháilteacht phoiblí

Údar machnaimh sa luaithreach i ndiaidh na dtinte cnámh

An spreagfar daoine chun gnímh ar deireadh tar éis an damáiste a rinne tinte cnámh na ndílseoirí i mbliana? Ní haon rud nua é daoine a bheith ag éileamh go mbunófaí córas rialaithe do thinte cnámh le linn conspóide sa samhradh, ach ligtear an cheist i ndearmad ina ndiaidh go dtí an chéad bhliain eile.

I mbliana, áfach, rinneadh dochar ollmhór. Fágadh dhá theach cónaithe dóite go talamh, damáiste déanta do thithe eile, fear marbh agus imeaglú déanta ar inimircigh. Mar is gnách maslaíodh grúpaí eile, léiríodh fuath go bródúil agus rinneadh neamhaird de shábháilteacht phoiblí. Anois nuair atá an costas daonna agus eacnamaíochta á áireamh tá leidí ag teacht ó pholaiteoirí aontachtacha gur gá a chinntiú go mbeidh tinte cnámh sábháilte.

Más mall is mithid. Sí an cheist an mbeadh na páirtithe aontachtacha sásta le córas rialúcháin neamhspleách nó an féinrialúchán a bheadh uathu. I bhfianaise na dtaispeántas seicteach a bhí coiteann le fada, an ciníochas gránna a bhí forleathan i mbliana ar nós Mhaigh gCaisil mar ar loisceadh macasamhail de mhosc, arbh fhéidir féinsmacht a thuar? Nó sna háiteacha ina mbíonn túir mhóra i bhfad róghar do thithe agus seirbhísí, arbh fhéidir muinín a chur i bhféinriail ar mhaithe le sábháilteacht?

Is cosúil mar sin féin gur socruithe deonacha atá ar intinn ag ceannairí aontachtacha. Mheabhraigh an feisire Gavin Robinson, ceannaire an DUP, dúinn go mbíonn formhór mór na dtinte sábháilte, gur ceiliúradh dlíthiúil cuibhiúil ar chultúr iad. B’fhíor dó ach le tamall de bhlianta tá airde na dtinte méadaithe go mór agus contúirt dá réir ag baint leo. Splancacha ó thine chnámh mhór in Inis Glas i gContae Aontroma a chuir tithe trí thine agus a d’fhág teaghlaigh gan dídean. In áiteacha bíonn sé riachtanach tithe a chlúdach le cláir mar chosaint ó thinte a thógtar róghar dóibh.

Tragóid ab ea bás an fhir a thit ó thine chnámh in oirthear Bhéal Feirste, a dúirt Robinson. Bhí an pobal sa cheantar – toghcheantar Robinson féin – toilteanach breathnú ar bhealaí chun a gcultúr a cheiliúradh go sábháilte measúil, ar sé. Thug sé le tuiscint gur réiteach logánta a bhí i gceist aige.

Dúirt ceannaire an UUP, an Teachta Tionóil John Burrows, go raibh an tubaiste a tharla in Inis Glas scannalach. Chaithfí a chinntiú nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís, ar sé. Ní raibh aon ghá le quango eile, dar leis. Ba é a bharúil go bhféadfaí sábháilteacht a chinntiú trí réamhchomhráití leis na póilíní agus an tSeirbhís Dóiteáin.

Dúirt Ard-Mháistir an Oird Oráistigh, Mervyn Gibson, nach mbeadh sé i gcoinne rialúcháin ‘fhad is nach toirmeasc nó diansmachtú a bheadh i gceist’.

Measann mórán gur eiseamláir é Coimisiún na bParáidí arbh fhiú leas a bhaint as chun córas a dhearadh le tinte cnámh a bhainistiú. D’éirigh leis an gCoimisiún an nimh a bhaint as ceist na bparáidí a stróic Tuaisceart Éireann as a chéile sna nóchaidí agus go luath sa chéad seo. Bhí na hOráistigh agus aontachtaithe is dílseoirí fíochmhar in aghaidh an Choimisiúin ag an tús agus cé nach dtabharfaidís a mbeannacht dó go hoscailte, anois tá glactha lena chuid rialacháin. Ina theannta sin tá deireadh le hagóidíocht in aghaidh na bparáidí, lucht máirseála in ann a gcultúr a chleachtadh gan éinne ag rá chugat a phúca leo.

Níl cúis ar bith nach mbeadh cúrsa chomh héasca céanna i ndán do lucht na dtinte cnámh dá bhfeidhmeodh siad faoi rialacha ciallmhara. D’éileodh siad sin srian ar thaispeántais fuatha agus tinte a thógáil nach gcuirfeadh daoine – iad féin nó daoine eile, réadmhaoin, seirbhísí poiblí ná an timpeallacht i mbaol.

Is deacair a shamhlú go gcomhlíonfaí na coinníollacha sin ar bhonn deonach i ngach ceantar ina raibh tine chonspóideach I mbliana; baineann an t-amhras céanna le grúpa beag d’easaontóirí poblachtánacha a thógann tine chonspóideach i nDoire i mí Lúnasa.

Más iad na smaointe faoi shocruithe deonacha an chéad seift san idirbheartaíocht ag na ceannairí aontachtacha seans go mbeifear in ann dréachtphlean a ullmhú taobh istigh den bhliain. Is baolach go dtógfaidh sé achar níos faide le theacht ar réiteach críochnúil – beag seans go ndéanfar é roimh thoghchán an Tionóil sa Bhealtaine seo chugainn. Ni leithscéal é sin áfach le bheith falsa ná siléigeach.

Fág freagra ar 'Údar machnaimh sa luaithreach i ndiaidh na dtinte cnámh'