Taighde tithíochta sa Ghaeltacht – ní mar a chéile na ceantair

Tá figiúirí tugtha do gach contae i dtaighde a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta faoi chúrsaí tithíochta ach teastaíonn briseadh síos níos mine chun tuiscint a fháil ar na fadhbanna

Taighde tithíochta sa Ghaeltacht – ní mar a chéile na ceantair

Dúradh sa phreasráiteas a d’eisigh Údarás na Gaeltachta ar an Mháirt seo caite, 14 Bealtaine, gur léirigh ‘taighde nua ar dhaonra na Gaeltachta go bhfuil líon na dteaghlach ag fás níos tapúla ná líon na dtithe’.

An Dr. Séin Ó Muineacháin a rinne an taighde ar na figiúirí daonáireamh 2011, 2016 agus 2022 agus chuir sé tuairisc ar a chuid anailíse os comhair cruinniú de Bhord an Údaráis ar an 2 Bealtaine, 2024.

Roimhe seo foilsíodh tuairiscí cuimsitheacha, déanta ag Pádraic Ó Ciardha, ar Tuairisc.ie maidir le hathruithe daonra sna limistéir Ghaeltachta éagsúla agus maidir le húsáid na Gaeilge, briste síos do réir Limistéar Pleanála Teanga.

Sa taighde nua seo, atá foilsithe ag Údarás na Gaeltachta, tá an briseadh síos ar na torthaí Daonáireamh tugtha do gach contae, gan aon bhriseadh síos déanta do na Limistéir Pleanála Teanga.

Anuas air sin, cuirtear na figiúirí ón Daonáireamh do chathair na Gaillimhe san áireamh le figiúirí do chontae na Gaillimhe, gan aon bhriseadh síos tugtha don chuid de Ghaeltacht na Gaillimhe atá taobh amuigh den chathair.

Fadhb mhór é seo nuair atá an tÚdarás ag iarraidh ciall a bhaint as an anailís, mar go bhfuil níos mó daoine sa chathair curtha san áireamh sna figiúirí do chontae na Gaillimhe ná mar atá daoine sa cheantar Gaeltachta ó Bhearna go Carna in éindí le hOileáin Árann. Bhí 16,993 duine (3bl+) i gcathair na Gaillimhe áirithe sna figiúirí Gaeltachta i Daonáireamh 2022 i gcomparáid le 16,796 duine i gConamara Theas agus Oileáin Árann le chéile.

Tá an taighde maidir le tithíocht nua sa mhéid is nach bhfuil sé foilsithe aon áit eile, go bhfios dom, agus spéisiúil dá réir. Léiríonn an taighde gur mhéadaigh líon na dteaghlach sa nGaeltacht ar fad 7% idir 2016 agus 2022 ach nár mhéadaigh líon na dtithe ach 5%.

Deirtear gur tháinig ‘an méadú is tapúla ar líon na dtithe’ i nGaeltacht na Gaillimhe (11%) agus i nGaeltacht na Mí (12%). Ach de bharr go bhfuil cathair na Gaillimhe san áireamh sa bhfigiúr do Ghaeltacht na Gaillimhe, tá seans maith go bhfuil an figiúr do Ghaillimh curtha as a riocht go mór le forbairtí móra tithíochta a tharla idir 2016 agus 2022 i gCnoc na Cathrach, mar shampla.

Le go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta straitéis tithíochta a fhorbairt theastódh go mbeadh briseadh síos déanta dw réir na Limistéar Pleanála Teanga, ar a laghad, le go bhfeicfí mar shampla, céard tá ag tarlú i nGaoth Dobhair, nó in Iarthar Dhuibhneach nó ar an gCeathrú Rua. Ar an gcaoi sin tá an tuairisc a foilsíodh easnamhach.

Bhí roinnt figiúirí eile ar ábhar spéise iad sa tuairisc a foilsíodh:

  • Tá an ráta áitíochta (daoine ina gcónaí i dtithe) i bhfad níos ísle sa Ghaeltacht (71% in 2022) ná an ráta náisiúnta don stát (87%), mar go bhfuil céatadán na dtithe saoire sa nGaeltacht ag 24% i gcomparáid le 3.2% go náisiúnta.
  • Is beag teach atá ar cíos ó Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta (AHB) sa nGaeltacht, 1.3%.
  • Tá céatadán na dtithe folmha ag 11% níos airde ná an céatadán náisiúnta ag 8% agus é, ar chúis éicint, an-ard i nGaeltacht Chorcaí ag 14%.
  • Ar an taobh dearfach den scéal, tá úinéireacht ghlan ar 49% de na tithe sa nGaeltacht agus tá 23% eile faoi mhorgáiste, a léiríonn an patrún do dhaoine sa nGaeltacht gan a bheith i dteach ar cíos.

Cé go bhfuil blúirí eolais agus sonraí úsáideacha sa taighde seo maidir le staid na tithíochta sa nGaeltacht, ní leor é, más faoi Údarás na Gaeltachta straitéis a chur le chéile le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht.

Theastódh briseadh síos níos beaichte ar na figiúirí – de réir na Limistéar Pleanála Teanga a mholfainnse. Mar nach ní mar a chéile an cás i ngach ceantar. Ní mór chomh maith na ceantair a aithint ina bhfuil éileamh ar thithíocht ach nach bhfuil na húdaráis áitiúla ná forbróirí príobháideacha ag soláthar tithíochta ansin faoi láthair.

Im thuairimse, theastódh níos mó eolais a fháil ó dhaoine óga le Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, san aoisghrúpa idir 25-35, faoina gcuid mianta féin sa bhfadtéarma, le gur féidir freastal orthu agus straitéis tithíochta Gaeltachta a fhorbairt len iad a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an teanga in úsáid ag sciar suntasach den phobal.

Fág freagra ar 'Taighde tithíochta sa Ghaeltacht – ní mar a chéile na ceantair'