Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh mór is atá daoine ag tnúth le cás cúirte a osclófar ar an Iúr Dé Máirt. Iarcheannaire polaitiúil, iarfheisire Parlaiminte, ridire is ea Jeffrey Donaldson a raibh stádas breise aige mar cheannaire an DUP. Ba dhrámatúil an titim í nuair a gabhadh agus cúisíodh é féin agus a bhean as cionta gnéis in aghaidh bheirt ghearánaithe. Shéan siad beirt na 23 cúiseanna mí-úsáid ghnéis, 18 in aghaidh Jeffrey Donaldson agus cúig cinn in aghaidh Eleanor.
Chinntigh seasamh Jeffrey Donaldson go mbeadh an cás i mbéal an phobail agus sioscadh agus tuairimíocht i ngach ceard. Eisíodh foláireamh tar éis na chéad éisteachta dhá bhliain ó shin gur díspeagadh cúirte a bheadh ann barúlacha a fhoilsiú faoi na cúisimh, íobartaigh a ainmniú nó aon ní a dhéanamh a thiocfadh salach ar thriail chothrom. I bhfianaise oiread daoine a roinneann a n-aineolas go flaithiúil ar mheáin shóisialta, tá contúirt ar leith ag baint le postálacha faoi chás íogair atá ina ábhar mór cainte.
Ní cosaint é aineolas ar an dlí, Acht Díspeagtha Cúirte Thuaisceart Éireann 1981. Is féidir fíneáil nó príosúnacht a ghearradh as díspeagadh. Sa gcás is tromchúisí ar fad d’fhéadfaí stop a chur leis an triail dá gcuirfeadh díspeagadh gach seans ar an gcóir as an áireamh. Ba mhór an feall é sin, leatrom ar na gearánaithe agus ar na cosantóirí a bheadh ann dá mb’éigean éirí as an triail; ní bhfaigheadh éinne an chóir.
Beidh an cás neamhghnách sa mhéid is go n-éistfear fíorais na líomhaintí in aghaidh Eleanor Donaldson chomh maith le cás Sir Jeffrey ach nach féidir ise a chiontú. Ghlac an chúirt le tuairiscí leighis nach raibh sé ar chumas Eleanor Donaldson treoir a thabhairt dá dlíodóirí de bharr meabhairghalair.
Dá bhrí sin is ‘triail na bhfíoras’ a tharlóidh faoi na cúig chúis ina coinne a bhaineann le cabhrú agus tacú le cionta as ar cúisíodh a fear céile. Ní bheidh sise sa chúirt; labhróidh dlíodóirí thar a ceann.
Cé nach féidir í a chiontú is féidir í a fháil neamhchiontach. Déanfaidh an giúiré cinneadh an ndearna nó nach ndearna sí na cúiseanna.
Éistfear an cás go comhuaineach le triail Jeffrey Donaldson. Dhiúltaigh an breitheamh d’iarratas go scarfaí an dá chas óna chéile. Tá 18 gcúis curtha i leith an iarpholaiteora, cúis amháin éignithe, 13 ionsaí mígheanasacha agus ceithre chúis iompair ró-mhígheanasach ar bheirt chailíní idir 1985 agus 2008.
Baineadh siar as an bpobal agus as comhghleacaithe san DUP breis is dhá bhliain ó shin nuair a gabhadh Jeffrey agus Eleanor Donaldson. Ba gheall le crith talún é nuair a cúisíodh an bheirt as cionta gnéis. D’éirigh Jeffrey Donaldson as ceannaireacht an DUP agus shéan an bheirt na cúisimh ar fad. Ní raibh baint ná páirt ag an DUP leis an scéal ach ba bhuille trom don bpáirtí é a gceannaire a chailliúint de bharr scannail, bíodh sé ciontach nó neamhchiontach.
Cuireadh an triail siar faoi dhó i ngeall ar fhadhbanna sláinte Eleanor Donaldson, an breitheamh ag fanacht le tuairiscí ó dhochtúirí. Theastaigh uaidh dlús a chur leis na héisteachtaí chomh luath agus ab fhéidir. Bhí tábhacht leis go léireofaí nach gcuirfí moill ar riar na córa de bharr ardphróifíl nó stádas na gcúisithe.
Maidin Dé Máirt cuirfear tús le roghnú na mball den ghiúiré. Nuair a bhéas sé sin déanta áirítear go mairfidh an cás mí. Níl amhras ar bith ach go mbeidh suim thar na bearta ann ach tá práinn as cuimse leis nach ndéanfar díspeagadh a thiocfadh salach ar an gcóir.
Fág freagra ar 'Práinn as cuimse leis nach ndéanfar díspeagadh a thiocfadh salach ar an gcóir i gcás Jeffrey agus Eleanor Donaldson'