Ceist faoin éileamh ar an ngaeloideachas nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta a fhreagairt

Léiríonn an taighde go roghnódh os cionn 40% de dhaoine an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ach is cosúil gur fearr leis an Roinn Oideachais a bhfigiúr féin, 13%

Ceist faoin éileamh ar an ngaeloideachas nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta a fhreagairt

Léiríonn taighde le blianta beaga anuas go bhfuil éileamh ollmhór nach bhfuiltear ag freastal air ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

Idir 2020 agus 2025 léirigh trí shuirbhé éagsúla ó na comhlachtaí Amárach, Ireland Thinks agus Kantar an rud céanna – go roghnódh 49% de theaghlaigh oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil. Ach níl rochtain ar oideachas lán-Ghaeilge ach ag thart ar 8% de dhaltaí ar an mbunleibhéal agus thart ar 3% de dhaltaí ar an dara leibhéal.

I mí na Samhna 2025 d’fhógair an Roinn Oideachais go mbeadh siad ag déanamh suirbhé ar thuismitheoirí páistí le fáil amach cén éiteas creideamh scoile ba mhaith leo, ar mhaith leo scolaíocht comhghnéis nó aon-ghnéis agus ar mhaith leo oideachas trí mheán an Bhéarla nó trí mheán na Gaeilge.

Dúirt an Roinn go n-úsáidfí torthaí an tsuirbhé mar bhunús do phleanáil scoileanna.

Cháin Gaeloideachas agus an Foras Pátrúnachta modheolaíocht an tsuirbhé ó thaobh na Gaeilge de. Dúirt siad go raibh an cheist: ‘ar mhaith leat go mbeadh do scoil ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla nó na Gaeilge?’ mí-oiriúnach mar go gcuireann sé iallach ar thuismitheoirí rogha a dhéanamh idir an status quo agus athrú iomlán teanga teagaisc i scoil atá ann cheana féin.

Bheadh sé intuigthe go mbeadh roinnt tuismitheoirí in amhras faoi theanga teagaisc a bpáistí a athrú agus iad tosaithe ar oideachas i mBéarla cheana féin, nó go mbeadh amhras orthu an mbeadh sé ciallmhar nó indéanta iarracht a dhéanamh teanga na scoile ar a bhfuil a bpáistí ag freastal cheana féin a athrú ó Bhéarla go Gaeilge.

Moladh an fhoclaíocht ‘Dá mbeadh scoil lán-Ghaeilge ar fáil i do cheantar, an roghnófá é do pháiste?’, ceist a thug deis do thuismitheoir mian a thabhairt le fios atá neamhspleách ar éiteas teanga na scoileanna reatha a athrú ó bhonn.

Níor ghlac an tAire Oideachais leis an moladh seo agus lean an Roinn ar aghaidh leis an gceist mar a bhí.

Agus mé ag cur agallamh ar ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta agus Gaeloideachas ar Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta agus mé ag iarraidh a bheith i m’abhcóide an diabhail, bhí pointe maith amháin agam, shíl mé, le cur ina gcoinne.

Maith go leor, bhain an gearán a bhí acu [Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas] leis an suirbhé ar thuismitheoirí le páistí a bhí tosaithe ar scoileanna Béarla cheana féin. Ach bhí tuismitheoirí le páistí réamhscoile san áireamh sa suirbhé freisin. Mar sin nach bhféadfaí an chuid sin den suirbhé a úsáid mar shlat tomhais chruinn ar an éileamh ar an nGaeloideachas?

Bhuel ní mar a shíltear a bítear. Nuair a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ‘achoimre ardleibhéil’ ar na torthaí ar an 7 Aibreán níor thug siad an toradh do mhianta teanga teagaisc tuismitheoirí le páistí réamhscoile nó do mhianta teanga tuismitheoirí le páistí i scoileanna lán-Ghaeilge. Níor thug siad ach an toradh faoi mhianta maidir le teanga teagaisc na dtuismitheoirí sin a raibh a bpáistí tosaithe cheana féin i scoileanna Béarla.

Ní dúirt ach 13% de na tuismitheoirí sin gur mhaith leo go n-athrófaí a scoil go scoil lán-Ghaeilge. Fiú an figiúr seo léiríonn sé éileamh suntasach nach bhfuiltear ag freastal air. Ach mar shlat tomhais chun an t-éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge a thomhas is mór idir é sin agus an 49% a chonacthas sna suirbhéanna a luaitear thuas.

Dar ndóigh níl tuismitheoirí a bhfuil páistí acu atá ag freastal ar Ghaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta san áireamh, ach ós rud é nach bhfuil ach 8% de dhaltaí bunscoile ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ní mhíníonn sé seo an bhearna idir 13% agus 49%.

An í modheolaíocht an tsuirbhé mar sin atá lochtach mar a mhaígh Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta agus Conradh na Gaeilge?

Bhuel, arsa muidne i Tús Áite, tá bealach amháin le fáil amach. D’iarramar ar phreasoifig na Roinne an figiúr eile sin a bhailigh siad a thabhairt dúinn – an líon tuismitheoirí le páistí réamhscoile ar mhaith leo oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí. Dhiúltaigh siad é a thabhairt dúinn. Rinne mé iarratas saoráil faisnéise. Diúltaíodh dó ar chúiseanna nach raibh mórán céille leo, dar liom. Tá achomharc inmheánach á dhéanamh agam leis an Roinn Oideachais agus tógfaidh sé sin cúpla seachtain eile.

Ansin Dé Máirt seo caite d’fhoilsigh Foras na Gaeilge suirbhé nua a rinne Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide a léirigh go roghnódh 45% de thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile dá bpáistí agus go roghnódh 40% é ag leibhéal na hiarbhunscoile. An lá dár gcionn, tháinig ionadaithe ón Roinn Oideachais os comhair Choiste Oideachais an Oireachtais agus d’iarr Shonagh Ní Raghallaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin ar Gavin O’Leary, Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais agus Óige, an figiúr ó shuirbhé na Roinne don líon tuismitheoirí le páistí réamhscoile a roghnódh an Gaeloideachas a thabhairt di.

Dúirt sé nach raibh an figiúr aige. Dhealraigh sé nach raibh éinne den seisear státseirbhíseach a bhí ina suí taobh thiar de ábalta an figiúr a chur ar fáil ach an oiread. D’fhiafraigh Ní Raghallaigh de an bhféadfadh sé ar a laghad a dhearbhú cé acu an raibh an figiúr níos ísle nó níos airde ná an figiúr 13% a bhí foilsithe ag an Roinn.

Ní raibh sé ábalta an cheist sin a fhreagairt ach an oiread.

Idir an dá linn tá an Roinn ag brú chun tosaigh le saintuairiscí sonracha a ullmhú do scoileanna timpeall na tíre. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil siad ag úsáid an figiúr 13% mar an tslat tomhais i gcomhair éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, agus go bhfuil siad ag tarraingt na gcos chomh fada agus is féidir leo maidir leis an toradh a fuarthas ó thuismitheoirí a raibh páistí réamhscoile acu a nochtadh.

Mar is eol d’éinne a léann m’altanna go rialta ní nós liom tairngreachtaí a dhéanamh gan bunús nó fianaise láidir. Ach beidh ionadh an domhain orm mura bhfuil an figiúr don chéatadán de thuismitheoirí le páistí réamhscoile a roghnódh oideachas trí mheán na Gaeilge cuid mhaith níos airde ná an 13% atá in úsáid mar shlat tomhais ag an Roinn.

An é go bhfuil an Roinn ag roghnú an staitistic a chuirfeadh an brú is lú orthu aon rud a dhéanamh chun feabhas a chur ar an oideachas lán-Ghaeilge, ag iarraidh an figiúr 13% sin a neadú in intinn an phobail, agus ag iarraidh brú ar aghaidh chomh tréan agus is féidir leis an bpróiseas sula dtugtar na torthaí ina n-iomláine chun solais?

Bealach amháin nó bealach beidh freagra na ceiste sin ar fáil, ach beidh sé againn mall seachas luath de réir gach cosúlachta.

Fág freagra ar 'Ceist faoin éileamh ar an ngaeloideachas nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta a fhreagairt'