AN POD GAEILGE: ‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’

Tá Pádraig Ó Duibhir agus Máirín Ní Ghadhra le criú ‘An Pod Gaeilge’ an tseachtain seo chun plé a dhéanamh faoi chóras conspóideach na díolúine Gaeilge

AN POD GAEILGE: ‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’

I dteannta Bhridget agus Mhaitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá an saineolaí oideachais Pádraig Ó Duibhir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra. Pléitear an taighde nua atá déanta ag Pádraig faoin bhfás as cuimse ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Insíonn Pádraig scéal a iníne a sheachain an díolúine agus a bhfuil trí theanga anois aici. Labhraíonn sé faoin naimhdeas, aineolas agus easpa measa ar an nGaeilge atá mar bhonn leis an gcóras lochtach ar mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh sé rud ‘annamh agus eisceachtúil’ den díolúine.

Ina áit sin, de réir thaighde Phádraig, má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá beidh díolúine ag duine de gach cúigear faoi 2030? Pléitear ‘meon aonteangach’ na Roinne Oideachais a deir Pádraig atá ag déanamh dochar do dhaltaí agus do pholasaí ionchuimsitheachta na roinne féin.

Pléitear chomh maith scrúduithe Gaeilge na hArdteiste a bhí ar siúl an tseachtain seo agus an difríocht riamh idir an scrúdú Béarla agus Gaeilge.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’'