Béal Feirste nach mór ina stad ag an bhfuath agus an foréigean ciníoch

Ach oiread leis an seicteachas, cancar seanbhunaithe na sochaí, tá greim docht ag an gciníochas abhus

Béal Feirste nach mór ina stad ag an bhfuath agus an foréigean ciníoch

Ba í seo an tríú bliain as a chéile a ionsaíodh strainséirí le linn círéibeacha i dTuaisceart Éireann. Nuair is é “foreigners out” an rosc catha tá a fhios ag an domhan mór céard atá ar siúl, is cuma cé chomh minic is a shéantar gur ciníochas é.

Ach oiread leis an seicteachas, cancar seanbhunaithe na sochaí, tá greim docht ag an gciníochas abhus. 2,300 eachtra chiníochais a taifeadadh le bliain. Faraor tá leisce i gcearnaí áirithe é a admháil. Arís agus arís deir an DUP agus an TUV go bhfuil údar ag daoine a bheith imníoch faoin inimirce, brú ar sheirbhísí poiblí nó líon mór eachtrannach a bheith á lonnú i gceantar beag. Bíonn an DUP agus an TUV ag caint faoi na sluaite d’inimircigh neamhdhleathacha cé gur pobal an-bheag is ea an mionlach eitneach abhus, 3.4% den daonra.

Tá údar imní eile á chur leis an liosta anois ‘díothú a gcultúir’. Maíonn roinnt gur nós coimhthíoch ón iasacht ab ea ionsaí scine den chineál a tharla Dé Luain agus a spreag na círéibeacha. Is iontach chomh dall is a thig le daoine a bheith nuair a thograíonn siad é. Is deacair aird a thabhairt orthu i bhfianaise oiread ban a fhulaingíonn foréigean abhus, go leor acu in ionsaí scine agus stair uafar na Shankill Butchers a ghearr scornacha na ndaoine a mharaigh siad.

Bhí an t-ionsaí scine oíche Dé Luain seo caite uafásach agus bhí na gortuithe a bhain do Stephen Ogilvie tromchúiseach. Chuir an físeán den eachtra a scaipeadh go forleathan alltacht ar dhaoine. Tá fear de bhunadh na Súdáine cúisithe as iarracht dhúnmharaithe agus é curtha siar ar a choinneáil go dtí an mhí seo chugainn. Tháinig sé go Tuaisceart Éireann ó Bhaile Átha Cliath via Páras in 2023 agus cheadaigh rialtas na Breataine tearmann, le víosa cúig bliana dó.

Níor chuir laochra na méarchlár am ar bith amú. Faoin mhaidin dár gcionn bhí gairm chun léirsithe amuigh agus tionchairí ón iasacht le drochrún ag saighdeadh daoine chun gnímh. Ní fios cé a d’eagraigh – tá na póilíní á fhiosrú ach bhí na círéibeacha a lean do-mhaite.

Briseadh fuinneoga, ciceáladh doirse síos agus cuireadh trí thine tithe agus gluaisteáin gur le daoine ó mhionlach eitneach iad. Fir óga, a bhformhór sna déaga faoi éide dhubh, le húdaí agus púicíní ag réabadh trí shráideanna i gceantair dhílseacha chun fogha a thabhairt faoi theach ar bith inar mheas siad go raibh daoine nach den chine geal iad.

Ba thruamhéalach, scanrúil an radharc é teaghlaigh le páistí beaga, babaí dhá mhí d’aois ina measc, ar a dteitheadh óna dtithe a bhí á scrios. Chuidigh póilíní, oibrithe dóiteáin, comharsana agus roinnt ionadaithe poiblí le daoine a tharrtháil agus dídean a fháil dóibh. Bhí an t-imeaglú ar siúl in áiteanna eile freisin. ‘Bailígí libh abhaile nó cuirfear an teach seo trí thine’. B’in í an teachtaireacht sna boscaí litreach i dtithe in aice le ceann d’ospidéil mhóra Bhéal Feirste. Ag otharlann eile lean fir le púicíní oibrí mar a bheidís ag seilg; rinne sí oíche oibre dá n-ainneoin.

Altraí, cúramóirí agus radagrafaithe i measc gairmeacha eile sa tseirbhís sláinte, oibrithe i mbialanna nó i dtionscail riachtanacha is ea go leor de na daoine faoi ionsaí. Tá faitíos orthu go léir agus baol mór ann go bhfágfaidh daoine an Tuaisceart. Dá n-imeodh an ceathrú cuid de na hoibrithe slainte ón India nó ó na hOileáin Fhilipíneacha thitfeadh an tóin ar fad as an tseirbhís. Seans maith gur eachtrannach a thug aire san ospidéal don gcíréibeoir a chuir é féin trí thine le buama peitril.

Ní hiad na daoine a bhí á bhfiach amháin a bhí thíos leis an aindlí. Bhí Béal Feirste nach mór ina stad. Chuir sé aimsir Covid agus an dianghlasáil i gcuimhne do roinnt. Ó loisceadh ceann de na busanna nua-oiseacha, an faoileoir, agus an córas iompair i gcontúirt, cuireadh busanna agus traenacha ar ceal. Dhún siopaí agus gnólachtaí luath, dúnadh scoileanna luath nó bhí daltaí ar iarraidh mar go raibh faitíos ar a muintir an teach a fhágáil.

Chomh maith leis an dochar do dhaoine faoi scéin atá anois gan dídean agus na gortuithe do phóilíní rinneadh damáiste don eacnamaíocht, do cháil an Tuaiscirt agus do thurasóireacht.

Anuas air sin go léir beidh scata nua daoine óga a mbeidh taifead coiriúil acu mar oidhreacht ar an tseachtain seo. Céard le haghaidh? Níor chabhair do Stephen Ogilvie é agus bhí a mhuintir ag achainí orthu éirí as an mbithiúntas.

Ar chuir an t-ionsaí Dé Luain brú ar an gcaidreamh Angla-Éireannach mar gheall ar thrasnú na teorann? Ba mhaith le Jim Allister TUV go mbeadh teorainn chrua mar iarmhairt. Ar éigean é.

Deir an DUP nach dtugtar aird ar imní bhailí an phobail. Ní mór a rá go bhfuil ciníochas i measc náisiúnaithe chomh maith le dílseoirí, gan dabht, ach is i gceantair aontachtacha a tharlaíonn na círéibeacha. Seans go dtuillfeadh argóint an DUP níos mó airde dá seachnódh siad caint dhébhríoch. Beidh costas an fhuatha á reicneáil go ceann tamaill ach anois an t-am chun a dhul i ngleic leis an bhfadhb. Is léir nach tráth faillí é.

Fág freagra ar 'Béal Feirste nach mór ina stad ag an bhfuath agus an foréigean ciníoch'