Aontas tríd an éagsúlacht an mana a bhíonn ag an Eoraip agus iad ag moladh na físe a bhí taobh thiar de bhunú an Aontais Eorpaigh. I bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo bhí go leor Gaeilge le cloisteáil.
Chuir an Taoiseach béim ar an nGaeilge in óráid ag trácht ar thosaíochtaí na hÉireann don uachtaránacht as seo go ceann sé mhí. Rinne foirne cumarsáide na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Roinn an Taoisigh cinnte dhe go mbeadh cúram ar leith dá dhéanamh de na meáin Ghaeilge agus go háirithe an bhean a bhí ag taisteal leis an ngrúpa iriseoirí as Éirinn.
Tugtar aire duit i gcónaí ar na turais seo mar go bhfuil fonn ar fhoirne na Parlaiminte agus na Comhairle a chinntiú go mbeidh scéalta ó na meáin faoi sheisiún iomlán na parlaiminte in Strasbourg.
An rud is suntasaí i gcónaí faoi thuras ar cheann de na seisiúin seo is ea a laghad iontais agus a dhéantar d’úsáid na teanga. Is teanga Eorpach í an Ghaeilge agus glactar léi i measc na dteangacha eile ar fad. Léargas, b’fhéidir, ar an gcur chuige ba chóir a bheith againn féin sa bhaile.
Tá cúrsaí sacair ag cothú go leor cainte anseo agus Corn an Domhain ag teannadh le deireadh. Bhuaigh an Spáinn an tseachtain seo agus tá an Phortaingéil ag dul abhaile. Mhínigh mé do bhall foirne ar mo bhealach anall ag aerfort Frankfurt go bhfuil dáimh ar leith agam leis an bhFrainc agus Les Bleus ó aimsir na hollscoile fadó. Níl mórán eile fanta anois go mbeadh suim agam tacú leo, arsa mise. Más suim sa bhFraincis é cén fáth nach mbeadh tú ag tacú leis an mBeilg?’’ arsa fear a bhí ag siúl thar bráid. ‘An bhfuil leasainm ag an bhfoireann?’ arsa mise. Les diables rouges, ar sé. Bhí mé i bponc ansin – cuirim suim i Manchain Aontaithe an fhad agus a bhaineann sé le sacar agus tá an leasainm céanna orthu. Cén fáth, mar sin, nach iontu a chuirfinn suim i gCorn an Domhain? Tá an Eilvéis fós ann freisin, arsa an Gearmánach liom. Is dóibh sin a bheidh mise ag tabhairt mo chuid tacaíochta. Cén fáth? Labhraítear Gearmáinis san Eilvéis, ar sé, agus tá an Ghearmáin imithe abhaile.
Níl Éire ag Corn an Domhain ach tá ár gcomharsana i Sasana. Cé gurb í an Béarla an teanga chomónta i measc go leor anseo, níl aon chaint ar a bheith ag tacú leo i gCorn an Domhain. Tá an tacaíocht ag muintir na hIorua agus Erling Haaland cé gur i Sasana a imríonn seisean i rith na bliana.
An t-aontas tríd an éagsúlacht mar sin ina neart le linn Chorn an Domhain agus pobal chroílár na hEorpa ag aistriú a gcuid tacaíochta go dtí foireann na gcomharsan, seachas iad siúd a d’imigh uathu deich mbliana ó shin.
Nach spéisiúil an plé a bheadh ann dá mbeadh foireann na Poblachta ag imirt sna Stáit Aontaithe?
Fág freagra ar 'LITIR AS STRASBOURG: An Ghaeilge agus an sacar i lár an aonaigh i gcroílár na hEorpa'