Agus mé ag cuartú B&B i nGaillimh an tseachtain seo caite sheas ainm amháin amach. Ní fhéadfainn a ghabháil thairis. Nár fhan mé ann agus mé ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe na blianta ó shin? Bhí árasán amháin – sórt leaba/seomra suite – ar an urlár íochtair agus más buan mo chuimhne, bhí triúr againn ag roinnt an tseomra sin – trí leaba shingil a bhí ann -ar ocht bpunt in aghaidh na seachtaine.
Agus táille €129 á ghearradh don oíche, ba é an seomra ba shaoire i nGaillimh é an tseachtain seo caite, leaba chaol shingil agus gan áit ann don luascadh cait a mbíonn daoine ag caint faoi go minic.
Chomh luath agus a chuaigh mé isteach ann bhí sé ar nós a bheith thiar sna seachtóidí arís. Sin an áit a raibh an chistin ag muintir an tí, sin an áit a raibh an teileafón poiblí arbh fhéidir glaoch a dhéanamh air ach do chuid airgid tirim i bpíosaí dhá phingin a bheith i do ghlaic.
Ba chuimhneach liom an cleas a d’imir muid ar ár n-athair nuair a ghlaoigh muid air ón teach ag ligean orainn gur turasóirí Meiriceánacha muid agus go raibh suim againn an teach sa Spidéal a cheannach. Bhí bean a’ tí agus an teaghlach sna trithí ag gáirí, ag éisteacht linn óna gcistineach féin. An fear bocht.
Bhí mé fós ag smaoineamh siar ar na seachtóidí agus na hochtóidí agus mé ag spaisteoireacht tríd an gcathair níos moille sa lá. Ón uair gur chuala mé an tuairisc nuachta faoi ar an raidió bhí mé ag súil cuairt a thabhairt ar an taispeántas i Músaem na Cathrach a bhain le hInstitiúid na Máithreacha agus na Naíonán i dTuaim.
Gach uair a chloisim scéalta faoi na hinstitiúidí céanna, caithfidh mé a mheabhrú dom féin nach scéalta iad seo a bhaineann leis an tseanstair ná leis an ré sular thosaigh daoine ag ceistiú ról na heaglaise i saol an ghnáthdhuine. Agus muide ag freastal ar an ollscoil agus ag déanamh glaonna grinn ar an teileafón, agus ag baint ‘time’ amach, bhí saol de chineál eile ar fad, ag daoine fud fad na tíre. (Níor dúnadh an ceann deireanach de na Neachtlanna Maigdiléana go dtí 1995, mar shampla.)
Tá sé ríshoiléir ó na beathaisnéisí éagsúla atá ina ndlúthchuid den taispeántas, go raibh saol thar a bheith crua ag cuid mhaith de na daoine a raibh baint acu le hinstitiúid na Máithreacha agus na Naíonán i dTuaim.
Is deacair a shamhlú sa lá inniu, go mbainfí páiste beag óna mháthair agus nach mbeadh a fhios aici ó thalamh an domhain cár tugadh é. Agus cé go bhfuil bunús an scéil ar eolas againn ar fad anois, fós féin, baintear stad asat nuair a léann tú arís gur coinníodh na mná in institiúidí éagsúla, ar nós príosúnaigh -tar éis dóibh leanbh a thabhairt ar an saol.
Níl a fhios againn fós cén fáth, nó cén líon páistí a fuair bás san institiúid i dTuaim. Tá an obair thaighde sin ar siúl i gcónaí. Ach tá obair an-tábhachtach déanta ag na taighdeoirí a chuir an taispeántas seo le chéile sa mhúsaem.
Mar a deirim, chuir sé iontas orm arís, ag éisteacht leis an bhfianaise a thug cuid de na daoine i ‘Scéalta ó na Marthanóirí,’ go raibh cuid acu thart ar an aois chéanna liom féin. Tá formhór na ndaoine a thug fianaise beo i gcónaí. Má shuíonn tú síos ar cheann de na binsí ata scaipthe anseo agus ansiúd sa seomra, cloisfidh tú glórtha na ndaoine a rugadh agus a mhair ar feadh tréimhse san Institiúid i dTuaim.
Cé go bhfuil an iliomad cláracha faisnéise raidió agus teilifíse feicthe agus cloiste agam, fós féin, chuaigh na glórtha beo seo i bhfeidhm orm ar bhealach an-láidir.
Bhí saol réasúnta maith ag cuid acu – cuireadh go leor acu ar altramas nuair a shroich siad cúig nó sé bliana d’aois. Ba léir i gcuid mhaith cásanna gur oibrithe feirme a bhí iontu agus go raibh obair an-chrua i gceist. Ní mórán oideachais a cuireadh ar go leor díobh. Ach ba dhíol suntais é, in dhá chás ar a laghad, an difríocht a rinne sé dóibh nuair a chuadar isteach san arm. Cuireadh oideachas agus traenáil orthu ansin agus sna cásanna a léiríodh sa taispeántas, bhí saol maith acu ina dhiaidh sin.
Ach fós féin, taobh thiar de na scéalta sin, cloisfidh tú nó léifidh tú faoi mháithreacha a chaith a saol ag cuartú a gcuid páistí. Ba é an scéal oifigiúil ná nach raibh a fhios ag na húdaráis cá ndeachaigh siad.
An scéal ba thruamhéalaí ar fad, cheap mé, ná an scéal a bhain le Bridie Rodgers agus a mac John Paschal. Sa mbliain 1948, agus an bheirt acu in Institiúid na Máithreacha agus na na Naoíonán i dTuaim, scaradh óna chéile iad. Ach sular baineadh a páiste di, bhearr Bridie dlaoi ghruaige óna maicín agus choinnigh sí í. Sin an méid a bhí fágtha aici dá páiste féin.
38 bliain ina dhiaidh sin, d’éirigh leo beirt teacht ar a chéile. Bhronn Bridie an dlaoi ghruaige ar bhean chéile John Paschal, Julie agus dúirt léi, ‘Is bronntanas é seo dhuitse. An fad is a bhí sé omo sheilbh ba liom féin John Paschal. Tá aiféala orm nach raibh mé in ann a bheith ag bhur bpósadh ach tá mé á bhronnadh ort anois – is siombail é nach liomsa é a thuilleadh ach leatsa. Tá súil agam go mbeidh saol an-sona agaibh beirt.’
Nuair a tháinig an Stát nua ar an saol anseo, bunaíodh an institiúid do mháithreacha agus leanaí i nGleann na Madadh. I 1925, athraíodh an t-ionad go Teach na mBocht i dTuaim, áit a bhí i ndroch-chaoi
Idir 1920idí agus 1970idí coinníodh 160,000 bean agus páiste sna hinstitiúidí éagsúla sa Stát.
I measc na bhfigiúirí sin, coinníodh 2219 bean agus 3251 páiste i dTuaim sular dúnadh é i 1961.
Tá sé déanta amach ag an staraí Catherine Corless, gur bhásaigh 796 páiste ann agus gur cuireadh iad go rúnda gan aon taifead dá n-uaigheanna.
Is iad Ollscoil na Gaillimhe a chuir an ‘Tuam Oral History Project’ ar bun le spás a thabhairt do na marthanóirí a scéal a inseacht agus a choinneáil sábháilte.
Fág freagra ar 'Is deacair a shamhlú inniu go mbainfí páiste beag óna mháthair agus nach ndéarfaí léi fiú cár tugadh é'