‘An t-aon mhallacht ná glacadh leis nach raibh foirne s’againne sách maith le cluichí ceannais a bhuachtáil’

Déanann scríbhneoir as Maigh Eo ceiliúradh ar bhua a chontae i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le 75 bliain

‘An t-aon mhallacht ná glacadh leis nach raibh foirne s’againne sách maith le cluichí ceannais a bhuachtáil’

Bhí mise tar éis tosnú i Scoil Náisiúnta an Chlochair, leath bealaigh idir Ceathrú na gCon agus Baile an Tobair i 1951 nuair a d’éirigh le foireann Mhaigh Eo Corn Sam Mhig Uidhir a thabhairt abhaile don darna bliain as a chéile. Ní raibh ach raidió amháin ar an mbaile agus pobal na háite bailithe le chéile taobh amuigh agus taobh istigh den teach sin.

Bhí na mná ag réiteach an tae agus na fir ag breathnú ar an raidió ar nós go raibh siad ag breathnú ar Mhicheál Ó hEithir i mbun tráchtaireachta.

Cheapamar, ar ndóigh go mbeadh an bua ag Maigh Eo chuile bhliain go deo ina dhiaidh sin. Ní mar sin a tharla go dtí Dé Domhnaigh seo caite.

Tháinig blianta agus d’imigh blianta, ach is ar an mbliain 1989 a chuimhnigh mise roimh an gCluiche Ceannais Dé Domhnaigh seo caite. Bhí me suite go compordach ag fáil réidh don chluiche tar éis Aifrinn a léamh in Inis Oírr agus Inis Meáin an mhaidin sin.

Bhí mo chat trasna uaim ina chodladh agus mise ag ceapadh gurb é seo an lá a gcuirfí deiridh leis an mallacht. Is beag a bhí idir Corcaigh agus Maigh Eo an lá céanna. Bhí linn, a cheap mé nuair a chuir fear Chrois Mhaoilíona an liathróid san eangach. Lig mise béic. D’éirigh mo chat san aer ar nós go raibh sí ag eitilt agus amach léi trí bharr na fuinneoige. Seachtain níos deireanaí a tháinig sí ar ais agus Sam ag na Corcaígh le seachtain roimhe sin.

Bhí fear óg as Crois Mhaoilíona i measc na laochra a chuir deireadh leis an mallacht sheafóideach a tharraing droch-cháil ar an gcontae le fada an lá. Níor chreid mise ariamh ina leithéid. An t-aon mhallacht a bhraith mise ná glacadh leis nach raibh foirne s’againne sách maith le cluichí ceannais a bhrúchtáil. Tháinig siad gar go maith dhó go minic, ach níor éirigh leo Sam a thabhairt abhaile.

Ach tá an lá sin imithe, buíochas le Dia, le ceannairí agus foireann an lae inniu.

Go mbeidh suaimhneas na bhFlaitheas ag na daoine uilig a rinne a ndícheall muintir an chontae a fhuascailt anuas tríd na blianta lena gcuid iarrachtaí cróga.

Fág freagra ar '‘An t-aon mhallacht ná glacadh leis nach raibh foirne s’againne sách maith le cluichí ceannais a bhuachtáil’'