Uair éigin amach anseo, beidh iontas ar dhaoine nár chuir rialtas ar bith smacht, srian ná dianphionóis, ar a laghad, ar X, TikTok, Telegram, Facebook agus a leithéid ainneoin an leas contúirteach a baineadh astu.
Dé Máirt seo caite, agus ionsaithe ar inimircigh á bpleanáil ag antoiscigh i mBéal Feirste, mhol úinéir X, Elon Musk ‘troid’ le linn comhrá ar líne leis an antoisceach Breataineach Stephen Yaxley-Lennon.
Bhí foréigean ag teannadh leo, a dúirt Musk le Yaxley-Lennon agus a lucht leanúna, rud a d’fhág nach raibh acu ach aon rogha amháin: “you either fight back or you die”.
D’athsheol Musk, a bhfuil 240 milliún leantóir aige ar X, teachtaireacht an lá céanna go raibh “déistin, faitíos agus fearg” nádúrtha mar fhreagra ar an ionsaí i mBéal Feirste oíche Dé Luain inar gortaíodh Stephen Ogilvie go dona. Cúisíodh fear ón tSúdáin i dtaobh an ionsaithe an lá dár gcionn.
Dúradh sa phostáil chéanna ar X gurb ionann síocháin a mholadh agus a mholadh go ndéanfaí beag is fiú den uafás. Fógraíodh i bpostáil eile a d’athsheol Musk go reáchtálfaí seachtó agóid ar a laghad ar fud na Ríochta Aontaithe oíche Dé Máirt.
Níl san ábhar thuas ach samplaí den chaint ar líne a thuilleann aird ar leith toisc gur Musk a bhí á rá nó á scaipeadh. Níl ann ach céatadán beag den chumarsáid iomlán, idir ábhar poiblí agus ábhar a scaipeadh ar ghréasáin phríobháideacha. Is féidir a bheith cinnte go raibh cuid de i bhfad níos láidre agus níos dainséaraí.
Is féidir a bheith ionann agus cinnte freisin go raibh cuid mhór den chaint ar líne ar aon dul leis an gcaint a spreag círéibeacha i mBaile Átha Cliath in 2023, i mBéal Feirste in 2024, sa Bhaile Meánach i gContae Aontroma in 2025 agus taobh amuigh de lóistín iarrthóirí tearmainn Citywest i gcontae Bhaile Átha Cliath an bhliain chéanna.
Bhí díoltas, foréigean agus ionsaithe ar inimircigh á moladh go forleathan tar éis na n-eachtraí sin go léir. Rinne antoiscigh neamhaird ar ghabháil daoine ón iasacht ar cuireadh ionsaithe ina leith.
Go deimhin, ba léir i mBaile Átha Cliath in 2023 gur chuir na ciréibeacha sráide a spreagadh ar líne isteach ar fhiosrú na nGardaí ar eachtra a chuir déistin ar chách.
Is léir trí chosúlacht thábhachtach eile idir na babhtaí foréigin eagraithe seo go léir.
I ngach cás, bhí dlúthbhaint ag na meáin shóisialta le gríosú daoine chun inimircigh agus Gardaí nó póilíní a ionsaí. Ní raibh ach cuid den ghríosú sin lán-oscailte cé gur deacair ciall ar bith eile a bhaint as an ‘troid’ a mhol Musk Dé Máirt.
Fiú mura raibh gríosú díreach doshéanta á scaipeadh, bhí dochar á dhéanamh ar bhealaí eile. Le bréagnuacht, nó le háibhéil (mar shampla, maíomh go raibh ‘díothú’ an chine ghil ar bun), nó le ciníochas mínáireach.
B’ionann an tionchar i ngach cás: gríosú chun achrainn agus ionsaithe.
Níl cíoradh déanta ar an gcumarsáid ar líne faoi scéal Bhéal Feirste agus an colún seo á scríobh. Tá sé ionann agus cinnte áfach go raibh scata mór nár leag súil riamh ar Bhéal Feirste ag postáil faoin ionsaí ar Stephen Ogilvie.
Bhreathnaigh a bhformhór, mar a bhreathnaíonn antoiscigh i gcoitinne ar ionsaithe a raibh (nó ar síleadh go raibh) inimircigh freagrach astu, mar eachtraí a neartaíonn an cás gur chóir inimirce a chosc agus/nó inimircigh a dhíbirt.
Tugann Musk agus tionchairí aitheanta eile tacaíocht d’antoiscigh abhus agus gríosú díreach nó indíreach chun foréigin á scaipeadh acu. Leithéid na postála ar X anuraidh mar shampla inar mhol duine gan ainm go ndíreofaí lámh láidir gan trócaire ar na “bastaird mhídhleathacha” i Citywest.
Nó leithéid a dteachtaireachtaí bréagacha eile a postáladh le linn na gcíréibeacha ag Citywest inar maíodh gur tugadh lóistín in óstáin cúig réalt d’iarrthóirí tearmainn, go bhfuair siad gluaisteáin ó na húdaráis agus (creid nó ná creid) gur tugadh gléasanna cluichíochta dóibh. Bréagnuacht i ngach cás nó, lena rá le focal níos simplí, bréaga.
Baineann cúis náire ar leith leis an gcosúlacht eile idir na mórchíréibeacha abhus agus sa Bhreatain le gairid. I ngach cás, rinne antoiscigh mór is fiú d’ionsaí amháin ar dhuine áitiúil ar dhóigh nach ndearna siad riamh tar éis ionsaithe eile a rinne daoine ón gcine geal.
Thagair ceannaire an SDLP, Claire Hanna d’fhearg roghnaitheach na bhfear a dhíbir inimircigh agus a chuir tithe agus feithiclí trí thine i mBéal Feirste. Ní raibh siad i mbun agóide an tseachtain seo caite, a dúirt sí, tar éis ciontú fir i ndúnmharú Natalie McNally agus páiste an dúnmharfóra a bhí á iompar aici.
D’fhéadfaí an breithiúnas céanna a thabhairt ar antoiscigh ar an dá thaobh den teorainn. Oireann sé dóibh go léir ionsaí ar dhuine ón gcine geal a úsáid mar thaca lena dtuairimí. I gcás na n-antoisceach is dainséaraí, is leor ionsaí amháin ar dhuine áitiúil mar leithscéal chun comhphionós coiriúil a bhagairt ar inimircigh.
Ba léir feabhas amháin ar chumas na nGardaí faisnéis ar líne a bhailiú le linn an achrainn ag Citywest i mí Dheireadh Fómhair. Faraor níor tugadh chun cúirte ach dornán beag a bhain drochúsáid as na meáin chun foréigean agus fuath a scaipeadh.
Is féidir an dlí a neartú chun déileáil le hÉireannaigh. Is mó an chúis imní áfach a bhaineann le neamhthoil an rialtais (agus formhór na rialtas ar domhan) aghaidh a thabhairt ar an dochar a shaibhríonn úinéirí na meán sóisialta.
Dá bhfoilseodh Tuairisc.ie gríosú chun foréigin nó fuatha mar a fheictear gach lá ar na meáin shóisialta, bheadh an t-eagarthóir os comhair cúirte agus bheadh breith na cúirte ionann agus cinnte.
Dá ndéarfadh an t-eagarthóir leis an gcúirt gur ghlan ‘modhnóirí’ Tuairisc.ie bagairt bháis ón suíomh tar éis cúpla lá, ní ghlacfaí lena ráiteas mar chosaint ná mar leithscéal. Tar éis an bhreithiúnais go deimhin, bheifí ag fonóid faoi Thuairisc agus a ‘modhnóirí’.
Níl dlí a chuirfeadh dualgas foilsitheora den chineál céanna ar úinéirí cumhachtacha na meán sóisialta beartaithe i dtír ar bith fós. Mhol Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta dlí dá leithéid Dé Céadaoin: tá a múnla gnó bunaithe, a dúirt sí, ar algartaim a chothaíonn deighilt.
Dúradh arís ar an dá thaobh de Mhuir Éireann i rith na seachtaine gur ar neamhthoil pholaiteoirí cúrsaí inimirce a phlé i gceart a bhí cuid den mhilleán go raibh daoine i mbun achrainn i mBéal Feirste. Is pointe réasúnta é ach is follas an leas mínáireach a bhaintear as mar leithscéal.
Bhí trácht ar mheáin na Breataine ar an gComh-Limistéar Taistil idir an Bhreatain agus Éirinn agus ar an deis a thug sé don fhear a cúisíodh san ionsaí ar Stephen Ogilvie an Ríocht Aontaithe a bhaint amach ó Bhaile Átha Cliath. Níl aon chosúlacht ar an scéal áfach go n-athrófar socrú a oireann do shaoránaigh ón dá thír agus atá i bhfeidhm le breis agus céad bliain.
Phléigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Helen McEntee agus Státrúnaí an Tuaiscirt, Hilary Benn comhordú idir an dá rialtas maidir le cúrsaí inimirce ach níl aon mhór-athrú beartaithe fós.
Maidir le Musk agus fathaigh eile na meán sóisialta, is follas i gcónaí tuairim an dá rialtas nach féidir nó nach mian leo an dochar a éascaíonn siad a chosc nó a shrianadh go héifeachtach. Mar a léiríodh arís go hindíreach sa Dáil Dé Céadaoin.
D’iarr Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús ar an Taoiseach Elon Musk, Conor McGregor agus daoine eile a spreagann foréigean agus a chothaíonn easaontas, dar leis, a cháineadh.
Dúirt Micheál Martin leis gur cháin sé ar tharla i mBéal Feirste chomh maith, an ciníochas a spreag é agus meáin áirithe a chothaigh teannas sa chathair.
Níor thagair an Taoiseach d’Elon Musk ná do na daoine eile a luaigh Paul Murphy. Ná don ‘troid’ a mhol an trilliúnaí ar X go gairid sular díbríodh teaghlaigh ó thithe i mBéal Feirste.
Fág freagra ar 'Círéibeacha Bhéal Feirste agus mífhreagracht nimhiúil na meán sóisialta'