Bhí uair ann, lá den saol, go gcaití Rásaí na Gaillimhe ag tnúth le cluichí ceannais agus leathcheannais na hÉireann agus ní bhíodh caint ná trácht ar cháinaisnéis, fiú sna laethanta ina mbíodh idirbheartaíocht pholaitiúil go leor dá déanamh i bpuball Fhianna Fáil mar nach mbeadh a leithéid ann go dtí duairceas agus dorchadas an gheimhridh.
Ní hamhlaidh atá níos mó, faraor, agus na Rásaí anois ar cheann de mhórimeachtaí deiridh an tsamhraidh. Tá scléip agus ceiliúradh na gcluichí ceannais ag teacht chun críche (seachas i Maigh Eo), tá na leabhair scoile dá gceannach agus ó d’athraigh na rialacha ag leibhéal Eorpach agus baile a bhaineann le cúrsaí airgeadais tá an chaint agus an idirbheartaíocht agus na gealltanais faoin mbuiséad faoi lán seoil.
Cáin, cáin agus cáin arís, a dúirt an tAire Fiontair Peter Burke an tseachtain seo a bheidh mar chúlra ag an mbuiséad i mbliana.
Ba é a laghad a rinneadh anuraidh faoi cháin phearsanta daoine an cáineadh ba mhó ar an méid a d’fhógair Paschal Donohue.
Roghnaigh an rialtas tús áite a thabhairt do thionscal na lónadóireachta agus na hóstaíochta a raibh stocaireacht go leor déanta acu le ráta níos ísle cáin bhreisluacha a chur i bhfeidhm orthu. B’fhéidir ná thuig ceachtar taobh gur beag tairbhe a bhaineann le cáin bhreisluacha níos ísle sa tionscal nuair nach bhfuil pingin i bpóca daoine le leas a bhaint as an tseirbhís.
Tá an tuiscint sin ag an rialtas i mbliana, dar leis an Tánaiste Simon Harris, an té atá tagtha i gcomharbacht ar Paschal Donohoe. Níl aon suim ag fear Chill Mhantáin sna rúin mhóra a bhain le cáinaisnéisí tráth. Bhí uair ann nuair a bhíodh sé deacair deimhniú a fháil ar dháta don ócáid go dtí seachtain nó coicís roimh ré, ní áirím leid faoi na tosaíochtaí a bheadh ag an rialtas.
Tá Fine Gael ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar cheist na cánach agus a chruthú gurb iadsan an páirtí a thacaíonn le cáiníocóirí – iad siúd a éiríonn moch ar maidin, mar a dúirt iarThaoiseach de chuid an pháirtí tráth.
Tá siad ag iarraidh go mbeadh buíochas orthu as aon laghdú cánach. Is cinnte go bhfuil siad ag iarraidh nach mbeadh an bhéim ar mhí-éifeacht airgeadais na ranna rialtais ina bhfuil cuid dá gcuid Teachtaí ag feidhmiú.
Níl aon dáta againn go fóill d’oscailt ospidéal na leanaí agus tá sé tugtha le fios go cinnte ag Jennifer Carroll MacNeill nár chóir do na conraitheoirí BAM atá i mbun na hoibre aon tairiscint a dhéanamh ar an gconradh don ospidéal nua máithreachais.
Ní mó ná sásta atá an chomh-aireacht, ach an oiread, leis na pionóis atá orthu mar gheall ar róchaiteachas os cionn €600 milliún sa Roinn Oideachais. Idir an dá linn, tá an tAire Caiteachais Phoiblí ag gealladh do dhaoine i nGaillimh agus Baile Átha Cliath nach gceadóidh sé tuilleadh moille leis an gcuarbhóthar ná an Metrolink. Léirigh ráiteas airgeadais an tsamhraidh go bhfuil €8.5 billiún le caitheamh i mí Deireadh Fómhair idir chaiteachas reatha, caipitil agus bhearta cánach.
Tá dhá mhí go leith idir seo agus an buiséad agus ceithre seachtaine go leith i mí Lúnasa nuair a bheidh an aicme pholaitiúil ar saoire le gach uile gné di a phlé agus chíoradh.
An mbeidh mórán eitleoga ar foluain?
Más fíor go mbeidh acmhainní níos teoranta ná mar a bhí cheana le fada, beidh an méid a fhéadfar a dhéanamh cúng go maith gan trácht ar a bheith ag déanamh allúntas do chainteanna pá agus faoiseamh ón gcostas maireachtála.
Déanfaidh siad cúpla seachtain fhada i measc oifigigh na Roinne Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí a dtitfidh an t-ualach orthu i ndeireadh an lae an scála a chothromú.
Fág freagra ar 'Cáin, cáin agus cáin arís eile – coimhlint an bhuiséid ina tús'