300ú heagrán de ‘Scéal, Scéal, Scéal’ foilsithe

Ba i mBealtaine 2020 a foilsíodh an chéad eagrán de nuachtlitir Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga

300ú heagrán de ‘Scéal, Scéal, Scéal’ foilsithe

Tá an 300ú eagrán ar líne den nuachtlitir ‘Scéal, Scéal, Scéal’ foilsithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don cheantar ó Ros an Mhíl go dtí na Forbacha.

Ba i mBealtaine 2020 a foilsíodh an chéad eagrán den nuachtlitir agus, seachas aimsir na Nollag, foilsíodh í chuile Dhéardaoin ó shin i leith.

Ba leis an bpobal a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí an Fhóraim a cuireadh ‘Scéal, Scéal, Scéal’ ar fáil den chéad uair, ach de réir a chéile cuireadh leis an méid eolais a bhíonn ann.

Anois bíonn scéalta go leor faoi imeachtaí éagsúla nach mbaineann go díreach leis an bhFóram ar fáil sa nuachtlitir.

Ina measc seo, bíonn scéalta inti faoi imeachtaí cultúir, cúrsaí spóirt agus cruinnithe poiblí, chomh maith le nuacht áitiúil agus deiseanna fostaíochta.

Agus bíonn grianghraif d’fhoirne éagsúla an cheantair inti freisin ó am go ham.

Cuireadh go leor spéise sna heagráin faoi leith den nuachtlitir ina raibh saothar, idir píosaí iriseoireacht, scéalta agus dánta, le mic léinn ón dá scoil dara leibhéal sa gceantar, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán.

Ba í Katie Ní Loingsigh, a ceapadh mar an chéad Oifigeach Pleanála Teanga ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga i Márta 2020, agus bord stiúrtha an Fhóraim a chinn go bhfoilseofaí an nuachtlitir. An aidhm a bhí léi go bhféadfaí an pobal a chur ar an eolas faoi obair an Fhóraim agus scéalta a scaipeadh faoi imeachtaí pobal.

Bhí sé mar aidhm freisin pobal fíorúil a chruthú le linn don dianghlasáil a bheith i bhfeidhm an tráth úd.

An 21 Bealtaine 2020 a foilsíodh an chéad eagrán.

Ba í Katie, in éindí le hAoife Ní Chonghaile, a ceapadh mar an dara Oifigeach Pleanála Teanga in Iúil 2020, a leag síos an múnla don nuachtlitir.

Leanadh leis an bhfoilseachán nuair a tháinig oifigigh pleanála teanga eile i gcomarbacht ar Katie agus ar Aoife.

Tá samplaí de shaothar ó eagráin éagsúla de Scéal, Scéal, Scéal sa bhfoilseachán is deireanaí den nuachtlitir agus tá cartlann de bheagnach chuile eagrán ar fáil ar shuíomh gréasáin an Fhóraim.

Fág freagra ar '300ú heagrán de ‘Scéal, Scéal, Scéal’ foilsithe'