‘Bhí ‘Mín na Craoibhe’ iontach pearsanta dom agus ní raibh mé ag iarraidh ceol ó amhrán eile a chur leis’

Na hamhráin is gaire dá croí atá tugtha le chéile ag Diane Ní Chanainn san albam agus leabhar is deireanaí léi. Labhair sí le Tuairisc

‘Bhí ‘Mín na Craoibhe’ iontach pearsanta dom agus ní raibh mé ag iarraidh ceol ó amhrán eile a chur leis’

Ní raibh sé i gceist ag Diane Ní Chanainn leabhar a scríobh nuair a thosaigh sí ag obair ar an albam Mín na Craoibhe, ach de réir a chéile shocraigh sí na scéalta agus stair na n-amhrán a chur leis agus is as sin a d’fhás an leabhar atá foilsithe ag Éabhlóid leis an albam.

Amhránaí, ceoltóir agus cumadóir amhrán í Diane Ní Chanainn as Mín Lárach in aice le Gort a’ Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall, a bhfuil aithne mhaith uirthi in Éirinn agus thar lear mar amhránaí ar an sean-nós agus amhránaí traidisiúnta. Is minic go mbaineann sí casadh nua as amhráin aitheanta ón traidisiún agus í ag cur cóiriú nua orthu.

“An sprioc a bhí agam ná gur amhráin iad a bhí pearsanta dom féin. Ceann acu sin ná ‘Mín na Craoibhe’ agus sin amhrán a bhaineann le ceantar m’athar. Agus is as an cheantar sin é Cathal Ó Searcaigh freisin, a scríobh an t-amhrán.”

Scríobh Cathal Ó Searcaigh go leor amhrán do Diane nuair a thosaigh sí amach agus rinne sí taifead ar cheann nó dhó acu ag an am. Ach, choinnigh sí ‘Mín na Craoibhe’ agus is ceann é a deir sí a bhí an-ghar dá croí.

“Is ann a bhí m’athair mhór agus mo mháthair mhór agus d’fhás m’athair suas ann. Bhí an t-amhrán sin iontach pearsanta dom agus ní raibh mé ag iarraidh ceol ó amhrán eile a chur leis. Chuaigh mé ag obair le Dónal O’Connor agus thug sé sin cuidiú dom.”

Is iomaí bliain atá caite ag Diane Ní Chanainn g gabháil fhoinn, ag múineadh agus ag bailiú amhrán traidisiúnta, ach de réir mar a bhí sí ag obair ar an togra is deireanaí léi, bhí sí ag iarraidh na scéalta a bhain leis na hamhráin a roinnt freisin.

“Nuair a rinne mé mo chéad albam, bhí leabhrán istigh leis ina raibh na liricí agus nótaí beaga faoi na hamhráin. Bhí daoine ag caint liom faoin dúil a bhí acu sa leabhrán a chuaigh leis an albam.”

Agus í ag obair ar Mín na Craoibhe, thug sí cuireadh do na daoine a roinn na hamhráin seo léi nótaí a scríobh le cur sa leabhar, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Lillis Ó Laoire, Pádraigín Ní Uallacháin, Cathal Ó Searcaigh agus daoine eile.

“An chéad uair a bhí mé ag tógáil na n-amhrán, fuair mé go leor amhrán ó Lillis agus Brian Danny Mhinnie, agus nuair a bhí mé ag cur an leabhair le chéile, d’fhiafraigh mé díobh an scríobhfadh siad píosa faoi na hamhrán dom.

“Le Pádraigín, ní comhrá pearsanta a bhí agamsa léi nuair a thóg mé an t-amhrán ar dtús, is i leabhar a thug cara dom blianta ó shin a fuair mé an t-amhrán. Bhí dúil agam sa leagan a bhí aici, agus tar éis blianta a bheith ag canadh an amhráin, tharla go raibh sise ag déanamh taighde mór agus ag cur suíomh idirlín le chéile faoi amhráin Oiriall, agus d’iarr sí ormsa a theacht agus an t-amhrán a cheol ag an am.

“Bhí aithne againn ar a chéile ón uair sin agus nuair a bhí mé ag obair ar an leabhar d’iarr mé uirthi píosa a scríobh faoi.”

Tá an obair ealaíne lárnach sa leabhar freisin. Rinne an t-ealaíontóir Jessie Smith saothair chomhaimseartha ealaíne atá bunaithe ar an mbéaloideas agus an seanchas a bhaineann leis na hamhráin féin.

Nuair a bhí an obair ar an togra ar bun, bhuail tinneas Diane agus bhí uirthi tarraingt siar ón taisteal fad is a bhí biseach ag teacht uirthi.

“Bhí sé iontach deacair mar bhí m’intinn ag dul ag luas iontach, ach ní raibh mo chorp ag dul ar chor ar bith. Chuaigh mé ar ais go dtí an t-albam agus thosaigh mé ag cuimhneamh cén clúdach a bheadh air agus tar éis comhrá a bheith agam le Eoghan Mac Giolla Bhríghde ó Éabhlóid, smaoinigh mé gur dheas leabhar a chur le chéile.”

Tugtar le chéile ar an albam, a léirigh Dónal O’Connor, meitheal ceoltóirí, ina measc Steve Cooney, John McSherry, Conor McCreanor, Francis McIlduff agus Paul Meehan agus ceolfhoireann Uladh faoi stiúir Paul Campbell.

Tá éagsúlacht mhór le cloisteáil ar an albam idir stíl agus leagan amach na n-amhrán a léiríonn buanna Diane Ní Chanainn agus na hamhráin is ansa léi.

“Tá mé iontach sásta go bhfuil sé amuigh mar leabhar. Achan stíl, ach an tionlacan difriúil agus an cóiriú difriúil ar na hamhráin atá agam agus tugann sé réimse mór isteach ann. 

Beidh Mín na Craoibhe á sheoladh Dé Sathairn ar an 1 Lúnasa i mBéal Feirste.

Fág freagra ar '‘Bhí ‘Mín na Craoibhe’ iontach pearsanta dom agus ní raibh mé ag iarraidh ceol ó amhrán eile a chur leis’'