Nílim ag iarraidh a bheith i mo bhithiúnach frith-Mhoslamach

Déanann ár gcolúnaí a mhachnamh faoin ionsaí ar an bpobal LADT+ a tharla i mBeirlín ag an deireadh seachtaine

Nílim ag iarraidh a bheith i mo bhithiúnach frith-Mhoslamach

Geata Brandenburg i mBeirlín. Pictiúr: Orator/Wikipedia

Scaoil na póilíní i mBeirlín Abdul B. chun báis agus é ar a theitheadh tar éis ionsaí ar chóisir Bród sa chathair sin le mionbhus agus maiseite, ionsaí inar dúnmharaíodh bean amháin agus inar leonadh 29 duine eile.

Nuair a léigh mé go raibh na póilíní tar éis Abdul B. a scaoileadh chun báis nuair a d’ionsaigh sé iad le linn iarracht é a ghabháil, níor éirigh liom aon trua a mhothú dó.

Mhothaigh mé ina ionad sin fuath, agus ní do Abdul B. amháin ach don dream as ar eascair sé. Rud a bhain siar asam, go mór, toisc gur mothúchán gránna míshláintiúil atá san fhuath. Ní chothaíonn an fuath ach fuath, agus níl mé ag iarraidh a bheith ar dhuine de na daoine sin a bhfuil an ghráin acu ar phobal iomlán, díreach toisc go bhfuil daoine i measc an phobail sin atá go hiomlán as a meabhair.

Mo chroí agus mo choinsias idir mé agus an eite fhíordheis.

Ach ní thagann an fuath – agus fuath a bhíonn taobh thiar de chuile ionsaí ar an bpobal LADT+ – ní thagann an fuath chun cinn i bhfolús. Cá raibh tuistí Abdul D.? Deartháireacha, deirfiúracha, uncaileacha, aintíní, col ceathracha, cairde, comharsana?

Tá ceisteanna á gcur faoi láthair sa Ghearmáin maidir leis an gcaoi ar lig na húdaráis do Abdul B., a ciontaíodh i mí na Bealtaine as coir fhoréigneach, an príosún a sheachaint ar an gcoinníoll go nglacfadh sé páirt i gcúrsa díradacaithe.

Is ceart agus is cóir go bhfuil na ceisteanna sin á gcur, ach bímis ionraic faoi: ní ar údaráis na Gearmáine an locht go ndearnadh radacach de Abdul B. an chéad lá riamh, ná gur lasadh ina aigne fuath do dhaoine a thugann grá do dhaoine dá n-inscne féin, do dhaoine a thugann dúshlán na n-inscní seanbhunaithe, agus mar sin de.

Gan dabht, ní raibh an t-ionsaí i mBeirlín ag an deireadh seachtaine ar an gcéad ionsaí a rinne sceimhlitheoirí Ioslamaíocha ar an bpobal LADT+. An homafóibe agus an t-antoisceachas Moslamach a bhí taobh thiar d’ionsaí a tharla le linn fhéile Bród in Osló na hIorua i mí an Mheithimh 2022; dúnmharaíodh beirt agus leonadh 21. An t-ionsaí ba thromchúisí den chineál sin ná an ceann a tharla sa chlub Pulse in Orlando na Stát Aontaithe i mí an Mheithimh 2016, ionsaí inar dúnmharaíodh 49, inar leonadh 58, agus inar maraíodh an t-ionsaitheoir féin freisin.

Níl mé chomh gearrbhreathnaitheach sin go gceapaim go bhfuil an homafóibe teoranta don Ioslam amháin, ná go deimhin gur Ioslamaíoch atá i ngach uile Ioslamach (duine a cheapann gur chóir go mbeadh an Ioslam mar bhunús le struchtúr an stáit agus na sochaí atá sa duine leis an í breise.)

Nílim ag iarraidh ach oiread a bheith ar m’airdeall chuile uair a fheicim mionbhus á thiomáint ag fear Arabach. Ach an mbíonn an t-ionsaí a tharla i mBeirlín ag an deireadh seachtaine agus eachtraí Osló agus Orlando ar chúl m’aigne?

Bíonn.

In aghaidh mo thola agus i m’ainneoin féin.

Go háirithe agus an fhéile WorldPride ar siúl faoi láthair san Ísiltír, mar a bhfuil cónaí orm.

Deir lucht eagraithe fhéile Bród Bheirlín i ráiteas: ‘Aithnímid sceimhlitheoireacht Ioslamaíoch gan aon agó. Ag an am céanna táimid go daingean i gcoinne gach iarracht teacht i dtír ar an eachtra seo chun fuath a ghríosú i gcoinne Moslamach nó i gcoinne daoine de shliocht áirithe.’

Tá sé sin an-lách agus an-tuisceanach go deo ach chomh maith leis sin, céard eile a d’fhéadfaidís a rá? Dá dtiocfadh an eite fhíordheis i dtír ar an eachtra seo (tá an páirtí nua-fhaisisteach AfD ar an dara páirtí is mó sa Ghearmáin) ní dea-thuar a bheadh ansin do chearta an phobail LADT+ ach oiread, ná go deimhin don daonlathas.

Tá an pobal LADT+ ag seasamh gualainn ar ghualainn leis an bpobal Moslamach mar sin, ina gcuid ráiteas oifigiúil ar chaoi ar bith. Ach an bhfuil an pobal Moslamach gualainn ar ghualainn leis an bpobal LADT+? An bhfuil tuistí, deartháireacha, deirfiúracha, uncaileacha, aintíní, col ceathracha, cairde agus comharsana ag cinntiú nach dtarlóidh eachtraí mar a tharla i mBeirlín an deireadh seachtaine seo caite go deo arís?

Fág freagra ar 'Nílim ag iarraidh a bheith i mo bhithiúnach frith-Mhoslamach'