Dé Sathairn atá ann, lá den scoth chun suí síos i dteach caife éigin agus breathnú ar dhaoine agus a bheith ag cúléisteacht leo.
Breathnú ar dhaoine agus a bheith ag cúléisteacht leo, sin cuid de phríomhghnóthaí an scríbhneora.
Má theastaíonn uait carachtar ficseanúil inchreidte a chruthú ar pháipéar, ní mór duit pictiúr soiléir a chruthú den charachtar sin i d’aigne féin ar dtús.
Ní gá duit na sonraí ar fad a thabhairt don léitheoir ina dhiaidh sin (bíonn blas ar an mbeagán) ach níor chóir go mbeadh aon amhras ort féin agus tú i mbun scríbhneoireachta faoi airde do charachtair, faoi dhath na gruaige agus na súl, faoin gcineál éadaí a chaitheann sé nó sí, agus mar sin de.
Ní gá duit cúig euro a chaitheamh ar cappuccino chun feisteas a roghnú do do chuid carachtar. Féadfaidh tú sin a dhéanamh ar líne (déan cuardach íomhánna ar ‘ghúna samhraidh’ agus gheobhaidh tú míle sampla.)
Lena chois sin, saoithíní faisin as an áireamh, den chuid is mó ní bhíonn mórán spéise ag léitheoirí sa chineál bróg, spéaclaí gréine nó fáinní cluaise a chaitheann carachtair fhicseanúla (an riail atá agam féin ná gan sonraí mar sin a thabhairt mura n-insíonn siad rud éigin sa bhreis – faoi chumhacht cheannaigh an charachtair, cuir i gcás.)
Ach ceann de na rudaí is mó a mbainim féin sult astu mar léitheoir, ceann de na rudaí is deacra le fáil i gceart mar scríbhneoir, agus ceann den dá phríomhchúis gur maith liom féin am a chur i leataobh gach seachtain chun suí síos agus breathnú ar dhaoine, ná gluaiseachtaí.
Bíonn sé iontach deacair cur síos a dhéanamh ar ghluaiseachtaí agus níl áireamh ar an líon gluaiseachtaí éagsúla a theastóidh uait chun scéal a insint ar bhealach mealltach, físiúil.
Ón áit a bhfuil mé i mo shuí anois, sa leabharlann, tá radharc agam tríd an bhfuinneog ar fhear óg atá ag obair ar shuíomh tógála. Le deich nóiméad anuas, tá ord á bhualadh anuas ar chuaillí iarainn aige sa rithim cheannann chéanna, gan stad gan staonadh, ag bogadh ó chuaille go cuaille gan aird aige ar rud ar bith ach ar a chuid oibre.
Idir an dá linn tháinig an gruaigeadóir a bhfuil siopa aige taobh thiar den suíomh tógála amach as taobhshráid de shodar; ansin chaith sé tamall fada ag útamáil lena chuid eochracha sular éirigh leis custaiméir a bhí ag fanacht leis a ligean isteach.
Is léir óna gcuid gluaiseachtaí go bhfuil pearsantachtaí an-éagsúil ag an tógálaí agus ag an ngruaigeadóir.
An phríomhchúis eile go mbím sásta airgead mór a chaitheamh ar chupán caife amuigh sa bhaile mór ná chun a bheith ag cúléisteacht le daoine. Bíonn sé sin iontach cabhrach má theastaíonn uait an chaint i do chuid ficsin a fháil i gceart, agus cá bhfios nach gcloisfidh tú seoid éigin a spreagfaidh casadh i bplota nó scéal úrnua.
Tabhair aghaidh ar theach caife mar sin agus tabhair leat leabhar nótaí. Bíodh do shúile ar oscailt agus do chluasa ar bior, agus má theastaíonn uait pictiúr a ghlacadh de dhuine éigin i ngan fhios dó, seo comhairle ó fhairtheoir daoine gairmiúil: lig ort go bhfuil féinín á ghlacadh agat agus cuir an duine a bhfuil spéis agat ann sa chúlra. Ná déan dearmad straois nó puisín a chur ort. Níor rugadh orm fós.
Fág freagra ar 'Lá breá inniu chun breathnú ar dhaoine agus a bheith ag cúléisteacht leo!'