Thosaigh mé amach ag obair ar ‘An Ghaeltacht, the musical’

Go dtí go ndeachaigh sí go coláiste samhraidh agus í ina déagóir, níor thuig Shauna Carrick go bhféadfaí an saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Labhair údar an cheoldráma nua Saoirse le Tuairisc

Thosaigh mé amach ag obair ar ‘An Ghaeltacht, the musical’

Níor chuimhnigh Shauna Carrick riamh go bhféadfadh sí ceoldráma a scríobh ó thús go deireadh i nGaeilge. Ach sin atá déanta aici agus beidh an seó is deireanaí léi, Saoirse, á léiriú ag An Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

“Is aoibhinn liom é agus níor thuig mé go mbeinn in ann é sin a dhéanamh. Ní raibh a fhios agam go raibh an Ghaeilge agam len é sin a dhéanamh, a bheith ag scríobh agus ag obair go hiomlán trí Ghaeilge. Tá sé níos fearr ná go breá, tá sé ar fheabhas.”

I nGaeltacht Chiarraí atáimid don  cheoldráma nua a insíonn scéal déagóra ag coláiste samhraidh. Pléann sé leis na cuimhní a bhíonn ag go leor daoine ar an gcéad ghrá, ar chairdeas agus ar d’áit sa saol a aimsiú.

Breathnaíonn an seó freisin ar na dúshláin atá roimh phobal na Gaeltachta sa lá atá inniu ann, ina measc easpa tithíochta agus cearta teanga. Dar le Carrick, bhí sé tábhachtach go mbeadh scéal mhuintir na Gaeltachta sa scéal chomh maith le scéal na scoláirí.

“Bhí sé tábhachtach dom go mbeadh an dá thaobh den scéal ann, ní scéal na ndaltaí amháin ach scéal na ndaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht chomh maith. Rinne mé go leor taighde agus labhair mé le daoine sa Ghaeltacht. Tagann an inspioráid don seó ó mo thaithí féin agus mé i mo dhéagóir, ach thóg mé a lán rudaí ó na daoine a labhair liom chomh maith.”

Ceoltóir, cumadóir agus scríbhneoir as Baile Átha Cliath ó dhúchas í. Bhí a croí sa gceoldrámaíocht riamh. Aisling a bhí aici agus í ina cailín óg ná a bheith ag damhsa sna ceoldrámaí, ach bhain timpiste di agus ní raibh sí in ann leanúint uirthi leis an damhsa. Chuaigh sí leis an scríbhneoireacht agus an chumadóireacht ina áit.

Ghnóthaigh sí ardmholadh as a céad seó, Chromatics, in 2017, dráma faoin saol ag fás aníos in Éirinn a cuireadh ar stáitse mar chuid de Musical Bites sa The Other Palace i Londain agus níos déanaí sa Mill Theatre Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Lean sí uirthi le seónna eile, ina measc Shauna Carrick Wants a Dog agus Tír na nÓg, ceoldráma dátheangach ina gcaitear súil eile ar an scéal aitheanta ón mbéaloideas. Is é Saoirse an chéad cheoldráma atá scríofa aici go hiomlán as Gaeilge.

“Tá sé iontach a bheith ag obair leis an Taibhdhearc agus ní gá dom a bheith ag déanamh gach rud mé féin. Is mór an onóir dom a bheith ag obair leo agus thug siad an-tacaíocht dom.”

Tar éis di a bheith ag obair ar Tír na nÓg in 2022 bhí fonn uirthi níos mó oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. An chéad smaoineamh a bhí aici don cheoldráma Saoirse ná ‘An Ghaeltacht, The Musical’.

“Thosaigh mé amach ag obair air mar cheoldráma dátheangach ‘An Ghaeltacht, The Musical’. Bhí muid le Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe in 2024 agus thosaigh mé ag scríobh cúpla amhrán an uair sin. Ní raibh ach radharc amháin agam ar dtús.

“Thug an Taibhdhearc tacaíocht dom píosa beag oibre a dhéanamh air agus rinneamar obair forbartha i mí na Bealtaine 2025 agus arís ina dhiaidh sin. Bhaineamar an-taitneamh as agus ansin tháinig an Taibhdhearc chugam agus dúirt siad go raibh spéis acu ann, agus dúirt siad, ‘An féidir leat é a dhéanamh go hiomlán as Gaeilge?'”

Níor tógadh í le Gaeilge. D’fhoghlaim sí í ar scoil agus bhíodh sí páirteach i ndíospóireachtaí Ghael-Linn.

“Chuaigh mé go Coláiste na bhFiann nuair a bhí mé óg agus sin é an chéad uair a thuig mé nach ábhar scoile amháin a bhí sa Ghaeilge. Sin é an chéad uair a thug mé faoi deara gur féidir linn ár saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Am an-chinniúnach i mo shaol a bhí ann agus sin é an fáth go bhfuil mé ag scríobh faoi anois i Saoirse.”

Tá súil ag Shauna go mbainfidh daoine a bhfuil cuimhní acu ar an gcoláiste samhraidh taitneamh as an seó agus go dtabharfaidh sé muinín do dhaoine le teagmháil a bheith acu leis an nGaeilge ar bhealach nua.

“B’aoibhinn liom lá éigin dul timpeall na tíre agus a bheith ag caint le daoine agus saghas, an droichead sin a chruthú do dhaoine, b’fhéidir nach bhfuil compordach leis an nGaeilge, is a rá leo, ‘Fáilte isteach, dháiríre!”

Fág freagra ar 'Thosaigh mé amach ag obair ar ‘An Ghaeltacht, the musical’'