Tá taighde coimisiúnaithe ag an Aire Geilleagair, Caoimhe Archibald, faoin tionchar a bheidh ag an nGaeilge ar an ngeilleagar agus faoin tacaíocht a bheith ag teastáil do “fhórsa saothair Gaeilge”.
Déanfaidh scoláirí de chuid Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste an dá staidéar atá coimisiúnaithe ag Archibald, agus súil ag an aire go dtabharfaidh na torthaí “treoir” d’fhorbairt polasaí agus go dtacóidh siad le “forbairt postanna agus scileanna”.
“Tá an tuiscint ag dul i méad go bhfuil luach cultúrtha agus sóisialta leis an nGaeilge. Mar sin féin, ní thugtar an aird chéanna ar a féidearthachtaí ó thaobh an gheilleagair de, mar rud a spreagfadh athnuachan áitiúil agus rud a chuirfeadh le fás eacnamaíoch níos leithne.
“Cabhróidh an taighde seo le treoir a thabhairt do chinntí polasaí le tacú le forbairt postanna maithe agus scileanna agus spreagfaidh sí comhráite níos leithne de réir mar a éiríonn ár sochaí níos imeasctha agus ionchuimsitheach. Táthar ag súil leis an gcéad phíosa taighde i bhfómhar 2026 agus an dara píosa in earrach 2027,” a dúirt an tAire Archibald.
Economic Impact Assessment of the Irish Language is teideal don chéad phíosa taighde a dhéanfar agus déanfar iarracht ann an méid a chuireann an Ghaeilge le gníomhartha eacnamaíochta sa Tuaisceart a áireamh agus a mheas.
Táthar ag súil go leagfaidh sé bonn, bunaithe ar fhianaise, do pholasaí agus do chinntí infheistíochta a dhéanfar amach anseo. Deir an Roinn Geilleagair go mbreathnófar freisin sa staidéar ar na bealaí a bhféadfaí an luach eacnamaíoch ab fhearr a bhaint as “mionteangacha eile”.
‘An Chéad Ghlúin Eile: Sustaining and Developing the Irish-Medium Economy and Workforce’ is teideal don dara píosa taighde agus déanfar measúnú sa cheann sin ar “éifeachtacht” an chláir ‘An Mheitheal Mheantóireachta’, clár atá ceaptha cur le líon na ndaoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge.
Táthar ag súil go ndéanfaidh an taighde seo eolas a chur ar fáil don chéad chéim eile den chlár.
Tá fáilte curtha roimh an scéala go ndéanfar an taighde nua ag Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds, a dúirt go bhfuil an taighde “tráthúil” i bhfianaise chur i bhfeidhm Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022.
“Léiríonn forbairt earnáil na Gaeilge i dTuaisceart Éireann go dtugann an infheistiú a dhéantar san infreastruchtúr sóisialta agus do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge buntáistí cearta, agus go mealltar tuilleadh infheistíocht chaipitil agus go gcuirtear le torthaí oideachais.
“Cruthaíonn na buntáistí seo torthaí eacnamaíochta níos leithne fós. Ba cheart go gcruthóidh an taighde seo fianaise láidir le heolas a thabhairt do chinntí faoin gcaiteachas poiblí a dhéanfar amach anseo,” a dúirt Deeds.
Tá cáineadh déanta, áfach, ag leascheannaire an UUP, Diana Armstrong, ar an taighde atá beartaithe agus é ráite aici gur cleas ag Sinn Féin é le vótaí a aimsiú i dtoghchán na bliana seo chugainn. Dúirt sí gur “gáifeacht pholaitiúil” a bhí sa taighde agus gur “tionscadal siombalach faoin nGaeilge” a bhí ann.
Mhaígh an MLA d’Fhear Manach agus Tír Eoghain Theas gurb é an Béarla teanga na tráchtála in Éirinn agus go gcaithfí “ceisteanna móra” a chur maidir leis an airgead poiblí atá le caitheamh ar an taighde.
Fág freagra ar 'Taighde faoi thionchar na Gaeilge ar an ngeilleagar coimisiúnaithe ag an Aire Caoimhe Archibald'