Nan Tom Taimín agus ‘Amhrán Mhaínse’ – an t-amhrán is ansa leis na Gaeil

‘Crói’ agus ‘anam’ na focail a luann Nan Tom Taimín De Búrca go minic is í ag tráchta ar na hamhráin

Nan Tom Taimín agus ‘Amhrán Mhaínse’ – an t-amhrán is ansa leis na Gaeil

Ar thóir Nan Tom Taimín a bhí an bhean óg agus, chuige sin, bhí sí tar éis tiomáint as baile Shligigh go Conamara. Ní hé go raibh aon aithne aici ar an bhfonnadóir, ach theastaigh uaithi castáil léi le go bhféadfadh sí a meas uirthi a chur in iúl di go pearsanta.

Tráthnóna Aoine a bhí ann i samhradh na bliana 2018 agus chas í féin is a cara isteach i dTigh Ghiblin i sráidbhaile an Spidéil, áit a raibh siad leis an oíche a chaitheamh. Dhéanfadh siad a mbealach siar an mhaidin dár gcionn.

Caitheadh cuid mhaith den tráthnóna sin ag caint faoin gceol tíre. I Márta na bliana sin chas Emmylou Harris ag an bhféile Country To Country i mBaile Átha Cliath agus bhí bean Shligigh thar a bheith moltach faoi bhean Birmingham Alabama agus a glór. Ach bhí bean Charna chomh maith léi nó níos fearr, a dúirt sí.

Is mar gheall ar a cuid amhrán ceol tíre a bhí suim aici i Nan Tom Taimín de Búrca. Ní dóigh gur tarraingíodh anuas a cumas mar amhránaí ar an sean-nós an tráthnóna úd. Níor luadh Amhrán Mhaínse ná aon cheann eile acu. Ach is cinnte gur labhraíodh faoina leagan d’Amhrán Leeds, a chum Tom a’ tSeoighe.

Is cosúil nach í bean Shligigh amháin a bhfuil cion agus meas acu ar Nan Tom Taimín agus ar a glór agus a cuid amhrán. Léiríodh é sin le gairid nuair a roghnaíodh a leagan d’Amhrán Mhaínse ar an gceann is mó atá i gcroí éisteoirí nuair a fógraíodh torthaí an fheachtais ‘An tAmhrán is Ansa leis na Gaeil’, a reáchtáladh ar an gclár Cóisir Cheoil ar Raidió na Gaeltachta.

Is ar an albam Traditional Songs from Connemara, a eisíodh in 2002, atá fáil ar leagan an Bhúrcaigh d’Amhrán Mhaínse agus bhí sé ar cheann de na trí amhrán a roghnaigh sí is a chas sí ar an gclár Na hAmhráin is Ansa Liom, a chuir Antaine Ó Faracháin i láthair, agus a craoladh ar TG4 in 2011.

Ar an gclár sin, thug sí léargas ar an traidisiún láidir san amhránaíocht atá san áit inar rugadh is a tógadh í – Roisín na Mainiach i gCarna. Amhránaíocht a máthar Sarah is a huncail Patrick a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus í ag fás aníos, agus bhíodh sí ag éisteacht le Dara Bán Mac Donnchadha agus Seán Jeaic chomh maith.

Bhíodh amhráin le cloisteáil ón stáitse a bhíodh feistithe ar an gcéibh Lá Mhic Dara agus freisin sna tithe ósta agus nuair a bhíodh timeannaí sna tithe agus duine eicínt ag dul go Meiriceá.

Thaitin ‘Amhrán Mhaínse’ léi an chéad uair ariamh a d’airigh sí é, a dúirt sí. Thaitin an fonn léi go mór agus airíonn sí ceangal leis an amhrán mar is sa reilig san oileán úd atá a tuismitheoirí agus gaolta eile léi curtha.

Is ceann de na hamhráin é a bhfuil eolas againn faoi, a dúirt sí le Ó Faracháin, ceann a bhfuil a fhios againn go raibh a leithéid de scéal amhlaidh. Níl a fhios againn mórán faoi go leor de na hamhráin eile toisc gur cumadh iad cúpla céad bliain ó shin.

‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ an chéad amhrán a chas Nan Tom Taimín os comhair an phobail, a d’inis sí do MháirtÍn Tom Sheainín Mac Donncha ar an gclár Comhrá ar TG4 in 2016. B’in ag Aeríaocht Leitir Móir nuair a bhí sí ceithre bliana déag d’aois.

I 1977, bhuaigh sí Comórtas na mBan ag an Oireachtas. An bhliain dár gcionn, chuaigh sí go Londain Shasana áit ar chaith sí roinnt blianta ag canadh le dhá bhanna ceol tíre.

Tar éis di filleadh ar Éirinn, bhuaigh sí Comórtas na mBan arís i 1986. Ba ag Oireachtas 1998 a thug sí léi Corn Uí Riada den chéad uair agus rinne sí an t-éacht sin arís sa mbliain 2000. Bronnadh Gradam an Amhránaí uirthi ag Gradaim Cheoil TG4 in 2014.

Bhí meascán d’amhráin as chuile chearn den tír, cuid acu a cumadh le gairid agus cuid eile a cumadh sna blianta siar, a bhain amach áiteanna ar an liosta den 40 a d’fhógair Dónal Mac Ruairí ar an gclár Cóisir Cheoil.

Ach sé an t-amhrán a deirtear a chum Máire Ní Chlochartaigh as oileán Mhaínse, atá suite amach ó chósta Charna i gConamara, sa 19ú haois a chríochnaigh ar cheann an liosta.

Baineadh stangadh as Nan Tom Taimín nuair a chuala sí gur roghnaíodh a leagan d’Amhrán Mhaínse ar bharr an liosta den 40 Amhrán is Ansa leis na Gaeil. B’in a dúirt sí agus í faoi agallamh ag Micheál Ó Tuathail don chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta.

Ní raibh tada ar eolas aici faoi go dtí go bhfuair sí teachtaireachtaí ar a guthán an tráthnóna ar fógraíodh na torthaí.

Is onóir mhór é, a dúirt sí, agus taispeánann sé go mbíonn daoine ag éisteacht lena cuid amhrán agus go dtaitníonn siad leo.

Is amhrán é ‘Amhrán Mhaínse’ atá casta go mion minic aici i rith a saoil agus is ceann é a iarrtar uirthi fós a rá ag sochraidí is ag tórraimh.

Agus í ag tagairt d’ábhar an amhráin, faoi bhean atá imithe as a háit dúchais agus a iarrann, ar leaba a báis, go gcuirfí í san áit arb as di, dúirt sí gur dóigh go dtéann an t-amhrán i bhfeidhm chomh mór sin ar dhaoine mar go bhfuil a fhios ag chuile dhuine go bhfuil an bás i ndán dóibh am eicínt. Nuair a bhíonn an t-amhrán á rá aici, dúirt sí, dúnann sí a dhá súil agus cuireann sí a croí is a hanam isteach ann.

Is iomaí leagan d’Amhrán Mhaínse atá cloiste ag Nan Tom Taimín óna hóige, ach ba é an leagan le Joe Beag Sheáinín is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi.

“Chuaigh sé go croí ionam,” a dúirt sí ar Iris Aniar.

Nuair a fiafraíodh di an bhfuil difríocht mhór idir an sean-nós agus an ceol tíre, thug sí le fios gur féidir “ruainne beag den sean-nós a thabhairt isteach i gcuid de na hamhráin cheol tíre as an tír seo”. Ach ní dóigh léi go n-oibríonn sin le ceol tíre Mheiriceá.

Dúirt Nan Tom Taimín nár chas sí aon amhrán ar stáitse le blianta mar gheall ar chúrsaí sláinte, cé gur iarradh uirthi go minic sin a dhéanamh.

Tá sin crua uirthi, a dúirt sí, “mar bhí mo chroí is m’anam istigh sa gceol”.

Ach bhí údar dóchais, chomh maith, sa méid a dúirt sí mar thug sí le fios go bhfuil luach de bheagnach dhá dhlúthdhiosca d’amhráin ann a ndearna sí taifeadadh orthu sular chlis ar a sláinte. Amhráin i nGaeilge atá i gcuid acu sin agus cinn i mBéarla atá sa gcuid eile. B’fhéidir go n-éireodh léi iad a chríochnú amach anseo, a dúirt sí.

Caitheann Nan Tom Taimín cuid dá cuid ama anois leis an mbróidnéireacht. Tá línte agus véarsaí d’amhráin i nGaeilge is i mBéarla curtha aici ar éadach, chomh maith le híomhánna d’uirlísí ceoil. Ar cheann de na píosaí atá déanta aici, tá an véarsa deiridh d’Amhrán Mhaínse.

“Tá mo shaol féin ceangailte istigh san éadach sin,” a dúirt sí faoina hobair bhróidnéireachta.

“Crói” agus “anam” na focail a luaitear go minic sna hagallaimh atá déanta ag Nan Tom Taimín De Búrca i gcaitheamh na mblianta. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil an oiread sin tóir ar a cuid amhrán, ‘Amhrán Mhaínse’ ina measc.

Ní fios ar éirigh le bean óg Shligigh castáil lena laoch agus í ar a camchuairt ar Chonamara ocht mbliana ó shin, ach tá súil agam gur éirigh.

Fág freagra ar 'Nan Tom Taimín agus ‘Amhrán Mhaínse’ – an t-amhrán is ansa leis na Gaeil'

  • An Teanga Bheo

    Agus go leor eile amhráin brea aici ar nós “Roving Galway Boy
    agus buíochas le Dia is ban- laoch cumasach í linn
    Bean iontach fíuntach