Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus slad déanta acu ar chontae Lú

Bhí bua seacht bpointe déag ag Maigh Eo ar chontae Lú ach chonacthas teacht aniar dochreidte i gcluiche ceannais Chorn Tailteann agus aiséirí déanta ag Cill Mhantáin in aghaidh an Dúin

Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus slad déanta acu ar chontae Lú

Maigh Eo 3-23 Contae Lú 0-15

Tá peileadóirí Mhaigh Eo ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann tar éis d’fhoireann Andy Moran greadadh a bhualadh ar chontae Lú i bPáirc an Chrócaigh.

Farasbarr seacht bpointe dhéag a bhí ag na Connachtaigh ar a gcéilí comhraic, a chlis go hiomlán sa dara lath agus iad ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair le beagnach 70 bliain.

Nuair a bhuaigh Ros Comáin ar Mhaigh Eo le deich bpointe i mbabhtaí leathcheannais Chonnacht ag deireadh mhí Aibreáin, is beag duine a cheap go mbeadh Maigh Eo ag fáil réidh don lá mór sa gcéad bhliain ag Moran mar bhainisteoir, ach tá feabhas tagtha orthu lá i ndiaidh lae agus deis eile rompu anois deireadh a chur leis an bhfanacht fhada ar ghreim a fháil ar Chorn Mhig Uidhir.

Ní raibh ach ceithre phointe idir na foirne ag leath ama, Maigh Eo 2-8 in aghaidh 0-11 chun tosaigh, ach bhí ceannas iomlán ag Maigh Eo sa dara leath agus gan ach 0-4 aimsithe ag contae Lú i gcomparáid leis an 1-14 a ghéilleadar.

Laoch ab ea Ryan O’Donoghue, a d’aimsigh 1-11, ach níor fágadh na déagóirí chaon taobh leis faoina scáth agus a gcuid déanta ag Darragh Beirne (1-2) agus Kobe McDonald (0-4), a bhí ar nós rí beag sa dara leath.

Kobe McDonald agus Jordan Flynn. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí ionadaithe Mhaigh Eo ar an bpáirc ag ceiliúradh nuair a séideadh an bonnán ag an deireadh ach bhí cic saor fós le bualadh ag Ryan O’Donoghue agus ní raibh sé chun scaoileadh leis an deis cúpla pointe eile a chur ar chlár na scór. Cé go raibh sé breis is 50m amach agus imreoirí ag léimt timpeall air, lascáil an lántosach iarracht ghleoite eile idir na postaí chun gáir eile a mhealladh ón slua sna hardáin.

2-17 a scóráil an triúr sa líne lántosaithe ag Maigh Eo ach ba í an chaoi a bhain Maigh Eo an liathróid do chontae Lú arís agus arís agus arís eile sa gcluiche bunchloch an bhua. Bhí deacrachtaí ag Lú seilbh a bhuachan óna gcic amach féin sa gcéad leath ach chuaigh rudaí in olcas go hiomlán sa dara leath agus iad sáinnithe ina leath féin formhór an ama.

Ní raibh ach dhá iarracht ag contae Lú sa gcéad 20 nóiméad den dara leath agus cuireadh an péire acu ar strae. Nuair a d’aimsigh Ciarán Downey an sprioc faoi dheireadh sa 57ú nóiméad, ba é an chéad scór ag contae Lú le beagnach 30 nóiméad é agus an cath caillte faoin am sin.

Bhí coimhlint mhaith againn sa chéad 30 nóiméad agus bhí contae Lú curtha chun cinn ag dúiblín ó Chiarán Byrnes, 0-11 in aghaidh 1-7, sular thiteadar as a chéile. Buaileadh buille mór ar Lú roinnt noiméid roimhe sin nuair a d’fhág Craig Lennon an pháirc le gortú ach ní haon rud amháin ba chúis le tubaiste Lú.

Chuir Maigh Eo droch-thús leis an gcluiche agus chaill siad an sprioc leis an chéad trí iarracht acu ar na postaí. Ach nuair a tháinig an chéad seans eile, tháinig sé chuig an fear ceart. Bhronn droch-phas trasna na páirce ag duine d’imreoirí Lú an liathróid ar Mhaigh Eo agus ar Bob Towey i lár na páirce. Cé go raibh Ryan O’Donoghue saor ar thaobh na láimhe deise, bheartaigh Towey pass íseal a chur isteach i dtreo Kobe McDonald, a threoraigh go glic lena lámh í i dtreo O’Donoghue, a bhí anois ag gearradh isteach i dtreo an chúil. D’ardaigh O’Donoghue an liathróid go hálainn agus bhí an t-am ag fear Bhéal an Mhuirthid é féin a shocrú iarracht íseal faoi Niall McDonnell agus isteach i gcúl Lú.

Tommy Conroy (Maigh Eo) agus Kieran McCardle (Contae Lú). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ba é an t-ógánach Darragh Beirne, a scóráil seacht bpointe in aghaidh Chorcaí coicís ó shin, ba chúis le péire de na hiarrachtaí a chuir Maigh Eo amú sa gcéad cúig nóiméad sin ach bhí an misneach a thug cúl O’Donoghue do Mhaigh Eo le feiceáil go soiléir. Scóráil O’Donoghue féin an chéad phointe eile do Mhaigh Eo agus bhí a chéad scór ag Beirne go luath ina dhiaidh sin nuair a bhuail sé bob ar Daire Nally sular chuir sé an liathróid thar an trasnán. Chuir fear óg dorn san aer  do lucht tacaíochta Mhaigh Eo ar Chnoc 16.

Beirne a d’aimsigh an dara cúl do Mhaigh Eo trí nóiméad roimh leath ama. Rinne Sam Callinan go maith chun iarracht ó Beirne a thit i mbéal an chúil a bhuachan thug sé pas uaidh  ar ais go dtí naoscaire óg Maigh Eo, a bhí tar éis teacht isteach de rúid agus bháigh san eangach a iarracht.

Má bhí lucht tacaíochta Lú ag súil le freagra sa dara leath, ach níor tháinig sé agus bhí ceannas iomlán ag Maigh Eo ar an gcluiche. Ní raibh idir iad agus an tríú chúl ach cúpla orlach agus an maide trasnáin buailte ag iarracht ó Tommy Conroy sa gcéad nóiméad den dara leath. D’aimsigh Jordan Flynn dúiblín sa 38ú nóiméad chun sé phointe a chur idir na foirne agus ocht bpointe de bhearna a bhí ann tar éis 43 nóiméad agus dhá scór aimsithe ag Kobe McDonald. Bhí cúpla seans eile ag Maigh Eo ar chúl ina dhiaidh sin ach tháinig an tríú ceann faoi dheireadh sa 50ú nóiméad. Rinne Sam Callinan ar fheabhas chun an seilbh a bhaint de Lú agus Maigh Eo i mbun cosanta, ghearr sé féin agus Tommy Conroy suas an taobhlíne agus nuair a thug Conroy pas trasna an chúil, bhí an t-ionadaí Conor Loftus san áit cheart chun í a chur san eagnach.

Dhá phointe dhéag de bhearna a bhí idir na foirne ag an bpointe sin, 3-14 in aghaidh 0-11, agus méadaíodh tuilleadh í faoin deireadh.

Níos luaithe sa tráthnóna, thug fir Chill Mhantáin leo Corn Tailteann agus aiséirí déanta acu sa dara leath. Ba í foireann an Dúin rogha láidir na coitiantachta roimh an gcluiche agus an chuma ar an scéal ag leath ama go raibh na hUltaigh rómhaith dá gcéilí comhraic agus iad 2-10 in aghaidh 0-4 chun cinn ag an mbriseadh agus na cúil faighte ag Pat Hevern agus John McGeough.

Méadaíodh an bhearna idir na foirne go dtí 13 pointe luath sa dara leath ach thosaigh Cill Mhantáin á laghdú de réir a chéile. Naoi bpointe a bhí eatarthu faoin 40ú nóiméad, cúig phointe faoin 50ú nóiméad agus nuair a d’aimsigh an captaen agus imreoir láir páirce Dean Healy cúl do Chill Mhantáin sa 57 nóiméad, ní rabhthar ach pointe chun deiridh. Chuir cic saor ó Mark Jackson na foirne ar comhscór go luath ina dhiaidh sin agus cé gur taispeánadh cárta dubh do Tom Moran, ní raibh aon stop le Cill Mhantáin agus fuair Eoin D’Arcy agus Kevin Quinn cúilíní sna nóiméid dheireanacha chun an chreach a thabhairt leo agus áit i gCraobh Shinsir na hÉireann 2027 a chinntiú.

Maigh Eo: J Livingstone; J Coyne, D McHugh, E McGreal; S Callinan, D McBrien, E Hession; B Tuohy, J Carney; S Coen, P Towey (0-1), J Flynn (0-2, 1d); D Beirne (1-2, 1cs), R O’Donoghue (1-11, 3csd, 1cs, 1m), K McDonald (0-4). Fir Ionaid: T Conroy in áit Towey (leath ama), C Loftus (1-0) in áit Coen (43 nóim), C McHale (0-2) in áit Beirne (50 nóim), F Kelly in áiot McGreal (55 nóim), M Ruane (0-1) in áit Flynn (62 nóim).

Contae Lú: N McDonnell; E Carolan, D McKenny, D Nally; C McKeever, D McDonnell (0-1), C Lennon; C Early, C Downey (0-6, 2d); J Maguire, S Mulroy (0-2, 1csd), C Grimes (0-4, 1d); K McCardle, C Keenan (0-1), R Burns. Fir Ionaid: T McDonnell in áit Lennon (23 nóim), C Byrne in áit Keenan (40 noim), T Durnin (0-1) in áit Maguire (46 nóim), C McCaul in áit Grimes (53 nóim), A Williams in áit McKeever (62 nóim).

Réiteoir: David Coldrick (An Mhí).

Fág freagra ar 'Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann agus slad déanta acu ar chontae Lú'