SPÓRT
Cluichí ionchuimsitheacha spórt uisce i nGaillimh
Beidh na Cluichí Ionchuimsitheacha Spóirt Uisce (The Watersports Inclusion Games) ar siúl i gCathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, an 11 agus 12 Iúil. Is deireadh seachtaine é a dhéanann ceiliúradh ar chuimsiú, ar rannpháirtíocht agus ar spraoi ar an uisce.
Seo an t-ochtú bliain de na cluichí seo a chuireann fáilte roimh dhaoine de gach aois agus de gach cumas. Beidh deis ag gach duine triail a bhaint as spóirt uisce éagsúla, ina measc, seoltóireacht, cadhcáil, canúáil, clárchéaslóireacht, báid innill, bád dragain, snorcláil, agus clársheoltóireacht.
Tá an ócáid á reáchtáil ag Cumann Seoltóireachta na hÉireann i gcomhar le clubanna seoltóireachta áitiúla i nGaillimh. Tá na cluichí oscailte do gach duine, lena n-áirítear daoine a bhfuil difríochtaí fisiciúla, intleachtúla, céadfacha nó foghlama acu. Tá fáilte roimh theaghlaigh agus cairde páirt a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as an deireadh seachtaine.
Tuilleadh eolais anseo.
RAIDIÓ
An litríocht taistil ar RnaG
Litríocht taistil na Gaeilge atá mar ábhar ag an tsraith nua raidió ‘Údair Taistil’ le Pádhraic Ó Ciardha a thosaigh le cúpla seachtain anuas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Caitheann Ó Ciardha solas ar shaothair ar nós Rotha Mór an tSaoil faoin Klondike, scríbhinní Micheál Breathnach as Cois Fharraige, turas Dhubhghlas de hÍde i Meiriceá, Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna, scríbhneoireacht Úna Ní Mhaoileoin agus go leor eile.
Breathnófar sa tsraith ar shaothair chlasaiceacha agus chomhaimseartha a dhéanann cur síos ar thuras agus ar thaithí thar lear, ó chuntas luath ar Imeacht na nIarlaí go saothair níos nua a scríobhadh i gcomhthéacsanna éagsúla taistil agus imirce.
I measc na n-eagrán déantar plé ar théamaí an taistealaí agus an scríbhneora, an claochlú pearsanta a thagann leis an taisteal, agus an bealach a gcuireann scríbhneoirí Gaeilge síos ar an domhan mór.
Beidh Údair Taistil á chraoladh gach Déardaoin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 1:30i.n. Tuilleadh eolais anseo.
LEABHAR
Seoladh leabhair ar dhuine de laochra Ghaoth Dobhair
Seolfar Tom a’ Bhungaló: Tomás Mac Giolla Bhríghde, 1923–2013, leabhar nua leis an scríbhneoir agus staraí Noel Ó Gallchóir, in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 18 Iúil ag a 8pm.
Tugann an leabhar léargas cuimsitheach ar shaol Thomáis Mhic Giolla Bhríghde, fear a raibh tionchar mór aige ar shaol cultúrtha agus pobail Ghaoth Dobhair.
Bhí sé lárnach le hAisteoirí Ghaoth Dobhair ar feadh breis agus 70 bliain agus chuir sé go mór le forbairt na drámaíochta, na n-ealaíon agus an phobail sa cheantar.
Beidh an leabhar ar fáil i siopaí leabhar agus ar líne i ndiaidh an tseolta. Tá fáilte roimh chách go dtí an seoladh.
Leagan Béarla Tonn Tuile seolta
Sheol Mercier Press an leabhar nua Flood Tid, i rith na seachtaine seo. Is é seo an chéad aistriúchán go Béarla ar an úrscéal clasaiceach Tonn Tuile le Séamus Ó Néill. Bhí an ócáid ar bun i siopa leabhar Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin, 8 Iúil. Is í Eithne O’Neill, iníon an údair, a rinne an t-aistriúchán agus is í Éilís Ní Dhuibhne, an Laureate don Fhicsean Éireannach, a sheol an leabhar.
Déanann Flood Tide iniúchadh ar dhíomá phearsanta, pholaitiúil agus chruthaitheach i saothar atá fós tráthúil sa lá atá inniu ann cé gur foilsíodh é ar dtús i 1946.
Tuilleadh eolais anseo.
CEOL
Féile cheoil traidisiúnta Bhéal Feirste
Beidh TradFest Bhéal Feirste ar siúl idir an 26 Iúil-2 Lúnasa, agus beidh breis agus 1,000 ealaíontóir páirteach i mbeagnach 600 imeacht ar fud 40 láthair sa chathair.
I measc bhuaicphointí na féile tá ceolchoirmeacha le Solas, Cherish the Ladies, Four Men and a Dog agus Flook, chomh maith le breis is 130 seisiún saor in aisce, ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí pobail.
Beidh líon mór ceoltóirí Gaeilge ar an gclár freisin, ina measc CUAS, The Bonny Men, Bríd Harper, Diane Ní Chanáin, Muireann Nic Amhlaoibh, Nuala Kennedy, Dónal Murphy agus Nollaig Casey. Deir stiúrthóir ealaíne na féile, Dónal O’Connor, gurb é aidhm na féile daoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile trí cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta.
Clár na féile agus ticéid anseo.
SCRÍOBH
Campa Cumadóireachta Ceoil agus Amhránaíochta
Beidh Fighting Words agus Comharchumann Shailearna Teo ag reáchtáil campa samhraidh trí lá do dhéagóirí (13–17 mbliana d’aois) a bhfuil suim acu amhráin a scríobh agus ceol nua a chumadh. Cuirfear an campa ar bun ón 27-29 Iúil 2026, in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán
Faoi stiúir Bhríd-Treasa Ní Ghaoithín agus Colm Quearney, le meantóireacht ó Éabha Breathnach agus Colm Seoighe, tabharfaidh an campa deis do dhaoine óga iad féin a chur in iúl trí liricí agus ceol i nGaeilge. Tá fáilte roimh rannpháirtithe a gcuid uirlisí ceoil féin a thabhairt leo. Beidh an campa ar siúl gach lá ó 10.00am go 2.00pm. Is féidir clárú anseo.
SCANNÁIN
Fleadh Scannán na Gaillimhe
Tá an 38ú Féile Scannán na Gaillimhe ar siúl ón 7 -12 Iúil. Bunaithe i 1989, tá an Fhleadh ar cheann de na féilte scannán is mó in Éirinn agus cuirtear scannáin nua Éireannacha agus idirnáisiúnta, cláir faisnéise, gearrscannáin agus imeachtaí eile a bhaineann leis an earnáil sin i láthair ann gach bliain.
I measc na saothar Gaeilge ar chlár na bliana seo tá Cill Stuifín, Pós Mé agus Gealtra. Leanann Cill Stuifín Aindrias de Staic agus é ag déanadh iniúchadh ar scéal sa mbéaloideas áitiúil i gCo. an Chláir faoi shráidbhaile a ndeirtear gur shlog an fharraige é fadó.
Taispeánadh beart scannán i rith na féile a forbraíodh faoi scéimeanna Tús agus Céim Eile. Is tionscnaimh forbartha scripte do ghearrscannáin Ghaeilge iad na scéimeanna seo, atá maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an tILBF, le drámaíocht nua i nGaeilge agus scríbhneoireacht chruthaitheach don scáileán a chothú.
Tuilleadh eolais agus clár anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Cluichí spórt uisce, Tom a’Bhungaló, Údair Taistil ar RnaG, Tonn Tuile as Béarla, Tradfest, Campa cumadóirí, Fleadh Scannán na Gaillimhe'