Tá a saol caite ag Marine Le Pen, ach an oiread lena hathair roimpi, ag caitheamh anuas ar an Aontas Eorpach agus ar an tionchar atá ag an mBruiséil ar rialú na Fraince. Théis an méid sin ba mhaith aici airgead pharlaimint na hEorpa lena úsáid ar mhaithe le cúntóirí a íoc sa mbaile. Tá sé deich mbliana anois ó rinneadh an chéad chlamhsán faoi chúbláil cistí de chuid na parlaiminte sa mBruiséil, €4.5 milliún ar fad idir 2004 agus 2016 a íocadh le cúntóirí a chaith formhór a gcuid ama le cúrsaí sa mbaile seachas sa pharlaimint.
Ba mhian lei féin agus na hoifigigh eile de chuid a páirtí ar cuireadh cúiseanna ina leith tabhairt le fios gur géarleanúint a bhí i gceist ag céilí comhraic sa pholaitíocht ach léirigh comhfhreagras a cuireadh i láthair na cúirte go raibh bunús leis na cúiseanna – go deimhin d’admhaigh Le Pen féin le gairid go mb’fhéidir gur sháraigh sí an dlí trí thimpiste ach go raibh faillí déanta ag na húdaráis san Eoraip nuair nár chuir siad ar an eolas í faoi na srianta a bhain le caiteachas an airgid a bhí á fháil aici.
D’fhág sin ciontaithe í i mí Aibreáin anuraidh agus cosc cúig bliana uirthi a bheith ina hiomaitheoir i dtoghcháin. Tá an cosc sin laghdaithe ina hachomharc cúirte an tseachtain seo agus é fógartha go caithréimeach aici go mbeidh sí ina hiarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta.
Beidh toradh an cháis seo cinniúnach do pholaitíocht na Fraince. Bhí tuairim ann go dtí gur éirigh le Le Pen an tseachtain seo os comhair na gcúirteanna go mbeadh Jordan Bardella, uachtarán an pháirtí atá ina Fheisire i bParlaimint na hEorpa, ag seasamh sa toghchán. Tá sé ina chathaoirleach ar an tríú grúpa is mó sa pharlaimint, Tírghráthóirí ar son na hEorpa, grúpa atá ag neartú de réir a chéile agus a bhfuil ionadaithe ann as dhá thír déag san Aontas anois.
Tugann sin ainm in airde do Bardella nach bhféadfaidh Le Pen a shéanadh go ceann i bhfad eile. An mbeadh siad níos fearr as le Bardella?
Cé go bhfuil éirithe le Le Pen dul go dtí an dara babhta sa dá thoghchán deiridh sa bhFrainc tá smál ag baint leis an sloinne a chuireann an Fronta Náisiúnta agus an ciníochas in intinn daoine.
An éireoidh le Le Pen i dtoghchán uachtaránachta? Cé go bhfuil an Rassemblement National chun cinn sna pobalbhreitheanna is léir le cúpla toghchán anuas go dtugann pobal na Fraince a vóta dóibh sa gcéad bhabhta, ach go seasann siad le chéile taobh thiar don duine eile atá san iomaíocht sa dara babhta chun an an páirtí ar an eite fhíordheis a choinneáil amach as an Élysée.
Fág freagra ar 'Lá cinniúnach don Fhrainc agus súil ag Marine Le Pen ar an Élysée arís'