Bhí mé féin agus mo sheanmhéit – agus comhcholúnaí le Tuairisc – Mártan Ó Ciardha ar thurais den chineál céanna an tseachtain seo. Shíl mé agus mé ag léamh an phíosa a scríobh Mártan faoi ‘Crow Park’ ar Tuairisc go mb’fhéidir go rabhamar beirt i gcomhluadar an athar agus an mhic chéanna.
Ach ar ndóigh ní raibh. An leaidín óg a bhí in aice liomsa – drochsheans go bhfeicfidh sé an Crow Park céanna go brách.
Thart ar trí nó ceithre bliana d’aois a bhí sé. Phoenix an t-ainm a bhí air. Chomh luath agus a tháinig sé féin agus an t-athair ar bord an Dart, ní fhéadfadh duine ar bith neamhaird a dhéanamh de. Bhí an oiread gleo uaidh agus a dhéanfadh buachaill dhá bhliain déag d’aois.
Ba chosúil nach raibh sé ar an Dart riamh cheana. Ní mórán taithí a bhí ag an athair ar an modh áirithe taistil sin ach an oiread. B’éigean dó an mapa beag den turas os cionn an dorais a sheiceáil cúpla uair.
Níor dhúirt an maicín ‘Are we there yet?’ Ach tháinig sé gar dó. Chuir gach rud a chonaic sé iontas air agus lig sé béic ag tarraingt aird an athar ar na hiontais ar fad.
Lá brothallach go maith a bhí ann.
Caithfidh mé a rá go mbíonn an-slacht ar chathair Bhaile Átha Cliath nuair a scalann an ghrian anuas uirthi. Chuir Phoenix óg an-suim sna sluaite a bhí ag bailiú ag na stáisiún éagsúla le dhul an bealach eile go Mullach Íde don choirm cheoil.
Cuireadh an iliomad ceist ar ‘Da’ faoina dtriall. Ach ba mhó suim a bhí ag Da ina fhón póca agus labhair sé os íseal anois is arís – ba léir go raibh sé ag cinntiú cá raibh a cheann scríbe.
D’inis sé don mhac go raibh siad ag dul chuig stad traenach a bhí cois farraige – An Charraig Dhubh/Cnoc na Ghainimh, dar leis.
Chomh luath agus a leag an lead óg súil ar na báid ag Dug na Canálach Móire, chaill sé an bloc go hiomlán. ‘Da, Da, can we get off – look at the boats – is this it?’ D’inis Da nárbh ea – go raibh cúpla stad eile ar an turas. Sheiceáil sé an mapa arís.
Ansin bhí radharc aige ar an bhfarraige. Caithfidh sé – cinnte – gurbh é seo an stad. Bheadh lá acu cois trá.
Bhreathnaigh an fharraige go hálainn ag Dumhach Thrá, é ina lag trá agus éanlaith farraige gach áit ar na ngaineamh. Ní bheadh a fhios agat go raibh tú i bhfoisceacht cúpla ciliméadar don phríomhchathair.
Bhí na báid seoil le feiceáil amach ó chalafoirt Dhún Laoghaire. Bhí longa móra paisinéirí agus longa lastais ar íor na spéire ag dul thar Bhinn Éadair.
‘Da, Da look at all the ships. Da – can we get off here?’
‘No.’
‘Why?’
Tharraing Da an cóta mór trom a bhí air timpeall air féin. D’airigh sé fuacht nár airigh éinne eile sa charráiste. Bhí an leaidín óg gléasta go deas, bearradh gruaige maith aige agus cuma an-slachtmhar air. Shamhlaigh mé gurb í an mháthair a chuir na balcaisí air ar maidin agus é ag réiteach don lá leis an athair. Cá bhfios cé na sceitimíní a bhí air agus é ag ullmhú do lá cois trá le Da.
Rith sé suas agus síos tríd an carráiste ag béicíl faoi na hiontais a bhí le feiceáil amach trí fhuinneoga an Dart. Ní raibh Da in ann coinneáil suas leis na ceisteanna ar fad. ’Why?’ an ceann ba mhinice uaidh. Sheiceáil na t-athair mapa na líne traenach arís. Ba léir anois nárbh í an Charraig Dhubh a cheann scríbe.
Labhair sé os íseal isteach sa bhfón. Cinntíodh gurb é Baile na Manach an stad. Tuigeadh go raibh coinne aige le duine éigin ansin.
Ba léir freisin nach mbeadh aon bhuicéad agus sluasaid á cheannach aige don taistealaí óg. Bhí gnó éigin le déanamh ag Da agus gach seans go bhfillfeadh sé chomh luath agus a bheadh sin curtha i gcrích aige.
Cén fáth ar thug sé leis an lead óg agus é i mbun an ‘ghnó’ seo? Ar sórt cosaint a bhí ann? An amhlaidh nach mbeadh aon duine in amhras faoi athair agus é ag tionlacan a mhic óig ar lá spraoi cois farraige?
D’imir Phoenix ‘cúig ard’ liom agus é ar a bhealach amach as an traein, ag pocléimneach agus ag rith le háthas.
Bhí sé in éindí le ‘Da’ agus bhíodar ag tuirlingt in aice na farraige. Nach acu a bheadh an time.
Fág freagra ar 'Phoenix agus a Da ar an Dart agus an-time acu'