Ceann de na rudaí ba mhó a mheall mé chun an t-árasán ina bhfuil cónaí orm le dhá mhí anuas a cheannach ná go raibh sé glan folamh.
Leathanach bán a bhí ann, áit a bhféadfainn tús a chur le caibidil nua i mo shaol i spás a bhféadfainn mo rogha rud a dhéanamh leis.
Bíonn leathanaigh bhána mealltach. Ach bíonn siad scanrúil freisin.
Bíonn oiread faitís ort go ndéanfaidh tú botún go dtagann drogall ort tús a chur leis an obair ar chor ar bith.
Má théann tú amú agus scéal á scríobh agat, bíonn réiteach simplí ar an bhfadhb: an leathanach a stróiceadh amach as an gcóipleabhar agus tosú as an nua ar an gcéad leathanach bán eile.
Ní bhíonn sé chomh simplí sin i gcás árasáin nó tí. Cinnte, féadfaidh tú tosú as an nua. Ach cosnóidh meancóg sa dearadh intí go leor airgid ort. Níos mó ná luach cóipleabhair, pé scéal é.
Sa scríbhneoireacht, creid é nó ná creid, bíonn srianta ina gcabhair. Mura gcoinníonn tú smacht ar do shamhlaíocht, rachaidh sí ar strae. Ní bheidh ord ná eagar ar an toradh, ná bun ná barr leis.
Ag tarraingt ar dheich mbliana ó shin scríobh mé gearrscéal (An neascóid, tá sé sa chnuasach Idir dhá thír) ina bhfuil an príomhcharachtar sa chás céanna ina bhfuil mé féin faoi láthair: tá sé díreach tar éis árasán a cheannach. Ní ligeann an carachtar sin isteach ina árasán ach trí dhath: an bán, dath an chaonaigh, agus imreacha den adhmad.
Shocraigh mé an riail sin a chur i bhfeidhm orm féin freisin. Dath bán ar na ballaí – ach i ngach seomra, chuir mé dath an chaonaigh ar bhalla amháin. Urlár d’adhmad darach.
Bhí go maith agus ní raibh go holc – go dtí go bhfuair mé amach go bhfuil imreacha den adhmad ann nach dtéann go maith le chéile agus go bhfuil an scéal mar an gcéanna le dath an chaonaigh.
Thit mé i ngrá le binse adhmaid i siopa troscáin ach níor luaithe sa bhaile mé nó chonaic mé go raibh adhmad athúsáidte agus vearnaiseáilte an bhinse ródhorcha, dáiríre, do dhair éadrom an urláir.
Agus cófra ar dhath an chaonaigh a cheannaigh mé ag margadh sráide an tseachtain seo caite, ag ceapadh go rachadh sé go seoigh leis na ballaí, ní réitíonn dath caonaigh an chófra le dath caonaigh na mballaí ach ar éigean (dáiríre is bealach deas é sin chun a rá nach réitíonn siad le chéile, lánstad.)
Ghlac mé pictiúirí de dhath na mballaí agus de dhath an urláir le go mbeidh siad ar mo ghuthán póca agam an chéad uair eile a mbeidh mé ag ceannach troscáin, ach tugaim faoi deara go bhfuil mo chuid cuairteanna ar shiopaí troscáin á gcur ar an méar fhada agam.
Is é an chaoi gur fhág an dul amú leis an mbinse agus leis an gcófra i sáinn mé, sáinn nach dtig liom a chur i gcomparáid ach le rud amháin: an bac a thagann ar scríbhneoirí nuair nach mbíonn a fhios acu conas a leanfaidh an scéal ar aghaidh.
An réiteach is fearr ar bhac scríbhneora ná éirí as an machnamh agus tabhairt faoi rud éigin eile ar fad. Ansin, agus tú i mbun na ngréithe nó ag déanamh do ghnó sa leithreas, buailfidh splanc chruthaitheachta thú.
Idir an dá linn, creid é nó ná creid, tá mé ag baint suilt as a bheith i mo chónaí in árasán nach bhfuil ann ach tocht ar an urlár, dhá stól, dhá chathaoir agus, is ea, binse agus cófra.
Coinníonn sé an saol simplí.
Agus tabharfaidh sé am dom a oibriú amach céard é a theastaíonn ón árasán féin. Ní hionann, dar liom, an dearadh intí agus do phearsantacht féin a bhualadh anuas ar áitreabh. Ní hionann chuile leathanach bán ach oiread. Ní mar a chéile leathanach bán i gcóipleabhar agus leathanach bán ar scáileán ríomhaire mar shampla, agus athróidh solas agus suíomh chuile shórt.
Fág freagra ar 'Tagann bac ar scríbhneoirí, ach ar dhearthóirí intí freisin'