Cead ag an local lad cur faoi sna garrantaí thart air

Polasaí oifigiúil ag an Aontas Eorpach anois é go dtabharfaí chuile chúnamh sa gcaoi go bhfanfadh daoine 'go háitiúil’ faoin tuath

Cead ag an local lad cur faoi sna garrantaí thart air

An raibh tú thart anseo i gcónaí? Fear a bhí ag déanamh roinnt gnó a bhain liom a chuir an cheist. Chaith sé féin os cionn cúig bliana déag i Sasana. D’fhill sé trí bliana ó shin. Shilfeá go raibh sé ag cur culaith ghaisce ar an scéal. Ansin ceist aige orm – “an raibh tú féin thart anseo ariamh?”

Ó by-dad. Arsa mé féin: ‘Bhuel, bhí mé, seachas cúpla bliain anonn agus anall ag útamáil leis an saol.’ Sméid sé orm. Shamhlaigh mé go raibh tomhas déanta aige orm – leaid áitiúil nó b’fhéidir leadaí áitiúil!

Cén dochar.

Bhuel, théis an tsaoil, tá cairde sa gcúirt ag an leaid áitiúil. An port céanna atá ag an Rialtas agus ag an Aontas Eorpach: tá sé de cheart ag an leaid áitiúil cur faoi ina dhúiche féin. Go deimhin, is cosúil – de réir leagan amach na hEorpa ar aon nós – gurbh fhearr go bhfanfadh go leor leaids áitiúla, agus mná áitiúla, ina gcónaí san áit ar rugadh agus ar tógadh iad.

Mar a tharlaíonn sé, beidh scagadh agus múnlú dá dhéanamh ar pholasaí nua pleanála tuaithe an Rialtais, agus ar Straitéis Cearta Fanachta an Aontais Eorpaigh, comhthreomhar lena chéile.

Céard é an An Straitéis Cearta Fanachta?

I mbeagán focal, táthar ag aithneachtáil go foirmeálta i measc mhaithe móra na hEorpa go bhfuil sé de cheart ag duine cónaí sa gceantar arb as í/é agus obair a fháil a thabharfadh deis dó fanacht san áit sin. Iar-phríomhaire de chuid na hIodáile, Enrico Letta, a leag amach an cháipéis ‘Cearta Fanachta’ agus tá ceithre chois faoi:

  • Feabhas ar réigiúin neamhfhorbartha agus ar réigiúin imeallacha
  • Bunriachtanais seirbhísí a chur ar fáil
  • Infheistíocht san infreastruchtúr
  • Polasaithe a chuirfeadh bonn ceart eacnamaíochta faoi phobail ar fud na réigiún

Polasaí oifigiúil ag an Aontas Eorpach anois é go dtabharfaí chuile chúnamh sa gcaoi go bhfanfadh daoine ‘go háitiúil’ faoin tuath agus go neartófaí na réigiúin sin.

Tugadh cuireadh le gairid don phobal, d’eagraíochtaí réigiúnacha forbartha agus do dhaoine óga a gcuid tuairimí féin a chur isteach maidir leis an dréachtpholasaí seo. Táthar ag súil gur le linn thréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas Eorpach a bheidh an cháipéis seo á síniú.

Is fiú súil a choinneáil ar an bhfoclaíocht atá dá chur ar fáil mar mhíniú ar an gcáipéis Cearta Fanachta. Dúradh in áit amháin go bhfuiltear ag réiteach na cáipéise seo sa gcaoi agus go bhféachfar le daoine a choinneáil sa ‘mbaile mór’ arb as iad. Ach abraítear in áit eile ‘san áit a dtugann daoine an baile air’. Anois tá muid ag dul go bun an údair.

Cén bhrí atá le do ‘cheantar’ féin, nó ‘an áit a dtugann tú an baile air’?

Cé go bhfuil an saol ag cúngú isteach de bharr éascaíocht taistil agus deiseanna cumarsáide, ní shéanann duine tuaithe ar bith in Éirinn an baile fearainn arb as í nó é. Go deimhin, is bunriail é sa gcóras pleanála go dtugtar sna fógraí poiblí ainm an bhaile fearainn atá i gceist in iarratais ar chead tógála tí, nó forbairtí eile. Ag dul níos doimhne sa scéal, cén bhrí atá leis an ‘leaid áitiúil’ nó an ‘cailín áitiúil’, nó cén bhrí atá leis an áitiúlacht san gcáipéis Eorpach ‘Cead Fanachta sa mbaile’?

Tá achar áirithe ciliméadair luaite anois mar ‘réimse baile’ sna treoirlínte atá luaite ag Rialtas Phoblacht na hÉireann. Caithfear glacadh leis go mbeidh teorainneacha in áit éicint. Ach arbh fhearr go roghnófaí an baile fearainn, an t-aonad traidisiúnta tuaithe ar an gcéad iarraidh?

Is cinnte gur cheart do na Comhairlí Bardasacha (na Comhairleoirí Contae áitiúla) sna contaetha Gaeltachta dianscrúdú a dhéanamh ar na polasaithe náisiúnta agus Eorpacha seo agus tuairimí a chur isteach. Go háitiúil, sa mbaile fearainn, a thagann an crú ar an tairne. Sin é an baile ag an leaid áitiúil agus an cailín áitiúil a bhfuil údar dóchais tugtha dóibh anois

Ní leadaí é an ‘leaid áitiúil’ níos mó sa mBruiséil. Baineann stádas leis an leaid agus leis an gcailín áitiúil anois, fiú agus gur thart sna bólaí sin a bhíodar ariamh.

 

 

Fág freagra ar 'Cead ag an local lad cur faoi sna garrantaí thart air'

  • AnTeanga Beo

    Saor chéad imeacht leat mar spailpín san Eoraip a deir siad