GAILEARAÍ: Scoth an aicsin ó chluichí leathcheannais iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh

Deireadh seachtaine mór a bhí ann d'iománaithe na Gaillimhe agus Luimnigh agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Gaillimheach óg i measc na sluaite a bhí i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine do chluichí leathcheannais iomána na hÉireann

 

Mheas go leor go mbeadh sé deacair ag na Gaillimhigh greim a fháil ar Chorcaigh ach ní hamhlaidh a bhí Dé Sathairn

 

Fuair Alan Walsh cúl do Chorcaigh agus na Muimhnigh in uachtar tráth sa gcéad leath

 

Bhí Gaillimh réidh chun catha áfach agus Cormac O’Brien agus imreoirí eile Chorcaí plúchta go minic ag díocas na nGaillimheach

 

Bhí Ronan Glennon ar dhuine d’fhathaigh na Gaillimhe sa gcluiche

 

Darren Morrissey agus Cormac O’Brien

 

Gavin Lee ag ceiliúradh pointe eile do Ghaillimh

 

Daithí Burke agus Tiernan Killeen

 

Cianan Fahy, Joshua Ryan agus Cian Daniels

 

Shane Morgan

 

Lucht tacaíochta na Gaillimhe sásta agus cluiche ceannais iomána na hÉireann bainte amach den chéad uair ó 2018

 

Aidan O’Connor agus Cathal Malone ag imirt ar an Domhnach agus Luimneach agus an Clár ag tabhairt aghaidh ar a chéile

 

Chuir An Clár tús maith leis an gcluiche agus Tony Kelly lárnach san imirt mar is dual dó

 

Pas tugtha uaidh ag Kyle Hayes agus teacht aniar á dhéanamh ag Luimneach sa dara leath

 

Bhí conspóid ann sa dara leath agus feall déanta ag cúl báire Luimnigh Nickie Quaid ar Peter Duggan an Chláir

 

Imreoirí ón dá taobh ag iarraidh a dtuairimí ar an eachtra a roinnt leis an réiteoir Thomas Walsh

 

Bhronn Walsh poc éirice ar an Chlár agus cárta buí a thaispeáin sé do Quaid cé go raibh na Cláirínigh ag ceapadh go raibh pionós níos géire tuillte aige

 

Shlánaigh Kelly an poc éirice ach níor aimsigh an Clár ach 1-3 sa dara leath agus ceannas glactha ag Luimneach ar an imirt

 

Bhí Diarmaid Byrnes agus Gearóid Hegarty ina ngaiscígh do Luimneach sa dara leath agus an lá tugtha leo ag na Luimnígh a bhuíochas do chúl déanach Aidan O’Connor

 

Níorbh é an toradh a bhí ag teastáil ó Shane O’Donnell agus a mhuintir agus deireadh anois déanta ag duine de laochra an chontae i ngeansaí an Chláir

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth an aicsin ó chluichí leathcheannais iomána na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh'