Cúig chomhartha go bhfuil sos ag teastáil ó do chorp

Is minic go mbíonn a fhios ag an gcorp i bhfad sula n-admhaímid féin é go bhfuil rud éigin as riocht ionainn. Is féidir linn go leor a dhéanamh, ach ní féidir gach ualach a iompar…

Cúig  chomhartha go bhfuil sos ag teastáil ó do chorp

Feicim arís is arís eile é i mo chuid cóitseála. Suíonn duine síos os mo chomhair agus deir siad liom, ‘Tá mé ceart go leor, níl ann ach go bhfuil tuirse orm.’

Nuair a thosaíonn siad ag caint liom, tugaim faoi deara go bhfuil an corp ag insint scéil eile ar fad. Tabharfaidh mé faoi deara go bhfuil na guaillí ardaithe acu, tá an anáil ard sa chliabhrach acu agus na focail ag sciorradh thar a chéile agus iad ag caint.

Is minic go mbíonn a fhios ag an gcorp i bhfad sula n-admhaímid féin é go bhfuil rud éigin as riocht ionainn.

Seo cúig chomhartha go bhféadfadh go bhfuil sos ag teastáil ó do chorp.

  1. Tá tuirse ort, agus níl an codladh ag cuidiú

Bhí mé ag obair le bean le déanaí a dúirt go raibh sí ‘ag codladh sách maith’ ach go raibh sí ag éirí ar maidin agus í fós tuirseach  agus í ag aireachtáil amhail is go raibh lá oibre déanta aici.

Ní gnáth-thuirse é sin.

Sin é an cineál tuirse a thagann orainn nuair a bhíonn an iomarca á iompar againn le fada, go meabhrach agus go mothúchánach. Uaireanta mothaíonn fiú an scíth féin cosúil le tasc eile dúinn.

  1. Mothaíonn gach rud ina ualach mór

Airíonn tú go bhfuil ualach sna rudaí beaga – teachtaireacht le seoladh, cinneadh le déanamh, dinnéar le réiteach agus a leithéid. Is cuimhin liom cliant ag déanamh gáire beag agus ag rá, ‘Is beag nár thosaigh mé ag caoineadh nuair a chonaic mé an scuaine san ollmhargadh’.

Nuair a bhíonn ualach rómhór ar an gcóras i do chorp, athraíonn sé an cumas atá ionat gnáthrudaí an tsaoil a iompar. Go tobann mothaíonn tú gur ualach iad na rudaí beaga.

Ní hé nach bhfuil tú ag déileáil leis an saol, ach go bhfuil tú ag déanamh an iomarca gan am a fhágáil sa lá le teacht aniar ionat féin.

  1. Tá d’anáil beagán coinnithe

Má stopann tú anois ar feadh soicind agus má thugann tú d’aird ar d’anáil, b’fhéidir go mbraithfeá é cheana féin. An mothaíonn d’anáil éadomhain rialaithe agus thuas ard sa chliabhrach?

Léiríonn an anáil an luas ag a bhfuil muid ag maireachtáil. Nuair a thagann luas leis an saol, giorraíonn an anáil agus leanann an corp an luas sin.

  1. Ní féidir leat scíth a ligean

Fiú nuair a stopann tú, ní stopann tú i ndáiríre.

Tá tú i do shuí ar an tolg, ach tá an intinn fós ag imeacht, ag dul siar ar chomhráite, ag pleanáil don lá amárach, ag réiteach rudaí nach gá a réiteach fós.

Dúirt múinteoir liom le deireanas, ‘Fiú le linn mo shaoire, bím fós ag ullmhú don obair’.

Ní laigeacht é sin. Tá do chóras imithe i gcleachtadh ar a bheith gnóthach agus ní ligeann sé duit moilliú mar go n-airíonn sé nach bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh.

  1. Mothaíonn tú beagán scoite amach uait féin

Seo ceann atá ‘ciúin’, ach an-tábhachtach.

Tá tú ann, ach níl tú go hiomlán i láthair. Níl tú ag baint sult as na rudaí a thaitníodh leat. Mothaíonn comhráite agus fiú do chuid smaointe féin beagán i bhfad uait in amanna.

Dúirt bean liom go ciúin le deireanas, ‘Mothaím go bhfuilim ag féachaint ar mo shaol in áit a bheith á chaitheamh.’

Sin é an strus fadtéarmach. Ní cliseadh atá ann, is é atá ann go mothaíonn tú coimhthíos le do shaol féin.

Cuimhnigh

Ní thugann formhór na ndaoine faoi deara na comharthaí seo ar dtús mar go mbíonn siad imithe i dtaithí orthu. Tá cleachtadh ag daoine leanacht ar aghaidh, coinneáil leis, agus a bheith láidir.

Ach bíonn do chorp i gcónaí ag labhairt leat. Ní gá dó a bheith glórach chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt duit.

Ní chiallaíonn moilliú síos go bhfuil tú ag imeacht ón saol. Ciallaíonn sé go bhfuil tú ag filleadh ort féin.

B’fhéidir nach í an cheist chóir, ‘cé mhéad eile is féidir liom a iompar?’ ach gurb í an cheist ba cheart a chur ort féin, ‘céard atá mo chorp ag iarraidh a rá liommanois?

Is féidir leat go leor a dhéanamh, ach ní féidir leat gach ualach a iompar.

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Cúig chomhartha go bhfuil sos ag teastáil ó do chorp'