An Úcráin agus cúrsaí slándála na hábhair mhóra chainte ag an ócáid taidhleoireachta is mó riamh in Éirinn

Meitheal a mhíniú do cheannairí na cruinne an tús a chuir an Taoiseach Micheál Martin leis an naoú cruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach

An Úcráin agus cúrsaí slándála na hábhair mhóra chainte ag an ócáid taidhleoireachta is mó riamh in Éirinn

Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron i mBaile Átha Cliath inniu nach mbeadh “aon tacaíocht eile ó Mheiriceá” don Úcráin.

Rinne Macron a chuid cainte sa Lárionad Comhdhála, mar a raibh ceannairí ó thíortha ar fud na hEorpa bailithe do chruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach.

“Creidim gurb é a ndéanaimid an rud is tábhachtaí. D’uireasa na nEorpach, níl aon tacaíocht ann don Úcráin,” a dúirt sé.

Is é an naoú cruinniú mullaigh seo ag an gComhphobal Polaitiúil Eorpach an cúram taidhleoireachta is mó riamh ag an tír seo.

Tá thart ar 50 ceannaire domhanda ag an gcruinniú agus an Úcráin, slándáil na hEorpa, agus dúshláin dhomhanda á bplé acu.

D’áitigh Macron go gcaithfidh an Eoraip freagracht a ghlacadh as a cuid slándála féin agus leanúint lena cuid tacaíochta don Úcráin tráth a bhfuil iarrachtaí ar bun cogadh na Rúise ar an tír sin a réiteach.

An Taoiseach Micheál Martin a chuir tús le himeachtaí le míniú ar an mbrí atá leis an bhfocal ‘meitheal’.

Labhair Martin i nGaeilge sular iompaigh sé ar an mBéarla leis an ‘Gaelic term’ a mhíniú.

“Tá an-tuiscint go deo ag muintir na hÉireann ar cad is pobal ann. Tá téarma Gaeilge an-speisialta againn a thugann léargas ar an gcoincheap, is é sin ‘meitheal’,” a dúirt sé.

“ Cur síos atá ann [meitheal] ar chomharsana agus cairde a bheith ag teacht le chéile chun sprioc atá acu go léir a bhaint amach. Agus sin é go bunúsach pobal polaitiúil na hEorpa.”

Bhí crios slándála i bhfeidhm timpeall ar an ionad comhdhála ó mhaidin agus gan aon chead siúl, rothaíocht nó tiomáint ann.

Beidh dinnéar foirmeálta ag na ceannairí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann tráthnóna agus beidh cruinniú neamhfhoirmeálta ag ceannairí thíortha an Aontais Eorpaigh amárach.

Ina aitheasc ag an gcruinniú, thug uachtarán na hÚcráine Vlodomyr Zelensky rabhadh do cheannairí na hEorpa an-aird a thabhairt ar na cainteanna atá ar bun faoi láthair idir toscairí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus toscairí na Rúise faoin gcogadh san Úcráin.

Dúirt Zelensky nár bhain na cainteanna sin le slándáil na hÚcráine amháin agus go bhféadfaidís a lorg a fhágáil chomh maith ar an gcaidreamh idir an Rúis agus an Eoraip trí chéile.

Bhuail toscairí Stáit Aontaithe Mheiriceá, Jared Kushner agus Steve Witkoff, le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin i Moscó inniu.

Tháinig deireadh inné in Abu Dhabi leis na cainteanna is déanaí maidir le deireadh a chur le cogadh na Rúise ar an Úcráin agus bhí sé i gceist ag Kushner agus Witkoff teacht go dtí Baile Átha Cliath chun bualadh le Zelensky nuair a bheadh deireadh lena gcruinniú le Putin.

D’fhógair Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i mBaile Átha Cliath inniu go mbeadh pacáiste nua smachtbhannaí á chur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach ar an Rúis.

Dúirt sí go bhfógrófaí na sonraí i dtaobh na smachtbhannaí chomh maith le moltaí maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin ag an gcéad chruinniú eile de Chomhairle na hEorpa.

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Andy Burnham smachtbhannaí nua ar an Rúis chomh maith.

Idir an dá linn, mhaígh Sinn Féin go raibh aire na huibhe circe á tabhairt ag an Rialtas do cheannairí na hEorpa agus “cuma na maitheasa” á cur acu ar an tír fad is atá daoine “creachta” ag an gcostas maireachtála.

Fág freagra ar 'An Úcráin agus cúrsaí slándála na hábhair mhóra chainte ag an ócáid taidhleoireachta is mó riamh in Éirinn'