Trump ag teacht i gcabhair ar Balogun
Maíodh sa gcolún seo an tseachtain seo go mb’fhéidir go raibh uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag seachaint cluichí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag Corn an Domhain mar go raibh seans ann go mbeadh cúis náire ann dá mbeadh sé i láthair agus cúl eile faighte ag Folarin Balogun, fear nach mbeadh saoránacht Mheiriceá aige faoi athrú ar an dlí a bhí molta ag an Trumpach.
Ba cheart go mbeadh a fhios againn nach gcuireann rud ar bith náire ar Uachtarán Mheiriceá, áfach. Is breá leis Balogun is léir agus “an t-imreoir is fearr atá againn” tugtha aige ar an tosach a bhfuil trí chúl scóráilte aige i dtrí chluiche go dtí seo ag Corn an Domhain.
Mar atá a fhios againn uilig faoin tráth seo, tá an oiread sin geana ag Trump ar Balogun gur ghlaoigh sé ar uachtarán FIFA, Gianni Infantino, ag iarraidh air athbhreithniú a dhéanamh ar chás an imreora, a cuireadh den pháirc i mbua Mheiriceá ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i mBabhta an 32. Iontas na n-iontas, rinne FIFA athbhreithniú agus cinneadh tréimhse fionraíochta Balogun a chur ar fionraí agus bhí cead ag an tosach imirt i gcluiche na hoíche aréir in aghaidh na Beilge. Deir FIFA nach raibh aon bhaint ag an gcinneadh sin leis an nglaoch ó Trump.
Dúirt Trump nár thuig sé céard a bhí i gceist nuair a taispeánadh an cárta dearg do Balogun ach nuair a fuair sé amach go bhfágfadh sé nach mbeadh cead aige imirt sa gcéad chluiche eile, shíl sé go mbeadh sin éagórach, a dúirt sé.
“Pionós a ghearradh ar dhuine éigin don chluiche sin, sin rud amháin, ach cén chaoi a ngearrfá pionós orthu do chluiche nach bhfuil imeartha go fóill? Tá sé sin an-mhífhéaráilte. Ní féidir leat é sin a dhéanamh.”
De réir rialacha FIFA féin, is féidir ach cinneadh gan iad a chur i bhfeidhm sa gcás seo agus muid ag fanacht go fóill ar mhíniú sásúil cén fáth. Tá cinneadh FIFA cáinte ag na Beilgigh agus ag UEFA féin, a dúirt go raibh an cinneadh “dochosanta” agus go raibh bunphrionsabal de chuid an spóirt sáraithe. Níl deireadh leis an scéal seo fós.
Drochthuisle bainte as Henderson
Bhí bua mór ag Sasana ar Mheicsiceo go moch maidin inné agus bua 3-2 ag foireann Thomas Tuchel ar an bhfoireann baile san Azteca. Tabharfaidh an bua agus an taispeántas an-mhisneach do na Sasanaigh ach baineadh cuid den mhaith ón oíche théis séideadh na feadóige dheireanach. Agus na himreoirí ag filleadh ar na seomraí feistis tar éis dóibh ceiliúradh a dhéanamh le lucht tacaíochta Shasana taobh thiar de cheann de na cúil, tharla eachtra mhí-ámharach nuair a thit Jordan Henderson go hamscaí agus é ag léim thar chlár fógraíochta. Fágadh iarchaptaen Liverpool sínte agus iompraíodh é den pháirc ar shínteán.
Bhí ar Henderson dul faoi scian agus a rosta briste aige agus deimhníodh ó shin nach nglacfaidh sé aon pháirt eile sa gcomórtas. Is beag a bhí déanta aige ar an bpáirc roimhe sin i ndáiríre agus gan ach cúpla nóiméad imeartha aige sa mbua ar Phanama ach tá ardmheas ar Henderson chun imreoirí a thabhairt le chéile agus a ghríosú. Beidh le feiceáil an mbeidh sé in ann a chuid pom-poms a chroitheadh sa bplástar.
Bronntanais na bpóilíní don Éigipt
Bhí conspóid ann in Dallas an tseachtain seo caite nuair a scaipeadh físeán do dhuine de phóilíní na cathrach ag brú agus ag béiceadh ar dhuine d’fhoireann chúltaca na hÉigipte nuair a bhí an fhoireann ag casadh leis an bhfoireann san óstán ina raibh na himreoirí ag fanacht.
Cúis náire a bhí ann d’oifigigh sa gcathair agus cáineadh déanta ag comhairleoir cathrach ar iompar an phóilín ach tá síocháin déanta ó shin. Dúirt bainisteoir na foirne Hossam Hassan go raibh na póilíní tar éis leithscéal a ghabháil agus chas leas-phríomhoifigeach na bpóilíní i Dallas, Osama Ismail, a labhraíonn Araibis, le Hassan, le captaen na foirne Mo Salah agus le hoifigigh eile chun bronntanais a bhabhtáil. B’fhéidir gur polasaí nua atá ann ag póilíní Mheiriceá.
Rogha cluichí Tuairisc
An Airgintín v An Éigipt – Dé Máirt, 17:00
Bhí an cluiche idir Rinn Verde agus an Airgintín sa mbabhta deireanach ar cheann de na cluichí ab fhearr a facthas sa gcomórtas go dtí seo agus curaidh 2022 tagtha slán i ndiaidh am breise. B’fhiú mar sin tiúnáil isteach chuig RTÉ beagáinín luath chun anailís Roberto ‘Pico’ Lopes ar an Airgintín a chloisteáil agus cosantóir Shamrock Rovers fillte abhaile in am chun a thaithí ar Lionel Messi agus a chomrádaithe a roinnt.
Bhí Mo Salah ina measc siúd a d’aimsigh ciceanna éirice don Éigipt agus iad tagtha slán ón gcluiche i gcoinne na hAstráile sa mbabhta deireanach. Níl níos mó ná aon chúl amháin géillte ag an Éigipt in aon chluiche go dtí seo ach tá na hAfracaigh fós ag fanacht ar leithéidí Salah agus Omar Marmoush barr a maitheasa a bhaint amach ag Corn an Domhain agus beidh siad ag teastáil má táthar chun teacht aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic sa gceann seo.
An Fhrainc v Maracó – Déardaoin – 21:00
Is ag clamhsán faoi chárta dearg a bronnadh atá na Meiriceánaigh ach bhí cúis ghearáin ag na Francaigh nár taispeánadh cárta de dhath ar bith d’aon imreoir de chuid Pharagua sa gcluiche idir na foirne Dé Sathairn seo caite. Rinne fir Mheiriceá Theas gach iarracht olc a chur ar na Francaigh agus iad ag tarraingt, ag ciceáil agus ag bualadh a gcéilí comhraic gan náire. Níor baineadh siar as imreoirí na Fraince áfach agus cúl Kylian Mbappé ó chic éirice ag déanamh cinnte gurb iad seaimpíní 2018 a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.
Seans go mbeidh ar na Francaigh tuilleadh foighde a léiriú oíche Déardaoin in aghaidh Mharacó. Foireann láidir, chosantach í ceann Mharacó a bhíonn ag iarraidh seansanna a chruthú ar an bhfrithionsaí agus beifear sásta suí siar agus an chosaint a phlódú.
Rugadh seisear de scuad Mharacó sa bhFrainc, an réalta óg Ayyoub Bouaddi ina measc, agus bhuaigh an Fhrainc 2-0 ar Mharacó sna babhtaí leathcheannais in 2022.
Na cluichí atá romhainn
Dé Máirt, 7 Iúil
An Airgintín v An Éigipt – 17:00
An Eilvéis v An Cholóim – 21:00
Déardaoin, 9 Iúil
An Fhrainc v Maracó – 21:00
Fág freagra ar 'Trump ag teacht i gcabhair ar Balogun, tuisle bainte as Henderson agus bronntanais na bpóilíní don Éigipt'