DIALANN CHORN AN DOMHAIN: P45 faighte cheana féin, víosa Vozinha agus máistreacht Messi

Sa gcolún speisialta seo do Chorn an Domhain, caitear súil ar na cluichí, na himreoirí agus na heachtraí móra ó Mheiriceá Thuaidh

DIALANN CHORN AN DOMHAIN: P45 faighte cheana féin, víosa Vozinha agus máistreacht Messi

Bainisteoir na Túinéise sacáilte

Beidh cúpla seachtain eile ann sula dtosaíonn muid ag fágáil slán le foirne ó Chorn an Domhain ach tá bainisteoir amháin caillte againn cheana féin agus bata agus bóthar tugtha ag an Túinéis do Sabri Lamouchi.

Aon chluiche amháin a d’imir an Túinéis go dtí seo i Meiriceá Thuaidh ach bhí an taispeántas sa gcluiche a chaill an fhoireann 1-5 in aghaidh na Sualainne chomh dona sin gur bheartaigh an cumann sacair fáil réidh leis.

Bhí Lamouchi faoi bhrú roimh thús an chomórtais agus gan ach ceann de na ceithre chluiche aige mar bhainisteoir go dtí sin buaite aige. Bhí cailliúint 0-5 in aghaidh na Beilge ar na torthaí a fuarthas ina ré ghairid.

Is cuma cé chomh dona a bhíonn an phraiseach atá déanta, is go fíor-annamh a tharlaíonn sé go mbristear bainisteoir as a phost agus é ag Corn an Domhain ach, mar a tharlaíonn sé, ní hé seo an chéad uair ag an Túinéis an P45 a thabhairt don bhainisteoir agus iad fós sa gcomórtas. I 1998, dúradh ‘slán abhaile’ le Henryk Kasperczak nuair a chailleadar an chéad dá chluiche a bhí acu.

Go deimhin, tugadh bata agus bóthar do thriúr bainisteoirí sular tháinig deireadh le babhtaí na ngrúpaí ag an gcomórtas sin agus Cha Bum-kun agus Carlos Alberto Parreira briste as a bpost ag an Chóiré Theas agus an Araib Shádach faoi seach, théis cúpla cluiche.

An Francach, Hervé Renard, a bhí i gceannas ar an Araib Shádach ag Corn an Domhain 2022, atá ceaptha ag an Túinéis don dá chluiche atá fágtha acu i gcoinne na Seapáine agus na hÍsiltíre i nGrúpa F.

Víosa Vozinha

Ní muid in Éirinn amháin a bhí tógtha le scéal Pico Lopes agus fear Bhaile Átha Cliath mar chuid d’fhoireann Rinn Verde a chríochnaigh ar comhscór le seaimpíní na hEorpa, an Spáinn, ina gcéad chluiche ag Corn an Domhain. Chuaigh scéal Lopes i bhfeidhm ar an domhan mhór agus é mar aoi ag James Corden ar a chlár ar Fox Sports chun dreas comhrá a dhéanamh le Corden agus Zlatan Ibrahimovic.

Réalta anois é Lopes ach réalta bheag nuair a chuireann tú i gcomparáid é leis an gcáil atá bainte amach ag cúl báire Rinn Verde, Vozinha. Dhá scór bliain d’aois atá Vozinha agus é ag imirt sa dara roinn sa bPortaingéil ach tá sé ar dhuine de laochra Chorn an Domhain go dtí seo agus sárthaispeántas tugtha aige i gcoinne na Spáinne. 50,000 leantóir a bhí aige ar Instagram ach mhéadaigh sé sin go dtí milliún go luath théis an chluiche agus breis is 13 milliún leantóir aige anois ar an ardán sin.

Seinnfear an radharc de Vozinha agus na deora leis ar shéideadh na feadóige deireanaí sa gcluiche sin arís agus arís eile roimh dheireadh an chomórtais.

Mhínigh an cúl báire gur ag smaoineamh ar a sheantuismitheoirí, a thóg é agus atá anois ar shlí na fírinne, a spreag na deora. Dúirt sé go raibh sé freisin ag smaoineamh ar a mháthair, Ana, nach raibh in ann a bheith i láthair mar gheall ar chostas an víosa.

Tá Rinn Verde ar liosta ag rialtas Mheiriceá a fhágann go gcaithfidh saoránaigh bannaí $15,000 a íoc chomh maith leis an gcostas a bhíonn ar an víosa le cead isteach a fháil. Fógraíodh an mhí seo caite nach mbeadh ar dhaoine a raibh ticéad dcu do Chorn an Domhain na bannaí a íoc ach bhí an costas ró-ard d’Ana faoin am sin le tabhairt faoin turas.

Ar an dea-uair do Vozinha agus a mháthair, d’fhógair an Feisire Hakeem Jeffries go raibh na socruithe déanta chun víosa a fháil d’Ana chun go mbeidh sí i láthair do chluiche Rinn Verde i gcoinne Urugua Dé Domhnaigh.

Rogha cluichí Tuairisc

Virgil van Dijk. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Ísiltír v An tSualainn – Dé Sathairn, 18:00

Mar a luadh thuas, bhí an greadadh a bhuail an tSualainn ar an Túinéis sa gcéad bhabhta chomh dona sin gur briseadh bainisteoir na Túinéise as a phost agus beidh na Sualannaigh ag súil le trí phointe eile amárach agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Ísiltír.

Rinne na Sualannaigh praiseach cheart den fheachtas cáilithe agus gan ach pointe amháin faighte acu ón gcéad cheithre chluiche. Fágadh slán le Jon Dahl Tomasson agus tugadh an Sasanach Graham Potter isteach mar bhainisteoir agus tá rudaí feabhsaithe ó shin.

Gan cúil a ghéilleadh an phríomhaidhm atá ag Potter ach tá beirt naoscairí aige ar an taobh eile den pháirc, Alexander Isak agus Viktor Gyökeres, beirt a scóráil sa mbua sin ar an Túinéis.

Tabharfaidh an Ísiltír dúshlán níos mó do na Sualannaigh ná mar a thug an Túinéis. Bhí na hÍsiltírigh leamh go maith sa gcéad leath den chluiche acusan i gcoinne na Seapáine ach d’fheabhsaigh siad sa dara leath i gcluiche a chríochnaigh 2-2.

An Spáinn v An Araib Shádach – Dé Domhnaigh, 17:00

Ní den chéad uair, bhí foireann na Spáinne gan fiacail sa gcluiche sin i gcoinne Rinn Verde a chríochnaigh 0-0. Bhí an liathróid i seilbh na Spáinneach nach mór an cluiche uile agus thóg siad beagnach 30 iarracht ar chúl ach is beag acu a chuir aon stró ceart ar Vozinha ná ar chosaint Rinn Verde.

D’fheabhsaigh an Spáinn nuair a tháinig Yamine Lamal, a bhí ag teacht chuige féin ó ghortú, chun páirce agus shamhlófá go bhfeicfear réalta mhór Barcelona ón tús i gcoinne na hAraibe Sádaí Dé Domhnaigh. Ba iad Lamal agus Nico Williams, fear eile a tugadh isteach sa dara leath, a chuir gearradh i bhfoireann na Spáinne nuair a bhuadar craobh na EUROs cúpla bliain ó shin agus beidh an bheirt ag teastáil i gcoinne na hAraibe Sádaí, a raibh comhscór acu in aghaidh Uragua sa gcéad bhabhta.

An Airgintín v An Ostair – Dé Luain, 18:00

Tá a fhios ag an Airgintín an dainséar a bhaineann le foireann na hAraibe Sádaí agus na Airgintínigh cloíte sa gcéad bhabhta ag Corn an Domhain 2022. Ní raibh aon tubaiste i ndán dóibh sa gcéad bhabhta an uair seo, áfach, agus trí chúl ó Lionel Messi ag cinntiú gur chuir na curaidh tús iontach le cúrsaí.

Is beag duine a cheap ceithre bliana ó shin go bhfeicfí Messi ag imirt ag an gcomórtas seo agus é 39 bliain d’aois an tseachtain seo chugainn ach, murab ionann is leithéidí Cristiano Ronaldo leis an Phortaingéil, tá a áit ar an bhfoireann fós tuillte go maith aige. B’fhiú féachaint air a fhad is a bhíonn an deis againn.

Na cluichí atá romhainn

Dé hAoine, 19 Meitheamh

Grúpa D – Stáit Aontaithe Mheiriceá v An Astráil, 20:00
Grúpa C – Albain v Maracó, 23:00

Dé Sathairn, 20 Meitheamh

Grúpa C – An Bhrasaíl v Háítí, 01:30
Grúpa D – An Tuirc v Paragua, 04:00
Grúpa F – An Ísiltír v An tSualainn, 18:00
Grúoa E – An Ghearmáin v An Cósta Eabhair, 21:00

Dé Domhnaigh, 21 Meitheamh

Grúpa E – Ecuadór v Cúrasó, 01:00
Grúpa F – An Túinéis v An tSeapáin, 05:00
Grúpa H – An Spáinn v An Araib Shádach, 17:00
Grúpa G – An Bheilg v An Iaráin, 20:00
Grúpa H – Uragua v Rinn Verde, 23:00

Dé Luain, 22 Meitheamh

Grúpa G – An Nua-Shéalainn v An Éigipt, 02:00
Grúpa J – An Airgintín v An Ostair, 18:00
Grúpa I – An Fhrainc v An Iaráic, 22:00

Dé Máirt, 23 Meitheamh

Grúpa I – An Iorua v An tSeineagáil, 01:00
Grúpa J – An Iordáin v An Ailgéir, 04:00

Fág freagra ar 'DIALANN CHORN AN DOMHAIN: P45 faighte cheana féin, víosa Vozinha agus máistreacht Messi'