Casfaidh mná na hÉireann ar an Chasacstáin sna babhtaí leathcheannais de chluichí réitigh Chorn an Domhain 2027.
Rinneadh an tarraingt i Nyom na hEilvéise ar maidin agus foireann Carla Ward le dhá chluiche a imirt i gcoinne na Casactáine, ceann sa mbaile agus ceann as baile. Má thagann Éire slán, imreoidh siad dhá chluiche eile in aghaidh na Beilge nó in aghaidh na Polainne chun áit a bhaint amach ag Corn an Domhain, a bheidh á reáchtáil sa mBrasaíl an samhradh seo chugainn.
Chríochnaigh Éire sa tríú háit ina grúpa cáilithe, chun deiridh ar an bhFrainc agus ar an Ísiltír ach chun tosaigh ar an bPolainn. Bhuaigh Éire faoi dhó ar an bPolainn le linn an fheachtais agus bhí bua mór ag na hÉireannaigh ar an Ísiltír thíos i bPáirc Uí Chaoimh ag tús na míosa seo.
Níl dátaí na gcluichí socraithe go fóill ach imreofar na cluichí i gcoinne na Casacstáine idir 7-13 Deireadh Fómhair. Is idir 25 Samhain agus 5 Nollaig a bheidh na cluichí sa dara babhta réitigh.
Aon uair amháin atá áit bainte amach ag mná na hÉireann ag Corn an Domhain, b’in in 2023 nuair a reáchtáladh an comórtas san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. D’fhág Éire slán leis an gcomórtas théis bhabhtaí na ngrúpaí.
Beidh Éire mar rogha láidir na coitiantachta chun teacht slán ó na cluichí in aghaidh na Casacstáine, atá rangaithe sa 100ú áit ar rangú domhanda FIFA i láthair na huaire.
Beidh cluichí níos deacra rompu sna babhtaí ceannais réitigh, áfach, cé go bhfuil an Bheilg agus an Pholainn sáraithe ag Éirinn le bliain anuas.
Mar a luadh, bhuaigh Éire faoi dhó ar an bPolainn sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain mí Aibreáin, ar scór 3-2 thall i Gdansk agus 1-0 i mBaile Átha Cliath.
Mí Dheireadh Fómhair seo caite, bhuaigh Éire ar an mBeilg, 4-2, i mBaile Átha Cliath i mbabhtaí réitigh Shraith na Náisiún. Bhuaigh an Bheilg an cluiche a imríodh i Leuven 2-1 ach d’fhág an cúl a d’aimsigh Abbie Larkin ag deireadh na coimhlinte sin gur bhain Éire amach an t-ardú céime go dtí Roinn A an chomórtais.
Fág freagra ar 'Mná na hÉireann le haghaidh a thabhairt ar an Chasacstáin sna babhtaí leathcheannais réitigh do Chorn an Domhain 2027'