Tá tromlach na dtuismitheoirí i dtrí scoil sa Ghaeltacht oifigiúil a dhiúltaigh stádas mar scoil Ghaeltachta ag iarraidh go múinfí a ngasúir i nGaeilge, de réir suirbhé náisiúnta a rinne an Roinn Oideachais ar bhunscoileanna na tíre.
Tugadh an rogha do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil cur isteach ar aitheantas faoin Scéim Aitheantais Gaeltachta faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta a seoladh in 2017. Chomh maith leis sin, tugadh cuireadh go rialta ó shin do na scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar stádas Gaeltachta.
Faoin bpolasaí bhí deis ag scoileanna i gceantar Gaeltachta ina ndéantaí an teagasc i mBéarla a gcur chuige a athrú agus stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach. Chinn 101 bunscoil sa Ghaeltacht, ó cheann ceann na tíre, na critéir a leagtar síos sa Scéim Aitheantais Gaeltachta a chomhlíonadh ach bheartaigh 27 bunscoil gan an stádas a lorg.
Faoin scéim, bíonn ar scoileanna critéir áirithe a chomhlíonadh maidir le cúrsaí teanga agus tumoideachais. Ina measc, is gá go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na cumarsáide, an teagaisc agus an tsóisialaithe laistigh den scoil.
Tá easpa Gaeilge múinteoirí, agus gan aon chainteoir dúchais a bheith i gceantar na scoile, ar na cúiseanna a luaigh scoileanna áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht gan cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta.
Chomh maith le heaspa Gaeilge, luaigh scoileanna áirithe cultúr agus traidisiún fada a bheith ag teagasc trí Bhéarla i measc na gcúiseanna nach dteastaíonn uathu a bheith áirithe mar scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí na Roinne Oideachais.
Dúradh chomh maith nach raibh dóthain “muiníne” ná cumas sa Ghaeilge ag múinteoirí chun tumoideachas, atá éigeantach faoin bpolasaí, a chur i bhfeidhm.
Thug scoileanna le fios freisin nach raibh suim acu in aitheantas Gaeltachta mar nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Luadh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile.
Dúradh go raibh easpa tuisceana ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí maidir leis an luath-thumoideachas agus go raibh imní orthu go gcuirfeadh a leithéid isteach ar chaighdeán Béarla na ndaltaí.
Bhí sé ina imní chomh maith go gcuirfeadh an tumoideachas as do dhul chun cinn daltaí le riachtanais speisialta oideachais.
Bhí imní ar mhúinteoirí sna scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaltaí sa scoil dá gcuirfí an polasaí oideachais i bhfeidhm.
Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé náisiúnta ar bhunscoileanna a rinne an Roinn Oideachais, a foilsíodh ina n-iomlán an mhí seo caite, gur mhaith le tuismitheoirí i dtrí cinn de na 27 bunscoil sin go ndéanfaí an teagasc i nGaeilge sna scoileanna.
Is iad na trí scoil atá i gceist ná Scoil Cholmáin, Tuairíní, taobh amuigh de Mhaigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe; Geesala Central School i nGaoth Sáile i nGaeltacht Iorrais i Maigh Eo; agus Scoil Leitir Mhic an Bhaird i nGaeltacht na Rosann i nDún na nGall.
Thug 56% de na tuismitheoirí i Scoil Cholmáin Tuairíní le fios gur mhaith leo go mbeadh an teagasc i nGaeilge sa scoil sin; theastaigh an t-oideachas lán-Ghaeilge ó 70% de thuismitheoirí Ghaoth Sáile; agus dúirt 75% de thuismitheoirí Leitir Mhic an Bhaird gurbh fhearr leo féin dá bhfaigheadh a ngasúr tumoideachas lán-Ghaeilge.
Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an deis anois ag boird bhainistíochta sna scoileanna “a machnamh a dhéanamh” agus a bheith i measc na gcéad scoileanna le “gníomhú de réir thorthaí an tsuirbhé” agus a scoileanna a iompú ina scoileanna lán-Ghaeilge.
Molann an Roinn Oideachais do na scoileanna “tréimhse comhairliúcháin” a thionscnamh le “pobal na scoile” – Cumann na dTuismitheoirí, Comhairle na nDaltaí, foireann na scoile, agus pobal na háite ina measc – sula gcuirfí aon athrú i bhfeidhm.
Táthar ag iarraidh ar scoileanna a chur in iúl dá bpátrún agus don Roinn Oideachais faoi Oíche Shamhna na bliana seo más fúthu aon athrú a dhéanamh bunaithe ar an suirbhé. D’fhéadfadh scoil iompú ó scoil buachaillí/cailíní go scoil mheasctha nó scoil chreidimh go scoil gan chreideamh freisin.
Táthar ag iarraidh go ndéanfaidh na chéad scoileanna an t-athrú faoi thús na scoilbhliana 2027.
Bhí roinnt scoileanna eile a bhíonn ag feidhmiú trí Bhéarla sa Ghaeltacht gar go maith don 50% i dtorthaí an tsuirbhé.
Bhí dhá scoil i nGaeltacht Dhún na nGall os cionn an 40% – Scoil Mhin an Ghabhann i mBaile Láir (44%) agus Scoil Roisín ar an gClochán Liath (40%). Bhí Scoil Mhuire i Loch Chionn Caslach ar 15% agus Scoil na hAcraí in Ailt an Chorráin chomh híseal le 4%.
Ní raibh ach scoil amháin i Maigh Eo ag 40% – sin í Scoil Chill Mhór Iorrais i mBéal an Mhuirthead a raibh 40% glan de thuismitheoirí na scoile ag iarraidh an t-oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúir.
Ní raibh aon tuismitheoirí a ghlac páirt sa suirbhé in dhá scoil i nGaeltacht Mhaigh Eo ag iarraidh teanga theagaisc na scoile a athrú go Gaeilge – Achill Sound Convent i nGob an Choire agus Valley i nDumha Goirt.
Ní raibh ach 14% de thuismitheoirí san aon scoil amháin i nGaeltacht na Mí a dhiúltaigh don stádas Gaeltachta ar thóir an oideachais lán-Ghaeilge – Scoil Caitríona Naofa i mBaile Órthaí.
Bhí na céatadáin faoi bhun an 40% i ngach scoil eile nár léirigh spéis stádas Gaeltachta i nGaeltacht oifigiúil na Gaillimhe seachas Scoil Cholmáin Tuairíní. Ba iad Scoil Chláir na Gaillimhe i mBaile Chláir na Gaillimhe agus Scoil Cearn Mór ar an gCarn Mór ab airde sa chontae sin agus 28% de na tuismitheoirí ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá ngasúir iontu.
Níor dhiúltaigh aon scoil sa Ghaeltacht oifigiúil don stádas oifigiúil Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí ná Phort Láirge.
Fág freagra ar 'Tromlach na dtuismitheoirí i dtrí scoil a dhiúltaigh stádas Gaeltachta ag iarraidh an tumoideachais'