Tá formhór mór na dtuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar scoileanna Gaeltachta atá ag glacadh páirte sa Scéim Aitheantais Gaeltachta sásta leis an tumoideachas lán-Ghaeilge atá a ngasúir a fháil, de réir an tsuirbhé náisiúnta ar bhunscoileanna a rinne an Roinn Oideachais an bhliain seo caite.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí an tsuirbhé tá os cionn 50% ar a laghad de na tuismitheoirí sásta leis an gcur chuige lán-Ghaeilge i ngach scoil, cé is moite de scoil amháin i nGaeltacht Dhún na nGall – Scoil Chróine ar an gClochán Liath. De réir an tsuirbhé, b’fhearr le 81% de thuismitheoirí na scoile sin go bhfaigheadh a ngasúir a gcuid oideachais trí Bhéarla.
Bhí tacaíocht os cionn 90% don oideachas lán-Ghaeilge ag formhór na scoileanna Gaeltachta i sé cinn de na contaetha Gaeltachta. Bhí 90% nó níos mó de na tuismitheoirí sásta in 59% de scoileanna na Gaillimhe; 58% de scoileanna Chiarraí; 50% de scoileanna Chorcaí; 66% de scoileanna Phort Láirge; 60% de scoileanna Mhaigh Eo; agus 100% de scoileanna na Mí (2 scoil). Bhí 90% de na tuismitheoirí nó níos mó sásta leis an oideachas lán-Ghaeilge i 32% de scoileanna Gaeltachta Dhún na nGall.
De réir an tsuirbhé, a scaipeadh ar thuismitheoirí ag deireadh na bliana seo caite agus ar foilsíodh a thorthaí ina n-iomlán an mhí seo caite, bhí 100% de na tuismitheoirí sásta leis an oideachas lán-Ghaeilge i roinnt mhaith scoileanna Gaeltachta.
Thug 100% de na tuismitheoirí le fios i sé scoil i nGaillimh; ceithre scoil i gCiarraí; scoil amháin i bPort Láirge; dhá scoil i Maigh Eo; agus cúig scoil i nDún na nGall gurbh fhearr leo cloí leis an oideachas lán-Ghaeilge ná iompú ar an mBéarla.
Cé go raibh nach mór gach uile scoil os cionn an 50%, bhí céatadáin na dtuismitheoirí ar theastaigh uathu go n-athrófaí teanga theagaisc na scoile réasúnta ard i roinnt scoileanna Gaeltachta.
Scoil Chróine ar an gClochán Liath i nDún na nGall an scoil is mó ina bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh oideachas trí Bhéarla dá ngasúir (81%). Sa dara háit tá Scoil Bhrighde i Mionlach i nGaeltacht Oirthear na Gaillimhe (50%). Tá 45% de na tuismitheoirí i Scoil na Leanaí sa Rinn ag iarraidh teanga na scoile a athrú, agus tá an rud céanna ó 33% de thuismitheoirí Scoil Tóin na Gaoithe i Maigh Eo.
Scoil Abán Naofa i mBaile Bhuirne an scoil is lú tacaíocht i gCorcaigh ach níl ach 16% de thuismitheoirí na scoile sin ag iarraidh í a iompú ina scoil lán-Bhéarla. Is lú fós céatadán na dtuismitheoirí i scoileanna Gaeltachta na Mí atá ag iarraidh an t-oideachas lán-Bhéarla a fháil agus gan ach 6% de thuismitheoirí Scoil Ultain Naofa ar a shon sin, an céatadán is airde den dá scoil Ghaeltachta sa chontae sin.
Dónal
Cé mhéad de na scoileanna Gaeltachta go bhfuil Príomhoidí ag earcú múinteoirí gan Ghaolainn agus ag tacú le teagasc as Béarla?! De bharr easpa feasachta agus neamhaird na bPríomhoidí/Boird Bainistíochta, ar thábhacht na Gaolainne ina gcuid scoileanna, is iad na páistí atá síos leis agus iad ag cailliúint amach ar phointí bónais! B’fhiú do Tuairisc an cás seo a fhiosrú mar nach bhfuil seo á roinnt le tuismitheoirí!
Sean Grogan
Mar chainteoir Gaeilge agus mar aistritheoir atá i mo chónaí i Lucsamburg, tacaím go láidir le leathnú an oideachais trí mheán na Gaeilge. Cabhraíonn an Ghaeilge linn Éire agus a stair a thuiscint níos fearr, agus coinníonn sí beo an ceangal atá againn leis na glúnta a chuaigh romhainn. Cuireann sí go mór le saibhreas chultúr na hÉireann.
Donncha O hEallaithe
“Scoil Chróine ar an gClochán Liath i nDún na nGall an scoil is mó ina bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh oideachas trí Bhéarla dá ngasúir (81%)” de réir an taighde seo. Sa gcás sin, ceapaim go gcaithfí géilleadh do mhianta na dtuismitheoirí ACH socrú a bheith ann le mianta na dtuistí ar mhaith leo scoilíocht trí Ghaeilge a bheith ar fáil dá gcuid gasúr, tré Gaelscoil a bhunú ar an mbaile!