DIALANN TUAIRISC: Foclóir Uí Bheaglaoich fillte ar Pháras | An lá is faide sa mbliain anseo cheana féin

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Foclóir Uí Bheaglaoich fillte ar Pháras | An lá is faide sa mbliain anseo cheana féin

‘[T]he Irish Gentry have therefore Opportunities enough, still left, for recovering and preserving their Mother-Language, and consequently, are without the least colour of excuse if they shamefully continue to neglect it.’

Sin an moladh i réamhrá d’Fhoclóir Uí Bheaglaoich, a foilsíodh i bPáras sa bhliain 1732, ag údar an fhoclóra, Conchubhar Ó Beaglaoich maidir le saibhreas agus áilleacht na Gaeilge. D’impigh sé ar mhuintir na hÉireann an teanga a chaomhnú. Cháin sé an drochmheas a bhí ag réimeas Shasana ar an nGaeilge agus mhaígh sé, in ainneoin na gcéadta bliain de mheath, go raibh an Ghaeilge chomh hálainn agus chomh ceolmhar is a bhí le fáil.

“Of all the dead or living languages, none is more copious and elegant in the expression, nor is any more harmonious and musical in the pronunciation than the Irish.”

Ní raibh aon chaint chlaonta ansin aige!

Bhí súil aige go gcabhródh a fhoclóir leis an teanga a athbheochan agus lena stádas a neartú i measc mhuintir na hÉireann féin.

Ag an am, bhí ról ríthábhachtach ag Coláistí na nGael ar mhór-roinn na hEorpa i gcaomhnú léann agus litríocht na Gaeilge. Bhí Coláiste na nGael i bPáras ar an gceann ba thábhachtaí díobh agus bhí sé ina lárionad foghlama agus scoláireachta d’Éireannaigh thar lear.

Tháinig an saothar ceannródaíoch seo ar ais go dtí a áit dhúchais an mhí seo caite nuair a thug an Taoiseach Micheál Martin cuairt ar Pháras le labhairt ag an gcomhdháil ‘Tearmann thar Toinn: The Irish Language in Europe’, a d’eagraigh Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, i gcomhar leis an Centre Culturel Irlandais agus Ambasáid na hÉireann.

Roimh an gcomhdháil, bhronn sé, in éineacht le Stephanie Nic Cárthaigh, cathaoirleach Chraobh Pháras de Chonradh na Gaeilge, cóip den fhoclóir ar an Centre Culturel Irlandais, atá lonnaithe i seancholáiste stairiúil na hÉireann ar an Rue des Irlandais.

Tá scéal an fhoclóra agus a cheangal le Coláiste na nGael i bPáras á insint anois i dtaispeántas ar líne a chuir Darragh Ó Caoimh le chéile i gcomhar leis an Centre Culturel Irlandais.

Trí lámhscríbhinní, cáipéisí cartlainne agus cóipeanna den fhoclóir, léirítear stair fhoilsiú an tsaothair agus an ról a bhí ag Páras mar thearmann don Ghaeilge san Eoraip. Tá an taispeántas ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis.

Saothar mór é an foclóir féin: tá 717 leathanach ann agus ba é an chéad iarracht chuimsitheach é ar fhoclóir Béarla-Gaeilge. Chabhraigh an file agus an scoláire Aodh Buí Mac Cruitín lena réiteach agus tá dán leis san fhoilseachán freisin, ina n-iarrann sé ar uaisle na hÉireann filleadh ar theanga a sinsir.

De réir an eolais atá sa taispeántas, ba é an t-aon dán é a foilsíodh i nGaeilge san 18ú céad. Bhí dán Aodha Bhuí dírithe ar uaisle na hÉireann agus é ag iarraidh iad a ghríosú leis an nGaeilge a chosaint.

“A Uaisle Éireann áile… tréigid bhur dtromshuan…”

An lá is faide sa mbliain

B’fhéidir go gcuirfidh sé seo iontas ort. Tá a fhios agam gur chuir sé iontas agus an-iontas ormsa maidin inniu nuair a thug mé faoi deara é ar an bhféilire. Tá an lá is faide sa mbliain tagtha chugainn cheana féin, nó beidh an deireadh seachtaine seo, an Domhnach beag seo. Léigh tú i gceart é, tá an lá is faide sa mbliain tagtha cheana féin. An bhfuil tú ok? An bhfuil tú ag aireachtáil éadrom sa gcloigeann?

Tá sé togha, ní haon údar náire é sin duit. Tuigim duit. Suigh síos, éiligh ar an gcéad duine eile a shiúlfaidh tharat cupán tae a dhéanamh duit agus neart siúcra a chur ann. Níl an cath caillte fós, tá leath an tsamhraidh fágtha.

B’fhéidir gur mar gheall ar an díle mhór é atá linn sílimse ó mhí Aibreáin, b’fhéidir gur mar gheall ar na scrúduithe scoile é, b’fhéidir gur gruaimscrolláil ar Instagram ba chúis leis, ach ar chúis éigin níor airigh mé fós i mbliana go raibh an samhradh tagtha. Is dóigh nach ndearna mé suntas de na faoileáin agus iad ina suí ag a cúig ar maidin, na héin ag déanamh ceoil agus an gadhar dúisithe agus í ag iarraidh a ghabháil amach ag tafann orthu.

Cá bhfuil spiorad an tsamhraidh imithe i bhfolach? Tá mé ag éisteacht flat-out le Iarla Ó Lionáird agus Joe Éinniú ag casadh ‘Samhradh samhradh bainne na ngamhna, thugamar féin an samhradh linn’ ag súil go lasfadh sé splanc éigin ionam. Ach níor oibrigh sé fós.

Anois tá an scéal dáiríre, caithfear rud éigin a dhéanamh. Tá an cruthúnas agam, tá an samhradh tagtha agus tá sé leath bealaigh imithe arís. Má tá tú mo dhála féin agus é ag éalú tharat i ngan fhios duit, seo anois d’fhógra, éirigh agus téigh amach ag fánaíocht go beo.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Foclóir Uí Bheaglaoich fillte ar Pháras | An lá is faide sa mbliain anseo cheana féin'