DIALANN CHORN AN DOMHAIN: Na hAlbanaigh ghlóracha, anois nó riamh ag na Sasanaigh agus Ceanadach siúlach

Sa gcolún speisialta seo do Chorn an Domhain, caitear súil ar na cluichí, na himreoirí agus na heachtraí móra ó Mheiriceá Thuaidh

DIALANN CHORN AN DOMHAIN: Na hAlbanaigh ghlóracha, anois nó riamh ag na Sasanaigh agus Ceanadach siúlach

Na hAlbanaigh ghlóracha

Agus Albain ag imirt i gCorn an Domhain den chéad uair ó 1998, tá an deis tapaithe  30,000 duine dá lucht leanúna an turas anonn go Meiriceá a dhéanamh chun tacú le John McGinn, Scott McTominay agus laochra eile na tíre.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh an 30,000 sin, nó a bhformhór, i láthair i Foxborough ag an deireadh seachtaine agus Albain ag imirt in aghaidh Háítí sa gcéad bhabhta agus leagan corraitheach de ‘Flower of Scotland’ á screadach amach acu in ard a ngutha roimh an gcluiche, a bhuaigh Albain 1-0.

Tá taithí mhaith againn anseo in Éirinn ar an amhrán agus é le cloisteáil gach deireadh seachtaine le linn Chomórtas na Sé Náisiún san earrach agus cé go bhfuil go leor ann gur breá leo an t-amhrán, ní hé gach duine atá tógtha leis. Meastar go mbíonn sé rómhall agus róbhrónach agus nuair a bhí George Pear ina uachtarán ar Chumann Sacair na hAlban in 2007, dúirt sé gur ‘dirge’ a bhí san amhrán agus gur cheart fáil réidh leis. Ní eisean amháin atá den tuairim sin ach seans go bhfuil an leagan a canadh i Foxborough tar éis deireadh a chur leis an argóint sin, ar feadh tamaill eile ar aon nós.

Saineolaithe na hAfraice Theas fágtha gan focal

Más fíorú aislinge don lucht leanúna a bhí i mbua na hAlban, fíoraíodh tromluí lucht tacaíochta agus imreoirí na hAfraice Theas Déardaoin seo caite agus iad cloíte ag Meicsiceo sa gcéad chluiche den chomórtas. Chríochnaigh an cluiche  2-0 ach bhí an t-ádh ar an Afraic Theas i ndáiríre nach greadadh a fuair siad agus beirt curtha den pháirc.

Bhain an toradh agus an taispeántas stangadh as mórán, lucht anailíse SportyTV ina measc. Ní hé go ndearna Benni McCarthy, Aaron Mokoena ná Quinton Fortune aon ghaiscí móra nuair a d’imir siad don Afraic Theas ag Corn an Domhain ach bhain an taispeántas i gcoinne Mheicsiceo siar astu agus fágadh gan focal iad triúr ar feadh breis is 30 soicind ag deireadh an chluiche agus an láithreoir bocht ag iarraidh míniú a fháil ar céard ba chúis leis an teip.

Imreoirí le súil a choinneáil orthu

Luka Vušković (An Chróit)

Is ag an Chróit atá an scuad is sine ag Corn an Domhain 2026 ach is acusan atá imreoir a mheastar ar dhuine de na déagóirí is fearr sa gcomórtas chomh maith. Ní raibh Luka Vušković ach sé bliana déag d’aois nuair a d’imir sé a chéad chluiche do Hajduk Split agus bhí sé ag imirt d’fhoireann na Cróite cúpla bliain ina dhiaidh sin. Níl sé ach 19 go fóill ach tá sé láidir agus bíonn sé cruinn nuair a bhíonn an liathróid á tabhairt uaidh aige. Bhí sé ar fheabhas do Hamburg sa Bundesliga anuraidh agus é ar iasacht ó Tottenham agus gheobhaidh sé a sheans le Spurs nuair a fhillfidh sé i ndiaidh an chomórtais.

International Friendly, Stade Saputo, Montréal, Québec, Canada 6/6/2026
Canada vs Republic of Ireland
Ismaël Koné of Canada in action with Ireland’s Troy Parrott
Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne

Ismaël Koné (Ceanada)

Inniu breithlá Ismaël Koné agus cé nach bhfuil sé ach 24 bliain d’aois is mór atá siúlta aige san achar sin. Is sa Chósta Eabhair a rugadh Koné ach bhog sé go Ceanada lena mháthair nuair a bhí sé 7 mbliana. Thosaigh sé amach ag imirt le CF Montréal i gCeanada ach tá sealanna caite aige le Watford i Sasana, le Marseille agus Rennes sa bhFrainc agus le Sassuolo san Iodáil ó shin. Imreoir lár páirce lán le fuinneamh agus d’fhéadfadh go mbeadh sé ar an mbóthar arís má éiríonn go maith leis as seo go ceann cúpla seachtain.

Rogha cluichí Tuairisc

An Fhrainc v An tSeineagáil – De Máirt, 20:00

Is é seo an dara huair ag na tíortha seo aghaidh a thabhairt ar a chéile ag Corn an Domhain agus an chéad chluiche eatarthu 24 bliain ó shin ar cheann de na cinn is cáiliúla i stair an chomórtais. Ba iad na Francaigh a bhuaigh nuair a chasadar ar a chéile i Súl sa gcéad chluiche i gcomórtas 2002. Ba iad muintir na Seineagáile a bhí ag ceiliúradh ag an deireadh áfach agus cúl Papa Bouba Diop ag scaradh na bhfoirne. Níor tháinig na Francaigh chucu féin ina dhiaidh sin agus iad díbeartha ón ngrúpa.

Bhí Didier Deschamps, captaen buacach 1998, éirithe as a bheith ag imirt leis an bhFrainc faoin am sin ach tá sé anois i gceannas ar fhoireann a bhain an cluiche ceannais amach le dhá chomórtas anuas agus an chreach tugtha leo acu tar éis ceann 2018. Is ag an bhFrainc atá an bhuíon tosaithe is fearr sa gcomórtas – Kylian Mbappé, Ousmane Dembéle, Rayan Cherki, Désiré Doué, Michael Olise agus Bradley Barcola ina measc – ach caithfidh Deschamps, fear a bhfuil cáil an choimeádachais air, iad a thabhairt le chéile.

Is é Sadio Mané réalta mór na Seineagáile go fóill ach níl foireann Pape Thiaw ag brath go hiomlán airsean, ná baol air, agus Ismaila Sarr agus Nicolas Jackson taobh le Mané i measc na dtosaithe. Bhuaigh an tSeineagáil Corn na Náisiún Afracach ag tús na bliana, cé gur baineadh an chraobh díobh go conspóideach, agus leathshúil acu ar an ngaisce a rinne laochra 2002, a bhain na babhtaí ceathrú ceannais amach, a shárú.

Sasana v An Chróit – Dé Céadaoin, 21:00

Arb í seo an bhliain? Sin í an cheist a chuirtear arís agus arís eile nuair a bhíonn foireann Shasana ag fáil réidh do mhórchomórtas agus ‘ní hí’ an freagra a bhí uirthi chuile uair ó 1966. Is annamh a bhíodh daoine faoi gheasa ag foirne Gareth Southgate ach níl aon amhras ach go ndearna Sasana dul chun cinn faoina stiúir. Tugadh isteach Thomas Tuchel mar chomharba ar Southgate chun an chéim dheireanach sin a thógáil.

Tá cáil ar an nGearmánach as plean ar leith a chur le chéile chun an ceann is fearr a fháil ar an bhfreasúra agus as a chumas athruithe chun feabhais a dhéanamh le linn cluichí. Tá cinntí móra déanta aige cheana féin agus leithéidí Phil Foden agus Cole Palmer fágtha ar leataobh ach tá scuad láidir roghnaithe go fóill, cé go mbeidh Tuchel agus Sasana ag brath go mór ar Harry Kane chun deiseanna a chruthú agus a scóráil.

Chríochnaigh an Chróit sa dara háit ag Corn an Domhain 2018 agus sa tríú háit ceithre bliana ó shin i gCatar agus réalta móra na bhfoirne sin i lár an aonaigh. Tá an dá scór sroichte ag Luka Modrić agus tá Ivan Perišić (37), Andrej Kramarić (beidh sé 35 Dé hAoine) agus Mateo Kovačić (32) chomh tábhachtach is a bhí riamh. Chaith Kovačić agus Joško Gvardiol cuid mhaith den séasúr sínte le gortuithe ach beidh siad ag teastáil más le foireann seo na Cróite tabhairt faoi iarracht amháin eile ag Corn an Domhain.

An tSeicia v An Afraic Theas – Dé hAoine, 17:00

Cluiche é seo do na hÉireannaigh nach bhfuil aon fhaitíos orthu roimh umar na haimléise. Na Seicigh ar ndóigh a bhuaigh orainn sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain agus ní féidir breathnú orthu thall gan a bheith ag smaoineamh ar cén chaoi a n-éireodh le foireann na hÉireann dá mbeadh sí ann ina n-áit.

Ní raibh cuma rómhaith ar an tSeicia sa chluiche a chaill siad 1-2 in aghaidh na Cóiré Theas, cé gur aimsigh Ladislav Krejčí cúl a bhí an-chosúil leis an gceann a d’aimsigh sé i gcoinne na hÉireann i bPrág. Nach muide in Éirinn a bheadh ag súil go mór le cluiche i gcoinne na hAfraice Theas, a bhí níos measa fós in aghaidh Mheicsiceo sa gcéad bhabhta, ach is anseo sa mbaile atá muid, faraor géar.

Na cluichí atá romhainn

Dé Máirt, 16 Meitheamh

Grúpa I – An Fhrainc v An tSeineagáil, 20:00
Grúpa I – An Iaráic v An Iorua, 23:00

Dé Céadaoin, 17 Meitheamh

Grúpa J – An Airgintín v An Ailgéir, 02:00
Grúpa J – An Ostair v Iordáin, 05:00
Grúpa K – An Phortaingéil v Poblacht Dhaonlathach an Chongó, 18:00
Grúpa L – Sasana v An Chróit, 21:00

Déardaoin, 18 Meitheamh

Grúpa L – Gána v Panama, 00:00
Grúpa K – An Úisbéiceastáin v An Cholóim, 03:00
Grúpa A – An tSeicia v An Afraic Theas, 17:00
Grúpa B – An Eilvéis v An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, 20:00
Grúpa B – Ceanada v Catar, 23:00

Dé hAoine, 19 Meitheamh

Grúpa A – Meicsiceo v An Chóiré Theas, 02:00

Fág freagra ar 'DIALANN CHORN AN DOMHAIN: Na hAlbanaigh ghlóracha, anois nó riamh ag na Sasanaigh agus Ceanadach siúlach'