Togra mac léinn faoi pholasaí poiblí Gaeilge san iomaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta sa tSín

Roghnaíodh an togra ‘Gaeilge Beo’ as 1,500 iarratas i gComórtas Domhanda um Nuálaíocht san Fhorbairt Dhomhanda is Beartas Poiblí a bheidh ar siúl i mBéising mí Iúil

Togra mac léinn faoi pholasaí poiblí Gaeilge san iomaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta sa tSín

Tá áit bainte amach ag grúpa mac léinn as Éirinn sa mbabhta ceannais i gcomórtas idirnáisiúnta don pholasaí poiblí teanga a cheap siad tar éis dóibh taighde a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i gcontae na Gaillimhe.

Beidh Lucas Spicer, Tadhg Plunkett, Simon Madden, Szymon Standa, agus Wojciech Karatysz ag taisteal chun na Síne an mhí seo chugainn le páirt a ghlacadh i gComórtas Domhanda don Óige um Nuálaíocht san Fhorbairt Dhomhanda is Beartas Poiblí a bheidh á óstáil in Ollscoil Renmin i mBéising.

Bhí 1,500 togra istigh ar an gcomórtas idirnáisiúnta agus bhí an togra a rinne na mic léinn as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar na 15 thogra a roghnaíodh don bhabhta ceannais.

Ba é mórthéama an chomórtais ‘caomhnú agus cosaint na féiniúlachta cultúrtha’. Cé nach cainteoirí Gaeilge iad ceachtar de na fir óga a bheidh ag dul anonn chun na Síne, dúirt Lucas Spicer, ceannaire na foirne, gur aithin siad an luach cultúrtha a bhain leis an nGaeilge agus bheartaigh siad a dtogra a bhunú ar úsáid na teanga.

Rinne na mic léinn taighde i lár chathair na Gaillimhe, i gceantar lag Gaeltachta Chnoc na Cathrach agus Bhearna, agus i “gcroílár na Gaeltachta” timpeall an Spidéil i gCois Fharraige faoi nósanna labhartha Gaeilge.

Dúirt 90% de na daoine a ghlac páirt sa taighde go raibh cumas éigin sa Ghaeilge acu, ach níor thug ach 8% le fios go labhraíonn siad an teanga go laethúil. Mhaígh 58% acu gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt níos minice agus dúirt 62% go dtugtar freagraí i mBéarla orthu nuair a dhéanann siad iarracht an Ghaeilge a labhairt.

Maíonn na mic léinn go léirítear i dtorthaí a gcuid taighde gur “fadhb pholasaí” atá ag cur bac ar labhairt na Gaeilge i gcontae na Gaillimhe ach gur fadhb í is féidir a réiteach.

“Ní hé nach bhfuil Gaeilge ag daoine. Is é an chaoi nach labhraíonn í mar gheall go ndéanann an timpeallacht laethúil ina mbíonn siad an gníomhachtú deacair, baolach go sóisialta, nó dofheicthe mar rogha,” a dúradh sa tuarascáil a scríobh siad.

Frítheadh sa taighde go bhfuil ceithre mhórchúis ann nach mbaineann daoine i gcontae na Gaillimhe úsáid as an nGaeilge atá acu. Ba í an phríomhchúis a labhraíonn daoine Béarla in áit Gaeilge ná go bhfreagraítear daoine a thosaíonn comhráite i nGaeilge i mBéarla agus “neartaíonn” an cleachtas seo an Béarla mar “réamhshocrú sóisialta” in intinn na ndaoine. Moltar sa tuarascáil polasaí a chur i bhfeidhm ina leagfaí an fhreagracht ar “sholáthróirí seirbhísí” comhráite a thosú i nGaeilge.

Frítheadh sa suirbhé freisin go bhfuil fadhb ann sa nasc idir an córas oideachais agus an saol taobh amuigh de.

“Tá soláthar Gaeilge ann sa luathoideachas, sna scoileanna, agus sa phobal, ach níl ceangal eatarthu agus tá an baol ann go gcaillfí cainteoirí ag na hidirchriosanna idir na suíomhanna sin,” a dúradh sa tuarascáil.

Rinneadh taighde chomh maith ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta agus chonaic na taighdeoirí go mbíonn “iarracht níos mó” le déanamh ag cruthairí ábhair a bhíonn ag iarraidh ábhar a chruthú i nGaeilge. Dúradh freisin nach mbíonn an oiread céanna daoine ag breathnú ar ábhar i nGaeilge agus go n-iompaíonn cruthairí ábhair ar an mBéarla dá bharr sin.

Dúirt duine amháin de na cruthairí a cuireadh faoi agallamh go dtógann sé a thrí oiread níos mó ama postáil i nGaeilge a chruthú do na meáin shóisialta mar go mbítear ag súil le fotheidil ar an ábhar.

Ar deireadh, frítheadh go mbíonn dúshlán ar leith ag roinnt tuismitheoirí an teanga a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile mar gheall ar bhrúnna eile an tsaoil.

Moltar sa tuarascáil polasaí nua teanga do chontae na Gaillimhe, polasaí a chuirfí i bhfeidhm i dtrí Limistéar Pleanála Teanga: Conamara Láir (a shainítear mar cheantar láidir Gaeltachta), Maigh Cuilinn (a shainítear mar ‘idirchrios’ teanga), agus Oirthear Chathair na Gaillimhe (a shainítear mar cheantar lag Gaeltachta).

Chruthófaí ról nua mar ‘chomhordaitheoir gníomhachtaithe’, a bheadh difriúil ó na hoifigigh pleanála teanga atá ann cheana féin, leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm sna trí cheantar. Moltar freisin ‘oibrí pobail’ a fhostú le dul ag obair go sonrach le teaghlaigh óga lena chinntiú go dtugtar tacaíocht dóibh an Ghaeilge a roghnú mar theanga an tí – go háirithe i dtithe nach bhfuil an teanga ag duine de na tuismitheoirí.

Tá moltaí freisin ann faoi sheirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil don ghlúin óg idir 16-25 bliain d’aois i ngach ceantar a chruthódh deiseanna an teanga a labhairt go sóisialta seachas i “suíomhanna institiúideacha amháin”.

Pléadh seirbhísí i nGaeilge sa tuarascáil freisin, agus léiríodh sa taighde gur bhraith 44% de na daoine a ghlac páirt inti gur annamh a bhí seirbhísí ar fáil i nGaeilge gan sin a iarraidh. Maíodh gur “bac” é seo ar labhairt laethúil na Gaeilge sa chontae.

Thug na taighdeoir cuairt ar chaifé ina raibh comharthaíocht dhátheangach ann ach nár tairgeadh seirbhís i nGaeilge gan iarraidh. Níor tharla ach aon chomhrá amháin idir custaiméir agus foireann an chaifé i nGaeilge, nuair a thosaigh an custaiméir féin an comhrá. Déantar roinnt moltaí eile sa tuarascáil le dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus cinn eile a aithníodh sa taighde.

Dúirt ceannaire na foirne taighde, Lucas Spicer, le Tuairisc go raibh iontas ar a fhoireann gur roghnaíodh a dtogra as 1,500 iarratas le dul anonn go dtí an tSín don bhabhta ceannais ar an 19 Iúil.

Beidh na mic léinn ag taispeáint a gcuid taighde agus an polasaí poiblí a d’eascair as do mholtóirí an chomórtais in Ollscoil Renmin agus súil acu an phríomhdhuais a thabhairt leo.

Casfaidh siad leis an Ambasadóir Nicholas O’Brien i mBéising lena dtogra a phlé agus tá cruinnithe socraithe cheana féin acu le hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus leis an Aire Stáit don Ard- agus Breisoideachas, James Lawless, in Éirinn.

Fág freagra ar 'Togra mac léinn faoi pholasaí poiblí Gaeilge san iomaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta sa tSín'