Tá rabhadh tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do shnámhaithe i nGaeltacht Chois Fharraige gan dul ag snámh ag Trá na mBan sa Spidéal mar gheall ar bhaictéir chontúirteacha a bheith san fharraige ansin.
Tá cosc ar shnámh mar gheall ar an leibhéal ard den bhaictéar Enterococci a aimsíodh i sampla den sáile a tógadh ag Trá na mBan ar an 27 Iúil. Deir an Chomhairle nach fios go fóill céard ba chúis leis an mbaictéar a bheith san fharraige ann ach go “ndéanfar an scéala a fhiosrú tuilleadh”.
Deirtear ar an suíomh MapAlerter, trína gcuireann an Chomhairle rabhaidh amach, go meastar go ndeachaigh caighdeán an uisce in olcas ag Trá na mBan mar gheall ar “sceitheadh séarachais ó ionad cóireála dramhuisce”.
Is iondúil gurb iad an dá bhaictéar E. faecalis agus E. faecium a dhéanann snámhaithe tinn. Níl aon eolas tugtha ag an gComhairle faoin gcineál Enterococci a fuarthas sa Spidéal, áfach. D’fhéadfadh go mbeadh ionfhabhtú i gconair an fhuail, endocarditis, bacteremia, nó ionfhabhtuithe eile mar thoradh ar shlogadh an bhaictéir.
Maíonn an Chomhairle gur “eachtra ghairid” a bheidh i gceist agus nach mbeidh an cosc i bhfeidhm níos faide ná “seacht lá ar a mhéad”. Eisíodh an rabhadh ar an 29 Iúil. Tógadh samplaí breise den sáile an lá sin agus táthar ag fanacht ar thorthaí na tástála a rinneadh orthu anois. Cuirfear “tuilleadh comhairle” ar fáil do shnámhaithe “nuair a gheofar na torthaí sin”.
Bronnadh an Bhratach Ghorm ar thrá Chéibh an Spidéil, trá atá an-ghar do Thrá na mBan, den chéad uair ó 2012, anuraidh. Bhí trá aitheanta Ghaeltachta fágtha gan an bhratach, a bhronntar ar thránna atá thar a bheith glan agus sábháilte, le trí bliana déag mar gheall ar dhroch-chaighdeán an tsáile ann, i measc rudaí eile.
Dúirt an Comhairleoir Contae Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire le Tuairisc gur “drochscéala don Spidéal” a bhí ann go raibh cosc curtha ar an snámh sa bhaile beag Gaeltachta agus go raibh súil aige go bhfaigheadh an Chomhairle Chontae “an lámh in uachtar” ar an bhfadhb go luath.
Eisíodh rabhaidh do shnámhaithe ag Trá na mBan in 2017, 2020 agus faoi dhó in 2022. Ba é 2025 an chéad bhliain a raibh caighdeán maith uisce ag Trá na mBan ó bhí 2018 ann. Thug an EPA rabhadh do dhaoine in 2024 gan dul ag snámh ar an trá mar gheall ar dhroch-chaighdeán an uisce.
Tá ionad cóireála fuíolluisce a tógadh ar an Spidéal chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe uisce ag feidhmiú ó dheireadh 2023 agus aithníodh i dtuarascáil na bliana 2024 go raibh cúrsaí feabhsaithe dá bharr.
Cuireadh Trá na mBan i gcatagóir sealadach ‘Athraithe’ i dtuarascáil an EPA an samhradh seo caite mar léiriú ar bheartais ar leith atá curtha i bhfeidhm chun caighdeán an uisce ansin a fheabhsú. Táthar ag
Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha gan snámh sa Spidéal mar gheall ar sceitheadh séarachais'