Tá Conradh na Gaeilge agus grúpaí Gaeltachta ag iarraidh go dtabharfaí aghaidh go práinneach ar na “lochtanna suntasacha” atá sa Dréacht-Ráiteas Pleanála don Ghaeltacht a foilsíodh le gairid.
D’fhoilsigh an rialtas an dréacht-phlean ag deireadh na míosa seo caite, plean atá curtha le chéile ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun dul i ngleic le cúrsaí pleanála faoin tuath agus sa nGaeltacht.
De réir an ráitis is tréimhse cúig bliana seachas deich mbliana a chaithfidh an cainteoir Gaeilge cónaí i gceantar Gaeltachta chun riachtanas áitiúil tithíochta a chruthú. Deirtear chomh maith sa ráiteas go mbeidh cead ‘saorghluaiseachta’ ag cainteoirí Gaeilge Gaeltachta idir ceantair éagsúla Gaeltachta.
Níl leithéidí Conradh na Gaeilge ná an brúghrúpa Bánú sásta a bheag nó a mhór leis an bplean atá beartaithe, áfach. Deirtear i ráiteas go bhfuil forálacha áirithe sa bplean “lochtach”, “díobhálach” agus go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” acu ar chosaint na Gaeilge sa nGaeltacht.
Níltear sásta, mar shampla, go ndéanfar laghdú ar thréimhse feidhme chlásálacha teanga ar thithe sa nGaeltacht ó 15 bliain go dtí 10 mbliana faoin bplean nua. Thiocfadh laghdú chomh maith ar chéatadán na dtithe i bhforbairtí tithe sa nGaeltacht a chaithfí a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Tá doiléire ann chomh maith faoi threoir nár cheart cead pleanála a thabhairt sa nGaeltacht do shuíomh atá níos faide ná trí chiliméadar ón áit a bhfuil cónaí ar an iarratasóir.
Tá soiléiriú iarrtha ag Tuairisc ar an Roinn Tithíochta maidir leis an gcoinníoll 3km sin ach ní raibh a leithéid faighte againn agus an scéal seo á scríobh.
Tá Conradh na Gaeilge, Bánú agus Tinteán ag iarraidh go bhfaighfear réidh ar fad leis an gcoinníoll 3km do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. Táthar freisin ag iarraidh go bhfanfadh an tréimhse feidhme do chlásal teanga ag 15 bliain ar a laghad, mar atá sna pleananna forbartha ag na húdaráis áitiúla sna contaetha Gaeltachta faoi láthair.
Éilítear chomh maith nach mbeidh aon chúlú ann ó thaobh chéatadán na dtithe i bhforbairtí tithíochta a bhíonn le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Faoin gcur chuige sa ráiteas, mar shampla, chuirfí 54% de thithe ar leataobh i bhforbairtí tithíochta i gceantar Chois Fharraige, i nGaeltacht Chonamara, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Faoin bpolasaí atá i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair is gá 80% de thithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta i gCois Fharraige.
Tá Conradh na Gaeilge, Bánú agus Tinteán ag iarraidh go gcuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin ar an dréachtráiteas roimh dheireadh na míosa seo.
Deir Maitiú de Hál, urlabhraí Tinteán, go gcaithfidh pobal na Gaeltachta a bheith páirteach in aon chinneadh a bhaineann léi.
“Tá na ceantracha Gaeltachta á mbánú le blianta anuas ag córas atá lochtach agus nach bhfreastalaíonn go cothrom ar an phobal Gaeltachta mar phobal tuaithe teanga. Ní chabhródh an Ráiteas seo leis an scéal in aon chor ach a mhalairt — déanfaidh sé tuilleadh damáiste.
“Táimid ag éileamh ar an Rialtas éisteacht linn agus go mbeidh comhairliúchán déanta air seo – mar a bhí geallta ón tús.”
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Bánú gur gá na cosaintí don Ghaeilge sa gcóras pleanála a láidriú seachas a dhéanamh níos laige, mar atá déanta sa dréacht-ráiteas, dar leis.
“Is deacair a thuiscint cén chaoi ar ghlac Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, leis an Ráiteas Pleanála seo, a bhaineann an ghaoth as seolta an Phróisis Pleanála Teanga i gcuid mhaith ceantair Ghaeltachta, agus a chuireann lagmhisneach ar dhaoine ar chás leo an Ghaeilge.
“Má tá an Rialtas dáiríre mar gheall ar an Ghaeilge a chaomhnú is a neartú mar theanga an phobail sa mhéidín bheag den tír ina bhfuil sí á labhairt, ní mór aisghairm a dhéanamh ar an gcuid dhó a bhaineann leis an nGaeltacht go dtí go mbeidh comhairliúchán déanta le pobail na Gaeltachta agus meastachán déanta ag saineolaithe ar an bpleanáil teanga ar na bearta atá ann.”
Fág freagra ar 'Comhairliúchán ag teastáil ‘go práinneach’ faoi bheartais pleanála a dhéanfaidh ‘dochar agus díobháil’ don Ghaeltacht'