AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 

Ar eagrán na seacthaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’, cuireann an t-iar-fheisire Eorpach Liadh Ní Riada síos ar a saol sa pholaitíocht, a hóige i nGaeltacht Mhúscraí, agus na rudaí a mbaineann sí sásamh anois astu 

AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 

Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid.

Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís.

Labhair sí le Helen faoina hóige i nGaeltacht Mhúscraí, áit ar fhás sí aníos ina dílleachta tar éis bhás a hathar Seán agus í ceithre bliana d’aois agus bás a máthar Ruth agus í deich mbliana d’aois.

I measc na n-ábhar cainte a bhí ag Helen agus Liadh bhí an iarracht a thug Liadh faoi Áras an Uachtaráin in 2018, ar ‘botún’ é dar léi féin, na deacrachtaí a bhíonn ag polaiteoirí ban i saol na polaitíochta agus saol an teaghlaigh a láimhseáil in éindí, agus an lorg a d’fhág a hathair mór le rá ar a saol.

Tá Liadh ar a suaimhneas anois agus í ina bainisteoir ar an Ionad Cultúrtha ina ceantar dúchais. Agus an t-ionad ar sos samhraidh, caithfidh sí a cuid ama lena muintir sa bhaile nó ag snámh san fharraige i gCorca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ '