Micí Sheáin Néill Ó Baoill.
Eag. An tAthair Seosamh Mag Uidhir.
Ealaín le Rowel Friers.
Éabhlóid 2026, an dara heagrán [1956]
Tionscnamh an athar Mhig Uidhir a d’fhág an leabhar seo i gcló an chéad lá riamh, 70 bliain ó shin cothrom an ama seo, in eagrán tanaí faoi chlúdach bog gorm sa tseanchló agus an prionta dlúth go maith ar an leathanach.
A mhalairt sin don eagrán úr seo a bhfuil clúdach crua air, atá sa chló Rómhánach agus spásáil na bhfocal leagtha amach ar dhóigh a mheallas an tsúil agus a spreagfas fonn léitheoireachta. Seod deartha agus clóchuradóireachta araon atá i gceist.
Mar leabhar scoile a cuireadh amach í do dhaltaí Gaeilge sna sé chontae agus ba mhaith a d’fhreastail sí ar an riachtanas sin. Déarfadh duine go bhfuil ré na seanscéalta thart, b’fhéidir, ach is amaideach an breithiúnas é sin agus a bhfuil ag tarlú i bpolaitíocht an domhain faoi láthair, caolchúis na taidhleoireachta caite i leataobh agus sáraíocht na gcartún i réim.
Má tá fathaigh agus cailleacha sna seanscéalta is ón tsaol iarbhír a tarraingíodh iad agus tá a macasamhail faoi lánseol arís shílfeá. Níl nádúr an fhathaigh nó na caillí i bhfad síos i sceadamán an duine uilig go léir, agus is maith an tuigbheáil a bhí ag síceolaithe mar Freud agus Jung air sin.
Deich scéal a cnuasaíodh sa bhailiúchán scéalta seo agus mar a deir Jim McCloskey ina réamhrá eolgaiseach ealaíonta léiríonn siad scóip na scéalta a bhí ag Micí Sheáin Néill Ó Baoill, scéalaí aitheanta de chuid Rann na Feirste.
Is léir gur roghnaíodh na scéalta le go mbeadh éagsúlacht ábhair agus eachtraí iontu. Seanscéal Fiannaíochta é an chéad cheann, An Óige, An Saol Mór agus an Bás, a bheas ar eolas go maith acu siúd a bhfuil cleachtadh acu ar chomórtais scéalaíochta an Oireachtais.
Bailíodh corradh le 90 leagan den scéal seo ar fud na hÉireann agus tá leaganacha éagsúla de le fáil sa tseanlitríocht chomh maith agus i measc sagas na hÍoslainne. Ní scéal gaisce amach is amach é, ach ceann a chuirtear i gcatagóir na scéalta faoi Bhruíonta – dúnta nó caisleáin dhraíochta.
Ceann eile a mbeidh eolas ag léitheoirí Tuairisc air seans Giolla na mBréag. Tá leagan breá den scéal seo taifeadta ag Tom Pheaidí Mac Diarmada agus is féidir comparáid a dhéanamh idir leagan Mhicí agus leagan Tom ar an ábhar go bhfuil leagan Mhic Diarmada le fáil.
Scéal maith eile é An Fear a Raibh Fios Aige, a bhfuil an greann chun tosaigh ann agus culaith na réaltachta agus na comhaimsire air lena chur in iúl don éisteoir. Tá amaidí agus éadroime san iarracht seo a chuirfeadh deartháireacha Marx i gcuimhne do dhuine.
Scéal stairiúil é An Scracadh a bhí in Ó Dónaill a ndeir Jim McCloskey faoi, “ní cuntas stairiúil atá i scéal an leabhair seo…cé go bhfuil na bunfhíricí cruinn go leor. Ach cumtar as buneilimintí na staire sin, scéal álainn laochais atá gonta diamhair agus coscarthach.”
Seachas na scéalta féin, tá an teanga ina n-insítear iad a bhéarfas lán a sáith d’fhoghlaimeoirí, agus go deimhin do chainteoirí dúchais, de ghnásanna cainte agus de sheanfhocail a rachas chun tairbhe dá gcuid Gaeilge. Scéalta iad seo a bhfuil clár mín curtha ag an insint orthu agus a sheasas go lonrach astu féin os comhair an léitheora. Cuireann siad an léitheoir faoi gheasa ar dtús agus ag machnamh ina dhiaidh sin. Tá doimhneacht iontu nach léir ar an chéad léamh.
Tá moladh mór ag dul do Éabhlóid agus do Sheanchas Sheáin Néill a chuir an tionscadal seo chun cinn. Le leabhar breá Chaitlín Mhic Niallais Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill Uí Bhaoill agus le leabhar Chathal Poirtéir Micí Sheáin Néill, Scéalaí agus Scéalta, tá an corpas scéalta agus an bonn critice atá againn le staidéar a dhéanamh ar scéalta Mhicí ag leathnú leis agus is díol mór gairdis é sin.
Fág freagra ar 'Scéalta a chuirfidh an léitheoir faoi gheasa ar dtús agus ag machnamh ina dhiaidh sin'